Joanne Hogg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Joanne Hogg
Joanne Hogg.jpg
Saol
Eolas breitheAn Baile Meánach, 20ú haois
NáisiúntachtTuaisceart Éireann
Oideachas
Alma materOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmceoltóir
Uirlis cheoilceol gutha
Discogs ID294361

Is amhránaí agus ceoltóir Éireannach í Joanne Hogg leis an mbanna Iona.

Rugadh Hogg i dTuaisceart Éireann. Tá cáil uirthi mar an phríomhamhránaí agus scríbhneoir amhrán sa ghrúpa Ceilteach/poip/raic, Iona (atá ainmnithe i ndiaidh Oileán Íona).

Is as clann ina bhfuil an-suim sa leigheas í agus mar sin, thosaigh sí féin ag traenáil chun a bheith ina dochtúir.

Chuaigh Hogg go dtí Béal Feirste chun staidéar a dhéanamh ar leigheas. Nuair a bhí sí sa tríú bhliain, chan sí in Ocáid Talann na nEalaíontóirí Críostaí agus tarraingíodh aird uirthi ansin. Chaith sí seal ag obair don eagraíocht, Youth for Christ, sa Danmhairg.

Thosaigh sí ag obair mar dhochtúir i mBéal Feirste. Ach sa bhliain 1988, tugadh cuireadh di grúpa ceoil, "Iona" a bhunú le Dave Fitzgerald agus Dave Bainbridge. D’éirigh sí as a post mar dhochtúir. Ó shin, tá Joanne ag canadh ar fud na Eorpa agus Mheiriceá Thuaidh.

Diosclista[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a cuid dioscaní féin déanta ag Hogg chomh maith:

Usáideadh a glór sna cluichí ríomhaire Xenogears (don Sony Playstation) agus Xenosaga (don Sony Playstation 2).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]