Eoiclídéas
Eoiclídéas | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | unknown value, c. 323 BC |
Náisiúntacht | An Aithin Chlasaiceach |
Áit chónaithe | Cathair Alastair |
Grúpa eitneach | Gréagaigh |
Bás | unknown value agus Cathair Alastair, c. 285 BC |
Oideachas | |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Mic léinn |
Diocleides of Athens (en) ![]() |
Gairm | |
Gairm | matamaiticeoir agus scríbhneoir |
Saothar iomráiteach |
Uraiceachtaí (leabhar) synthetic geometry (en) ![]() |
Discogs ID | 2561363 |
Matamaiticeoir Gréagach ab ea Eoiclídéas (beo i 300 RC). Bhí sé gníomhach i gCathair Alastair le linn réimeas an Fharó Tolamaes Slánaitheoir (323-283 R.Ch.) Tá a Stoicheia (Gaeilge:Uraiceachtaí) ar cheann de na saothair is mó tionchair i stair na matamaitice, agus é ina phríomhthéacsleabhar do mhúineadh na matamaitice (go háirithe geoiméadracht) ó am a fhoilsithe go dtí deireadh an 19ú haois nó tús an 20ú haois. Sna Stoicheia, d'oibrigh Eoiclídéas amach teoirimí an rud ar a dtugtar anois geoiméadracht Eoiclídéach as tacar beag aicsímí. Scríobh Euclid saothair freisin ar pheirspictíocht, ar chónghearrthacha, ar gheoiméadrach sféarúil, ar uimhirtheoiric, agus ar chríochnúlacht mhatamaiticiúil.
Éitimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an leagan gaelaithe Eoiclídéas bunaithe ar a ainm Gréigise Εὐκλείδης (Eukleídēs), a chiallaíonn "clúiteach, glórmhar".[1]
Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maireann fíorbheagán tagairtí bunaidh d’Eoiclídéas go dtí an lá atá inniu ann, agus mar sin beag atá ar eolas againn anois faoina shaol. Is dócha gur rugadh é thart ar 325 R.Ch., cé nach fios áit agus imthosca a bhreithe agus a bháis agus ní féidir é a mheas ach i gcoibhneas le daoine eile a luaitear leis. Luann matamaiticeoirí Gréagacha eile ó Airciméidéas (c. 287 RC – c. 212 R.Ch) ar aghaidh é, cé gur annamh a luaitear é, agus de ghnáth tugtar "ὁ στοιχειώτης" ("údar na Stoicheia")[2] air. Ba é Próclos a scríobh an cúpla tagairtí stairiúla d’Eoiclídéas c. 450 AD, ocht gcéad i ndiaidh a mhair Eoiclídéas.[3]