An Eagnaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach teidil de chéad imleabhar na ciclipéide ar chuir Diderot agus d'Alembert in eagar idir 1751 agus 1772 í: L'Encyclopédie ou Dictionnaire raisonné des sciences, des arts et des métiers (Gaeilge: 'An Ciclipéid, nó Foclóir Réasúnta na nEalaíon agus na gCeard'). Tá an Chiclipéid seo ar cheann de mhór-shaothair na hEagnaíochta.

Is éard atá i gceist leis an Eagnaíocht, nó Ré na hEagnaíochta, ná gluaiseacht chultúrtha a tháinig ar an bhfód i measc aos eagna na hEorpa san 18ú haois (1715-1789), agus a leathnaigh amach ina dhiaidh sin go dtí na háiteanna a bhí fé anáil na hEopra ag an am (Meiriceá, srl.).[1]

Chuir smaointeoirí na hEagnaíochta béim nua ar fhorbairt eolaíochta agus intinne agus é mar sprioc acu sochaí agus eolas a fheabhsú agus a cur chun cinn. Ag an am céanna, dhéanaidís iarracht fáil réidh le piseog agus le héadulaingt na heaglaise agus le héagóir an stáit.

D'imir aireagán an chlóphreasa tionchar nach beag ar leathadh amach luachanna nua na hEagnaíochta ar fud an domhain.

Jean-Jacques Rousseau (1712 - 1778), duine de mhór-smaointeoirí na hEagnaíochta.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. I dteangacha eile na hEorpa, do deineadh ceangal idir smaointe nua na hEagnaíochta agus an 'soilsiú' - .i. an léargas nua - a tharraingíodar: The Enlightenment (Gaeilge: 'An Soilsiú') a tugadh ar an dtréimhse seo i mBéarla, Die Aufklärung (Gaeilge: 'An Soilsiú') i nGearmáinis agus Siècle des Lumières (Gaeilge: 'Céad na Soilse') i bhFraincis. Amanta, tugtar An SoilsiúRé an tSoilsithe uirthi i nGaeilge leis.