Leitir Ceanainn
![]() | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Letterkenny (en) Leitir Ceanainn (ga) ![]() | |||||||||||||
|
|||||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||||
Suíomh | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
Daonra | |||||||||||||
Iomlán | 19,274 (2016) ![]() | ||||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||||
Achar dromchla | 47.76 km² ![]() | ||||||||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tSúileach ![]() | ||||||||||||
Airde | 52 m ![]() | ||||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||||
Glaochód | 74 ![]() | ||||||||||||
Eile | |||||||||||||
Logainm.ie | 1417285 | ||||||||||||
Suíomh gréasáin | letterkenny.ie ![]() |
Is í Leitir Ceanainn (Letterkenny as Béarla) an baile is mó i gContae Dhún na nGall. Tá an baile suite ar bhruacha an tSúiligh agus ag ceann Loch Súilí, an loch mara a ritheann an abhainn sin isteach inti. Croílár geilleagrach d'iarthuaisceart na hÉireann atá inti, in éineacht le Doire Cholm Cille.
Thosaigh Leitir Ceanainn a saol mar bhaile margaidh ag tosú na 17ú haoise, i rith Phlandáil Uladh. Tráth a bhí, bhí caisleán ina sheasamh san áit ina bhfuil Ardeaglais Naomh Adhamhnán agus Naomh Colm Cille ina seasamh inniu. Tá príomh-institiúd tríú leibhéil an chontae, Institiúid na Teicneolaíochta Leitir Ceanainn nó LYIT, lonnaithe sa bhaile, chomh maith le Coláiste Naomh Adhamhnán; stiúideoanna Highland Radio, príomhstáisiún raidió an chontae; agus teampall Hiondúch. Tá cáil ar an bhaile as a saol oíche, agus daoine móra idirnáisiúnta ag teacht go rialta go háiteanna ar nós Club Voodoo, The Grill, agus The Pulse. San Aura Complex, atá i ngar le Páirc Uí Domhnaill, tá linn snámha de chaighdeán Oilimpeach, agus raon lúthchleasaíochta Danny McDaid. Is i Leitir Ceanainn a leaindeáil Wolfe Tone, agus a gabhadh é, nuair a tháinig sé go hÉirinn i 1798.
Sa bhliain 2016, bhí 19,274 dhuine ina gcónaí i Leitir Ceanainn, ar fud achair 15.5km².[1] Bhí an baile ar an 23ú baile is mó i bPoblacht na hÉireann.[1]
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí 7,060 daoine ábalta Gaeilge a labhairt. Labhair 569 (3.1% don daonra) Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachas. Labhair 2,952 daoine teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge sa bhaile. Ba í an Pholainnis an teanga iasachta is comónta le 942 cainteoirí.
Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ainneoin go raibh traidisiún fada eisimirce ag an bhaile go dtí na 1990aidí, is glanimirce dheimhneach a bhíonn de ghnáth ag an bhaile sna laethanta atá inniu, cuid mhaith de dhaoine as Eoraip an Oirthir, an Afraic, agus an Áise i measc na ndaoine atá tagtha. Feictear é seo sa mhéid shuntasach de shiopaí agus bialanna de chultúir éagsúla, bialanna Síneacha agus Indiacha ina measc, chomh maith le siopaí speisialaithe á rith ag na comhphobail Afracacha, Áiseacha, Meiriceánacha Theas, agus Oir-Eorpacha. Tá teampall Hiondúch ag an bhaile chomh maith, rud atá neamhchoitianta in Éirinn.[2][3]
Ceantair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Baile Raithin
- Loch Súilí
- Páirc Baile Mhic Comhghaill, Páirc Baile Leitir Ceanainn, An Phríomhshráid
- An tSeanbhaile, An tSúileach
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 "Dlús Daonra agus Méid Limistéir 2016 de réir Bailte de réir Méide, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2018-11-07.
- ↑ "From timber homes to god-house - National News - Independent.ie". archive.is (2012-08-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-03. Dáta rochtana: 2018-11-15.
- ↑ "INDIAN COMMUNITY CENTRE - LETTERKENNY, Co. Donegal, Ireland." (2017-06-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-06-14. Dáta rochtana: 2018-11-15.