Baile na nGallóglach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search


Baile na nGallóglach
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra (2016) 1,037
Airde: 68m
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Is baile é Baile na nGallóglach (Bearla: Milford) atá suite ó thuaidh de Leitir Ceanainn.  Is iad Ráth Mealtain, Cill Mhic Réanáin, Ráth an Mhuilinn agus An Cheathrú Chaol na bailte atá lonnaithe i limistéar Baile na nGallóglach. Tógadh an baile in aice le Bá mór An Mhaoil Rua (Bearla: Mulroy Bay). Tá dhá loch freisin súite in aice leis an bhaile, Loch Fearna agus Loch Caol.

Bunaíodh an baile seo san ochtó haois déag, agus b’iad baill de theaghlagh Climéis a bhunaigh é.

Stair agus Suíomhanna Stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciallaíonn an logainm Baile na nGallóglach i mBéarla (Town of the Gallowglasses). Ba shaighdiúrí turastail den scoth iad na gallóglaigh (Bearla: Anglicised gallowglass) á tháinig clann na Lochlannach Gaelach in Albain idir lár an tríú haois déag agus deireadh an séú haois déag. Tharla cath idir na hÉireannaigh (chabhraigh an gallóglaigh leis) agus na Sasanaigh ar chnoc sa Choil an Cratlaigh ar imeall an bhaile. Is é seo an áit a thagann an logainm ‘Baile na nGallóglach


Na Gallóglaigh

An Lá Aonach[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an Plandáil Uladh leithdháileadh an bhaile agus an dúiche máguaird ar Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1713 scríobh muintir na háite litir chuig Choláiste na Tríonóide iarratas a dhéanamh le cead a fháil aonach a eagrú i mBaile na nGallóglach. Tarraingíódh an chéad léarscáil beacht den cheantar i 1715 ag Coláiste na Tríonóide.

Bhí an lá aonach áitúil ar siúl ar an tríú lá fichead de gach mí. Eagraíodh aonach fostaithe i rith mhí na Bealtaine agus mhí Dheireadh Fómhair. Bhí an aonach ceann de na haontaí is fearr i nDún na nGall, go háirithe don eallach agus capaill a ceannach agus a dhíol. Thaistil daoine ó na bailte in aice láimhe go Baile na nGallóglach don Lá Aonach. Mar sin féin, faoi na 1960idí bhí na haontaí ag dul in éag agus sa bhliain 1967 d’oscail an margadh beostoic i mBaile na nGallóglach. Bhí an Lá Aonach deireanach i mí na Bealtaine sa bhliain 1972.

Teach na mbocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar Dlí na mBocht sa bhliain 1834, bunaíodh tithe na mBocht o ar fud na tíre. D’oscail an teach na mbocht i mBaile na nGallóglach ar an séú lá de mhí Aibreáin sa bhliain 1846 i rith an Gorta Mór. Ní raibh aon rogha ag na daoine bochta ach chun conaí sa teach na mbocht. Scaradh fir, mná, buachallí agus cailíní go dian agus coinníodh siad i mbloic éagsúla sa teacht bocht. Scaradh fiú lánúineacha phósta agus ní raibh cead acu a pháistí a fheiceáil ach ar feadh tamaill gearr gach lá. Bhí a gcuid dalaí maireachtála chomh dona taobh istigh den teach na mbocht is atá sé taobh amuigh. Caithfidh gach duine obair de chineál éigin a dhéanamh. Mar gheall ar Dlí na mBocht sa bhliain 1834.

Bácús, an muileann arbhair agus an muileann plúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an fichiú haois bhí an Bácús Baile na nGallóglach agus an muileann plúir na príomh-thionscail ar bhruach Mhaoil Rua. D’oscail an bácús sa bhliain 1964, agus ina dhiaidh sin d’oscail an muileann plúir sa bhliain 1937. Díoladh arán agus flúir ar fud na tíre. Ar an drochuair, scriosadh go hiomlán an muileann arbhair i dtine ar an seachtú lá is fiche de Eanáir. Ar an dea-uair, ní raibh aon duine sa mhuileann arbhair ag an am seo. Is drochscéal é go bhfuil gach ceann de na gnóthaí seo dúnta inniu. I rith an naoú haois deag leanann an baile ar aghaidh ag fás agus ag forbairt.

Bácús Baile na nGallóglach (Milford Bakery)


Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhshráid Bhaile na nGallóglach.

In ainneoin cailleadh na gnólachtaí seo, agus laghdú na turasóireachta, tá Baile na nGallóglach faoi bláth. Is é an baile thairsí go Fánaid, Na Dunaibh agus Ráth an Mhuilinn. Soláthraíonn an bhaile dhá meánscoilenna do na bailte agus na sráidbhailte sa úich mórthimpeall.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor áiseanna i mBaile na nGallóglach ar nós áiseanna oideachais, ionad sláinte, stáisiún na nGardaí, leabharlann, stáisiún dóiteáin, eagláis, trí siopaí grósaera, gruagaire, siopa búistéara, bialanna, caiféanna, óstán, tréidlia, siopa poitigéara, siopa leictreach, siopa crua-earraí, trí tithe tábhairne agus go leor áiseanna spóirt ar nós halla spóirt, cúirt leadóige, ceithre páirceanna peile (páirc traenáil, páirc sacair, páirc peil Ghaelach agus páirc uile-aimsire).

Pobalscoil Loreto
Mulroy Bay
An Mhaoil Rua (Mulroy Bay)

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bunscoil amháin i mBaile Na nGallóglach inniu - Scoil Mhuire. Tá dhá meánscoil ann - Pobalscoil Loreto agus Mulroy College. Is scoileanna meascáin iad. Chomh maith tá ionad oideachais aosaigh ann. Tá leabharlann sa bhaile freisin. Tá sé suite ag bun an bhaile. Tá go leor seirbhísí ar fáil do pháistí, mic léinn agus dhaoine fásta sa leabharlann.

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lóistín

‘The Mulroy Woods’ is ainm don t-óstán i mBaile na nGallóglach. Is ó An Mhaoil Rua (Bearla: Mulroy Bay) atá foinse ainm an t-óstán. Tá an t-óstán suite in áit álainn ar imeall an bhaile.

Bíonn go ler turasóirí ag tarraingt ar Baile na nGallóglach mar tá sé suite in aice na farraige, na tránna agus na céanna. Tá ceithre tránna in aice leis Baile na nGallóglach - Port an tSalainn, Ráth an Mhuillin, Na Dúnaibh agus An Trá Mhór. Vótáladh trá Port an tSalainn an dara trá is áille sa domhan.

Eaglais Naomh Peadar
Eaglais Naomh Peadar

Seirbhísí Reiligiúnacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí eaglais i mBaile na nGallóglach inniu - Eaglais Naomh Peadar, Eaglais Phreispitéireach agus Eaglais Naomh Bríde. Tá ceann amháin de na heaglaisí suite ar an mBóthar Cill Mhic Réanáin ar imeall an bhaile. Tá Eaglais Naomh Peadar suite ag bun an phríomhshráid agus tá Eaglais Naomh Bríde suite in áit álainn tugtar An Gabhlán (Bearla: Golan) ar imeall an bhaile.


Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

CLG[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an chéad foireann peil Gaelach sa bhliain 1963. Mulroy Gaels an t-ainm a bhí ar fhoireann. Tar éis 1983 rinneadh athrú ar an ainm go dtí CLG Baile na nGallóglach. Trí bailte atá sa foireann, Baile na nGallóglach, Ráth an Mhuilin agus Ráth Mealtain. Bhuaigh siad craobh an chontae sa bhliain 1990.

Oifig an phoist

Sacar Is é sacar ceann de na spóirt is luaithe a imríodh sa bhaile le foirne ag dul siar go dtí 1920. Milford Celtic an t-ainm a bhí ar fhoireann sacair ag an am. Rinneadh athrú ar an ainm go dtí Milford United go luath sna hochtóidí go dtí an lá atá inniu ann.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

[1]


  1. "Ireland Reaching Out". irelandxo.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.

[1][2][3] [4][5][6][7][8][9]

  1. "Milford County Donegal Community Website News, Listings etc". www.thisismilford.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  2. "Club History - Milford GAA Donegal". sites.google.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  3. "Milford Archives" (en-GB). Donegal Sport Hub. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  4. "Old Donegal in Colour" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  5. "Milford United Fc" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  6. Pádraig Mac Donnchadha (2010-06-28). "History of Gallowglasses In Ireland - Scottish Warriors" (en-US). Your Irish Culture. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  7. "Loreto Community School, Convent Road, Milford, Co. Donegal, Ireland. T: 074 9153399". www.loretomilford.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
  8. "St Peter’s Milford | Milford & Rathmullen Parish" (en-US). Dáta rochtana: 2019-12-06.
  9. Mulroy Woods Hotel. "Award Winning Donegal Hotel & Restaurant | Donegal Hotels" (en). www.mulroywoodshotel.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.