Loch Súilí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Loch ar an taobh thiar d'Inis Eoghain i gCúige Uladh is ea Loch Súilí. Tá Leitir Ceanainn suite ag ceann na locha. Ritheann bád farantóireachta idir Bun Cranncha in Inis Eoghain agus Ráth Maoláin ar an taobh thiar. D'imigh na hIarlaí ó Ráth Maoláin i 1607. Bhaineadh an Cabhlach Ríoga úsáid as an loch go dtí 1937. Is fiord oighreach í, ceann d'ach amháin trí cinn in Éirinn (in éindí le Loch Cairlinn agus An Caoláire Rua), ar ciall air sin gur oighearshruth, san oighearaois is deireanaí, a chruthaigh í. Is iad Cionn Fhánada, ar an taobh thiar, agus Cionn Dhún Damh, ar an taobh thoir, teorainne thuaidh na locha, teach solais a bhíonn oscailte don phobal suite ar an chéad cheann díobh siúd.

Tá cáil ar an loch as a cuid fhiadhúlra; deilfe, muca mara, éin mara, géanna imirceacha agus ealaí ina háireamh. Tá tearmann dúlra mór ar An Inis, inis i gcúinne thoir-theas na locha, áit a rinneadh cladach saothraithe idir í agus an mhórthír sa 19ú haois agus atá anois ina bogach, timpeallacht a thacaíos leis na mílte ealaí agus géanna, chomh maith le speicis éin bhogaigh eile.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]