Micreafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
🎤 agus 🎙Micreafón

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
In úsáid agduine

Feiste a thiontaíonn fuaimthonnta chuig comharthaí leictreonacha le tarchur, taifeadadh is atáirgeadh. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta, ach anois úsáidtear iad go forleathan i dteileachumarsáid, taifeadadh fuaime is cluaisíní cúnta. I ngach cineál micreafóin, nuair a imbhuaileann an fhuaimthonn é, critheann scairt i gcomhphas leis an bhfuaim agus athraíonn an ghluaiseacht ascalach seo friotaíocht (i micreafóin carbóin), toilleas (micreafóin comhdhlúthadáin), réimse leictreamaighnéadach (micreafóin dhinimiciúla is chorna), nó cruth criostail phísileictrigh (micreafóin criostail), agus i ngach cás táirgtear comhartha aschuir. Bíonn patrúin éagsúla glactha ag micreafóin éagsúla, ionas go mbíonn an micreafón uilethreoch (an íogaireacht chéanna i ngach treo), aontreoch (an íogaireacht is mó díreach os comhair an mhicreafón amach, ag laghdú go géar i ngach treo eile), nó déthreoch (íogaireacht mhaith os a chomhair is díreach taobh thiar de, laghdaithe as cuimse i ngach treo eile, i bpatrún ochtchruthach).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Micreafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.