Smithsonian Institution

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Smithsonian Institution

Íomhá
Ainmnithe in ómósJames Smithson
Sonraí
CineálInstitiúid agus eagraíocht neamhbhrabúis
Foirgníocht10 Lúnasa 1846 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
ComhcheangalMuseum of the Rockies (en) Aistrigh, Weitzman National Museum of American Jewish History (en) Aistrigh agus Wing Luke Museum of the Asian Pacific American Experience (en) Aistrigh
Bunaitheoir(í)James Smithson agus Joel Roberts Poinsett
Cuairteoirí in aghaidh na bliana30,000,000 (2012)
Suíomh gréasáin oifigiúilsi.edu
Facebook: Smithsonian Twitter: smithsonian Instagram: smithsonian LinkedIn: smithsonian-institution Youtube: UCYm9MWccmz9n2yyMx9vRrXg Pinterest: smithsonian GitHub: smithsonian Cuir in eagar ar Wikidata
An "Smithsonian Building", Washington D.C.

Is ionad taighde agus oideachais de chuid SAM é an Smithsonian Institute. Tá ocht n-iarsmalann déag, chomh maith leis an nGáirdín Ainmhithe Náisiúnta, ina mbaill den Smithsonian. Mar sin, 'sé sin an coimpléasc iarsmalainne is mó ar domhan é. Bhí níos mó ná 142 milliún nithe faoina gcúram sa bhliain 2005.

Cruthaíodh é ar an 10 Lúnasa 1846 go reachtúil, as oidhreacht an eolaí Shasanaigh James Smithson a fágadh ina uacht ag an stát Meiriceánach sa bhliain 1829. Bunaíodh é i Washington, D.C. chun "eolas domhanda a threisiú agus a scaipeadh'.

Tá ról lárnach aige sa taighde, oideachas, ealaíon, stair, fisic, seandálaíocht, bitheolaíocht, agus neart réimsí eile. Déanann an Institiúid urraíocht ar chuid mhaith taighde i réimsí leathana eolais.

Tá naoi roinn den iarsmalann Smithsonian lonnaithe ar an dá thaobh den National Mall i Washington DC.

Iarsmalanna agus Ionaid Taighde de chuid an Smithsonian[cuir in eagar | athraigh foinse]

An "National Air and Space Museum"
  • American Art Museum
  • Anacostia Museum
  • Archives of American Art[1]
  • Arts and Industries Building
  • Carrie Bow Marine Field Station
  • Center for Folklife and Cultural Heritage
  • Center For Earth and Planetary Studies
  • Conservation and Research Center (National-Zoo)
  • Cooper Hewitt Museum
  • Freer Gallery of Art
  • Figge Art Museum
  • Hirshhorn Museum
  • National Air and Space Museum
  • National Gallery of Art
  • National Museum of African Art
  • National Museum of American History
  • National Museum of the American Indian
  • National Museum of Natural History
  • National Portrait Gallery (Washington)
  • National Postal Museum
  • National World War II Museum
  • National Zoological Park
  • Arthur M. Sackler Gallery
  • Smithsonian Institution Building
  • Smithsonian Institution Libraries
  • Smithsonian Tropical Research Institute
  • Smithsonian Environmental Research Center
  • Smithsonian Astrophysical Observatory
  • Harvard-Smithsonian Center for Astrophysics
  • Marine Station at Fort Pierce
  • Migratory Bird Center (National-Zoo)
  • Museum Conservation Institute
  • Woodrow Wilson International Center for Scholars