Airciméidéas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Airciméidéas
Saol
Eolas breithe ancient Syracuse (en) Aistrigh, 287 "BCE"
Náisiúntacht ancient Syracuse (en) Aistrigh
Áit chónaithe Sioracús, an tSicil
Grúpa eitneach Gréagaigh
Bás ancient Syracuse (en) Aistrigh, 212 "BCE"
Cúis bháis dúnmharú
Muintir
Athair Fidias
Oideachas
Teangacha An tSean-Ghréigis
Gairm
Gairm matamaiticeoir, fisiceoir, réalteolaí, cumadóir, innealtóir comhraic, fealsamh agus innealtóir
Saothar iomráiteach Archimedes' principle (en) Aistrigh

Matamaiticeoir agus fisicí agus innealtóir agus airegóir agus réalteolaí Gréigeach ab ea Airciméidéas Shioracús (Gréigis: Ἀρχιμήδης, traslitriú: Arkhimḗdēs) (t. 287 RC – t. 212 RC). Cé nach bhfuil sonraí a shaoil an-shoiléir, meastar go bhfuil sé ar dhuine de na h-eolaithe is mó sa tseaniarsma clasaiceach riamh. I measc na forbairtí a rinne sé i bhfisic ná bunú an hidreastatachas agus prionsabal an luamháin a mhíniú.

An scéilín is cáiliúla a insítear faoi Airciméidéas ná an lá a chum sé modh nua chun rud le cruth neamhrialta a thomais. Léim sé amach as an bhfolcadh ina raibh sé suite, agus rith sé amach lomnocht ar an sráid ag scairteadh "Iúiríce!" (Gréigis: "εύρηκα!"), "Tá sé faighte agam!").