Jump to content

Toilleas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilToilleas
Aonad SIfarad agus second to the fourth power ampere squared per kilogram metre squared (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Tomhas ar chumas córais lucht leictreach a stóráil. Úsáidtear an tsiombail C chuige, agus aonaid farad (F). I dtoilleoir ar ceapaire é, déanta as dhá phláta chomhthreomhara miotail is ciseal ábhair inslithe, aer, páipéar, míoca nó ábhar ceirmeach eatarthu, is é toilleas an toilleora seo an méid luchta a stóráiltear ar cheann de na plátaí (i gcúlóim, Q), roinnte ar an difríocht poitéinsil idir na plátaí (i voltaí, V)—is é sin, C = Q/V. I gciorcaid leictreonacha phraiticiúla, is i micreafaraid (μF nó 10-6 F) nó fiú piceafaraid (pF nó 10-12 F) a bhíonn na toillis.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Toilleas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.