Geoiméadracht anailíseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarracht fadhbanna geoiméadracha a réiteach trí chomhordanáidí a dháileadh ar gach pointe. Tugtar geoiméadracht Chairtéiseachgeoiméadracht chomhordanáideach uirthi freisin. Maidir leis an bplána, is é an córas is coitianta ná dhá ais ingearacha, ionas gur féidir gach pointe a lua mar phéire uimhreacha (x, y). I ngeoiméadracht thríthoiseach, trírín uimhreacha a úsáidtear (x, y, z). Tá córais comhordanáidí eile ann a bhíonn áisiúil i gcásanna, mar shampla, comhordanáidí polacha d'fhadhbanna a bhaineann le feiniméin thríthoiseacha, eagraithe timpeall lárphointe. Luaitear Descartes mar cheapadóir an chórais seo, bíodh is gur bhain Apallóinias feidhm as aiseanna ina staidéar ar chónghearrthaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Geoiméadracht anailíseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.