Fuaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Séard is fuaim ann ná corraí fuinnimh mheicniúil trí damhna. Aithnítear fuaim trí thréithe a tonn. Is iad sin minicíocht, tonnfhad, peiriad, aimplitiúd, agus luas.

Eitleán ag briseadh an fuaimbhac

Airíonn daoine fuaim trí chreathanna san aer a airíonn an chluas. Tugtar éisteacht air seo. Comhathraíonn tonnta fuaime de réir brú fuaime (aimplitiúid), tomhasta i decibel (dB) agus minicíocht (nó airde) tomhasta i Hertz (Hz).

Airíonn an chluas dhaonna normalta minicíochtaí idir thart ar 20Hz agus 20kHz (is ionann an nóta is airde ar an bpianó agus 4186Hz). Má mhaireann fuaim thar tréimhse ama (ar nós píosa ceoil nó píosa cainte), athraíonn a speictream minicíochta thar an tréimhse ama sin.

Bíonn fuaim ar bith seachas na cinn is bunúsaí (m.sh. nóta ó ghabhlóg cheoil mhaith) comhdhéanta de bhailiúchán tonnta ag minicíochtaí agus aimplitiúidí éagsúla.

Tugtar torann ar fhuaim nach bhfuil ag teastáil.

Tugtar fuaimeolaíocht ar staidéar eolaíochta a dhéantar ar fhuaim.

Fuaim a Digitiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir fuaim a digitiú ó fhoinse ar bith (micreafón, raidió, ceirnín, uirlis cheoil, srl.). Is fuaim shamplaithe í fuaim digitithe. Gabhtar sampla d’fhuaim i bhfoirm digiteach (1anna agus 0anna) ag ráta in aghaidh an aonaid ama. Tugtar an ráta samplála ar cé chomh minic agus a ghabhtar na samplaí. Tugtar méid an sampla ar cé chomh mór is atá gach sampla (an líon sonraí).

Is iad na rátaí samplaithe is coitianta d'fhuaim ar an ríomhaire ná 44.1 kHz (caighdeán CD), 22.05 kHz agus 11.025 kHz. Is méideanna coitianta iad 8 ngiotán nó 16 giotán do mhéid an sampla.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]