Loch Nis
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | an Chanáil Chaladónach | |||
| Suíomh | ||||
| Tír abhantraí | Albain | |||
| Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Both Fhleisginn agus Obar Thairbh, Scotland | |||
| ||||
| Sliabhraon | Garbhchríocha na hAlban | |||
| Craobh-abhainn | River Oich (en) | |||
| Eisilteach | Bona Narrows (en) | |||
| Tréithe | ||||
| Airde os cionn na farraige | 16 m | |||
| Doimhneacht ingearach | 272 m | |||
| Toisí | 1.5 ( | |||
| Achar | 56.4 km² | |||
| Abhantrach | 1,775 km² | |||
| Bearta agus táscairí | ||||
| Toirt | 7,450 hm³ | |||
Loch mór, domhain, fionnuisce sna Garbhchríocha de chuid na hAlban is ea Loch Nis[1] (Béarla: Loch Ness), a leathnaíonn thart ar 37 km (23 míle) siar ó dheas ó Inbhir Nis.
Seasann a dhromchla 16 méadar os cionn leibhéal na farraige.
Tá sé nasctha, ar an taobh ó dheas, leis an Abhainn Omhaich, agus le gearradh den Chanáil Chaladónach. Ar an taobh ó thuaidh tá Caol a' Bhànath (Béarla: Bona Narrows), a osclaíonn amach i Loch Dabhach a' Phùir, agus a bheathaíonn Abhainn Nis agus cuid eile den chanáil go dtí Inbhir Nis.
Is ceann é de na sraitheanna dobharlach ruaimneach modartha, in Albain; bíonn infheictheacht a chuid uisce go heisceachtúil íseal, mar gheall ar mhéid na móna san ithir máguaird.

Stair agus miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil idirnáisiúnta ar an loch mar gheall ar a "ollphéist" “Niseag”. Ar an 2 Bealtaine 1931, tuairiscíodh an chéad dearcadh d'Ollphéist Loch Nis i nuachtán Albanach. Is cosúil go raibh gimic mhargaíochta ann, chun tionscal na turasóireachta a spreagadh[2].
De réir na miotaseolaithe, leis na céadta bliain, chreid daoine áirithe go raibh rud mór mistéireach i bhfolach in uisce Loch Nis. "An ollphéist nó amaidí é? An bhfuil ainmhí cosúil le dineasár sa loch?"[3]
De réir scéal eile, chuir Naomh Colm Cille Nessie faoi dhraíocht agus "théaltaigh an ollphéist ar ais faoin uisce gan a haghaidh a thaispeáint os cionn uisce arís nuair a bhí daoine ann"[4].
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Taobh Loch Nis Curtha i gcartlann 2014-09-22 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.
- ↑ Mackal, Roy P., The Monsters of Loch Ness, leathanach 85 (Futura, 1976) ISBN 0-86007-381-5
- ↑ "Mistéir Ollphéist Loch Nis", Maureen Fleming & Virginia King, ISBN 9780732747411 Litríocht.com
- ↑ "Colm Cille agus Scéal Ollphéist Loch Nis" http://ccea.org.uk Curtha i gcartlann 2018-04-17 ar an Wayback Machine
| Is síol faoi thíreolaíocht na hAlban é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
