An Caoláire Rua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Caoláire Rua

Is é an Caoláire Rua an t-aon inbhear in Éirinn den chineál a dtugann na geolaithe fiord air. Creideann cuid acu gurbh iad na hoighearshruthanna san Oighearaois a ghearr é, cé go bhfuil an dá bh'fhéidir ann. Is é an Caoláire an teorainn nádúrtha idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Tá sé sé chiliméadar déag ar fad agus, sa lár, tá an t-uisce ansin breis is cúig mhéadar is dhá scór ar doimhneacht.

Tá Cnoc Maol Réidh, agus é ocht gcéad seacht méadar déag ar airde, suite ar an gcladach thuaidh. Trasna an Chaoláire uaidh atá an Ros Rua agus brú Óige atá as úsáid inniu. Tá clú áirithe ar an bhfoirgneamh. I dtús báire, ní raibh ann ach teach beag tuaithe, ach b'ansin a bhí cónaí ar Ludwig Wittgenstein, an fealsamh Ostarach, ó theastaigh áit chiúin uaidh díreach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Nocht an tUachtarán Máire Mhic Róibín plaic cuimhneacháin san áit sa bhliain 1993 leis an tréimhse a cheiliúradh a chaith Wittgenstein anseo.

Ritheann an Bóthar Glas in aice leis an gCaoláire Rua, bóthar a gearradh i mblianta an Drochshaoil, nuair a fuair lucht an ocrais rilíf ó na húdaráis má bhí siad sásta obair den chineál seo a dhéanamh. Ritheann an bóthar naoi gciliméadar síos an t-inbhear ón Líonán.