Thomas Edison
Jump to navigation
Jump to search
| Thomas Edison | |
| Thomas Alva Edison t. 1922 | |
| Dáta breithe | 11 Feabhra 1847 |
| Milan, Ohio | |
| Dáta báis | 18 Deireadh Fómhair 1931 |
| West Orange, New Jersey, SAM | |
| Náisiúntacht | SAM |
| Réimsí | Áireagáin, gnó |
| Síniú | |
(en) A Day with Thomas Edison (1922)
Ceapadóir agus fear gnó ab ea Thomas Alva Edison (11 Feabhra 1847 – 18 Deireadh Fómhair 1931), a rugadh i Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
D'fhionn sé traschuradóir agus glacadóir don teileagraf uathoibríoch (1871)[1], córas chun 4 theachtaireacht a tharchur go comhuaineach, tarchuradóir carbóin teileafóin, fónagraf rathúil (1877), an chéad lampa gealbhruthach (1879), agus córas iomlán dáilte leictreachais.
D'fhorbair sé an chéad fhearas lárnach chun cumhacht leictreach a ghiniúint is a tharchur go forleathan. D'fhorbair sé batairí, agus d'eagraigh an chéad iarnród leictreach.
Bhí 1,300 paitinn ag Edison.
Aireagáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An fónagraf. Edison a thaispeáin an gléas seo i 1877 mar ionstraim deachtaithe don oifig, ach tháinig sé chun foirfeachta mar chóras siamsa baile sa leathchéad bliain ina dhiaidh sin.
- An micreafón. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta
- Teirmianaic. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.
- D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891 , ach ba iad na deartháireacha Lumiere, a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891 , bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láimh ag an gceamaradóir féin,
Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí tionchar mór ag Edison ar an eolaíocht i rith an 19ú agus 20ú haois.
- Leag Alexander Graham Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison.
- Thosaigh Arthur Edwin Kennelly ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887.
- Ó 1891, thosaigh Henry Ford ag obair do chomhlacht Edison i nDetroit.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéím 2011)
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |