René Descartes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
René Descartes
Frans Hals - Portret van René Descartes.jpg
ollamh

Saol
Eolas breitheDescartes, 31 Márta 1596, 1596
NáisiúntachtFrainc
Teanga dhúchaisan Fhraincis
BásStócólm agus Stockholm City (en) Aistrigh, 11 Feabhra 1650, 1650
Áit adhlacthaAbbey of Saint-Germain-des-Prés (en) Aistrigh
Adolf Fredrik Church (en) Aistrigh
Abbey of St Genevieve (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (niúmóine)
Muintir
AthairJoachim Descartes
MáthairCamilo Davies
Páirtí/PáirtitheDavid Martínez (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma matercollège Henri-IV de La Flèche (en) Aistrigh
Ollscoil Utrecht
Ollscoil Leiden
Prytanée National Militaire
Tráchtas'
Stiúrthóir tráchtaisIsaac Beeckman
Jacobus Golius
TeangachaAn Laidin
an Fhraincis
Mic léinnGilles-François Boulduc
René Fédé
Gairm
Gairmfealsamh, matamaiticeoir, ceoleolaí, fisiceoir, réalteolaí, teoiricí ceoil, comhfhreagraí, mechanical automaton engineer (en) Aistrigh, saighdiúir agus scríbhneoir
Áit oibreLa Flèche, Poitiers agus Stócólm
Saothar iomráiteachtacartheoiric
Discourse on the Method (en) Aistrigh
La Géométrie
The Description of the Human Body (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiPlatón, Arastotail, Ainseilm Canterbury, Tomás ó Aquino, William of Ockham (en) Aistrigh, Francisco Suárez agus Marin Mersenne
BallraíochtAcadamh na nEolaíochtaí
Gluaiseachtrationalism (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
IMDbnm1548818
Discogs ID3594153
Firma Descartes.svg

B'fhealsamh, matamaiticeoir, agus fisiceoir Francach sa 17ú céad é René Descartes (La Haye en Touraine, An Fhrainc, 31 Márta 1596 - Stócólm, an tSualainn, 11 Feabhra 1650), a bhfuil aithne air anois mar bhunaitheoir na fealsúnachta nua-aimseartha. Rinne sé saothar suntasach sa mheicnic is an optaic freisin.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Descartes cur síos ar an modh eolaíoch ina shaothar Discours de la méthode (1637). Chuaigh sé i ngleic le barúlacha Arastatail, a bhí i réim go dtí sin, rud a chuir tús leis an eolaíocht nua

Leag Descartes amach fealsúnacht chun eolas daonna a bhunú ar sceipteachas ina leabhar Meditationes de Prima Philosophia (Smaointe ar Bhunús na Fealsúnachta, 1641)[1]. Is é bunsmaoineamh a fhealsúnachta an abairt Cogito Ergo Sum (smaoiním, mar sin táim ann).

Meditationes de prima philosophia 1641

Matamaitic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Descartes an gheoiméadracht anailíseach, agus tá na comhordanáidí Cairtéiseacha ainmnithe as.

Cheap Descartes geoiméadracht chomhordanáideach, an chéad fhorbairt mhór sa gheoiméadracht ó Eoiclíd. Ba mhór an dul chun cinn don gheoiméadracht forbairt na geoiméadrachta anailísí ag Descartes. Mar shampla, feiniméin thríthoiseacha: luaitear Descartes mar cheapadóir an chórais seo, bíodh is gur bhain Apallóinias feidhm as aiseanna ina staidéar ar chónghearrthaí. Comhordanáidí Cairtéiseacha. Sa mhatamaitic, bealach a shaothraigh René Descartes chun ionad pointe a shainiú de réir a fhaid ó dhá líne dhíreacha fhosaithe is (de ghnáth) ingearacha, a dtugtar aiseanna na gcomhordanáidí orthu.

Descartes, La Geometrie, 1637

Descartes in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh William MoIyneux Meditationes (Machnamh, 1641) mar Six Metaphysical Meditations (Sé Mhachnamh Meitifisiciúil, 1680).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)