Naomh Adhamhnán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abtheach an Í Cholm Cille

Is naomh Caitliceach é Adhamhnán (Adomnán nó Eunan nó Adam[1] i mBéarla uaireanta).

Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Adhamhnán i gContae Dhún na nGall, timpeall na bliana 624, nó roimh 629[2].

Rinneadh manach de i mainistir Oileán Í Cholm Cille. Bhí sé ina ab ar an mhainistir ó 679 go 704. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa[3].

Sarah Purser agus / nó Ethel Rind, An Tur Gloine, BÁC, 1906 (cf. gloine.ie.)

Bhí Adhamhnán ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille. Lena chois sin d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Beatha Cholm Cille (Vita Columbae) – an cuntas iomlán is luaithe dá bhfuil fós againn ar shaol an naoimh[4].

Bhí Adhamhnán ina shaineolaí ar dhlí canónta (Cáin Adomnáin nó Lex Innocentium).

Fuair Adhamhnán bás in Í Cholm Cille.

Béaloideas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Céad bliain tar éis bháis Cholm Cille i 597, ‘sea chuir Adhamhnán scéal Ollphéist Loch Nis ar pár ina ‘Vita Columb’ den chéad uair[5].

De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg[6]. Ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

I mbliain 1621 rinne Stephen White cóip in Dillingen de bheatha Cholm Cille le Naomh Adhamhnán. Bhí sin ar an lámhscríbhinn ba thábhachtaí le William Reeves agus é ag scríobh The life of St Columba, Founder of Hy[7].

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]