Enya

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Enya
Enya (Eithne ni Bhraonain), 2022.jpg
Saol
Ainm iomlánEithne Pádraigín Ní Bhraonáin
Eolas breitheGaoth Dobhair, 17 Bealtaine 1961 (61 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Muintir
AthairLeo Ó Braonáin
Siblíní
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí, cumadóir amhrán, cumadóir, pianódóir agus ealaíontóir taifeadta
Duaiseanna
[[]]  (2002)
Daoine le tionchar air/uirthiBrian Eno
BallraíochtClannad
SloinnteEnya
Gluaiseacht ealaíneceol na hAoise Nua
ceol Ceilteach
Cineál guthameánsoprán
Uirlis cheoilpianó
ceol gutha
Lipéad ceoilWarner Music Group
IMDbnm0258216
enya.com
Discogs ID9807
Instagramofficial_enya
Twitterofficial_enya

Is ceoltóir as Gaoth Dobhair, Tír Chonaill í Eithne Ní BhraonáinEnya (rugadh 17 Bealtaine 1961). Tá clú domhanda uirthi mar gheall ar an bhfuaim neamh-ghnáth atá ina cuid ceoil agus tá beagnach 80 milliúin ceirníní díolta aici ar fud na cruinne.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba as Gaoth Dobhair agus Contae Shligigh dá muintir. Bhí clú agus cáil ar bhaill eile den teaghlach agus iad sa ghrúpa Clannad. Chaith Enya seal gearr ina ball den ghrúpa, agus bhí an-chion ag an lucht éisteachta uirthi i gcoirmeacha ceoil, agus chuaigh sí leo ar chúpla camchuairt san Eoraip. D'éirigh sí Clannad chun gairm a dhéanamh di féin san amhránaíocht chlasaiceach.

Tógadh i nGaeltacht Dhún na nGall í agus tá Gaeilge aici ón gcliabhán. D'aistrigh sí go Baile Átha Cliath de bharr easpa áiseanna ina ceantar dúchais. Tá sí ina cónaí faoi láthair i gcaisleán i gCill Iníon Léinín ar an dtaobh ó dheas den chathair. Tá ceithre dhuais Grammy bainte ag Enya, níos mó ná ceoltóir aonar ar bith eile as Éirinn.

Bíonn sí ag obair le Nicky Ryan agus an scríbhneoir amhrán Roma Ryan. Bhí Nicky ina bhainisteoir ar Clannad sular chaill sé a phost i ndiaidh troid a thoiseacht, mar adúirt sé féin ar Good Morning America, seans mhór faoi thaisme.

I 2005 tháinig albam de chuid Enya amach, Amarantine. Albam den chéad scoth a bhí ann, agus díoladh 7 milliún cóip de agus tá ag éirí go maith le albam nua s'aici And Winter Came....[1]

Dioscaliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Clannad[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Crann Úll (1980)
  • Fuaim (1981)

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Reuters | Breaking International News & Views" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-10-18.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]