Grianán Ailigh
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
|
Bailiúchán séadchomharthaí stairiúil is ea Grianán Ailigh i gContae Dhún na nGall.
Caiseal nó dún breá athchóirithe cloiche is ea Grianán Ailigh atá lonnaithe ar Shliabh an Ghrianáin agus radharcanna uaidh amach ar Loch Súill, Loch Feabhail agus An Inis ar an taobh ó thuaidh. Áit charraigeach an bhrí atá leis an bhfocal Aileach. Tá fianaise de dhún cnoic réamhstairiúil fanta ar an láthair i bhfoirm trí bhruach ísle nó rampair , agus dioga ata timpeall ar an gcaiseal. Bhi bealach arsa ag dul suas go dtí an láthair .
Tá tobar beannaithe , atá tiomnaithe do Naomh Pádraig , ar an taobh ó dheas den chaiseal agus tá suíomh de charn adhlactha soir uaidh .
Is dócha gur tógadh an caiseal i ndeireadh an ochtú céad nó ag tús an naoú céad AD mar phríomhionad do Chenél nЕógain, i gceannas ar na rithe a bhí sa chuid seo d'Ulaidh. In 904 agus in 939, rinne na Lochlannaigh slad ar Aileach.
Sa bhliain 1101, rinne arm faoi cheannas rí na Mumhan, Muirchertach Ua Briain, an scrios deiridh ar Aileach.
Sna 1870idí, rinne an Dr. Walter Bernard[1] as Doire athchóiriú ar an gcaiseal agus thaifead sé na hearraí cloiche a fuarthas ansin.
Sa bhliain 2001, rinneadh tuilleadh fiosrúchán seandálaíochta agus innealtóireachta san áit sular thug Oifig na nOibreacha Poiblí faoin obair chaomhnaithe . As na fiosrúcháin sin, fuarthas blúirí de ghloine, potaireacht agus píopaí cré a tháinig as na hoibreacha a rinneadh sa naoú céad déag. Tá fardoras ar an mbealach isteach sa chaiseal agus tá an taobh istigh den chaiseal iata ag balla atá ag ardú ina thrí ardán agus rochtain chuige trí staighrí intlise.
Tá dhá sheomra istigh sa bhalla atá ag dul chomh fada leis an mbealach isteach, nach mór. Sa bhliain 1835, thaifead Petrie foirgneamh dronuilleogach cloiche istigh sa lár, foirgneamh nach bhfuil ann a thuilleadh.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ncbi.nlm.nih.gov. "Walter Bernard -beathaisnéis". Dáta rochtana: 2020.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |