Alexander Graham Bell

Ba é Alexander Graham Bell (3 Márta, 1847 – 2 Lúnasa, 1922) a cheap an chéad teileafón.
Eolaí, innealltóir, agus ceapadóir a bhí ann, a rugadh i nDún Éideann agus a d'oibrigh i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Sa bhliain 1885, bhunaigh sé an comhlacht American Telephone and Telegraph Company (AT&T).

Teileafón
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Theastaigh ó Bell gléas cumarsáide a cheapadh a bheadh níos fearr ná an teileagraf, agus go mbeadh daoine ábalta gléas leictreach a úsáid chun labhairt le daoine a bhí i bhfad uathu[1]. Leis an teileagraf, ní fhéadfaí ach teachtaireachtaí i gcód Morse a sheoladh.
Aithnítear go forleathan é gur cheap Bell an chéad ghuthán sa bhliain 1876.[2] Ach tá conspóid ann i gcónaí. Chláraigh Elisha Gray paitinn shealadach ar an 14 Feabhra sa bhliain 1876, ina chuir sé síos scéimre agus sonraí dá ghuthán fhéin. Fuair Alexander Graham Bell paitinn eile ar an 7 Márta 1876 [3] a bhí cosúil leis an méid a bhí cláraithe ag Gray cúpla seachtain roimhe sin.

Ar an 10 Márta 1876, d'éirigh le Alexander Graham Bell an chéad chomhrá teileafóin a bheith aige lena chúntóir Thomas Watson a bhí suite i seomra taobh leis. ‘Watson,’ a dúirt Bell ar an teileafón, ‘tar anseo.’ Agus chuala Watson é!
Leag Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison chun comhartha leictreach a chruthú ó fhuaim an ghutha.
Sa bhéalóg d'imbhuail creathanna na fuaime san aer le scannán anuas ar chiseal gráinníní carbóin, agus d'athraigh brú an scannáin friotaíocht an chisil seo chun sruth athraitheach leictreach a chruthú mar chomhartha na fuaime.
Tharchuir Bell an chéad abairt labhartha i 1875.
Bhunaigh sé comhlacht Bell Telephone i 1877.
Aireagáin eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ina Shaotharlann Volta, cheap Bell an fónagraf, an closmhéadar, an meá ionduchtúcháin le rudaí miotalacha taobh istigh den cholainn a bhrath, taifid chéireacha don fhónagraf. D'athraigh na haireagáin seo an domhan.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Bell ceannasach i mbunú an fhoilseacháin cháiliúil Science (Eolaíocht) sa bhliain 1880.
Bhunaigh Bell an réadlann réaltfhisice in Institiúid Smithsonian, agus chuir sé tús le Cumann Tástála Aerga.
Rugadh Bell in Albain sa bhliain 1847, agus bhog sé go Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1870.

Chaith Bell tréimhsí dá shaol i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/.../01-An-Teileafón-FT-R5.pptx%5B%5D
- ↑ Alexander Graham Bell Laboratory Notebook, 1875-1876
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
[[Catagóir:Básanna i 1922