Carraig Airt
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
| Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Is sráidbhaile í Carraig Airt (Béarla: Carrigart) atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ag bun leithinis Ros Goill, agus í ar an bhóthar R245 idir Leitir Ceanainn agus An Chraoslach. Sa bhliain 2016, bhí 222 dhuine ina gcónaí sa bhaile.[1]





An baile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann an baile seirbhísí ar fáil fá choinne ceantar mór máguaird, ina n-áireamh sin ollmhargadh, trína bhfuil seirbhísí baincéireachta ar fáil; Oifig an Phoist; ionad sláinte; agus beairic de chuid na nGardaí a oibrítear go páirt-aimseartha. Tá páirc phoiblí sa bhaile fosta, agus í ar an chósta taobh thiar de na tithe atá ar an phríomhshráid. Angela Ní Ghallchóir a dhear an bhaile, agus cheiliúr an baile a chomóradh céad bliain cúpla bliain ó shin, cé go bhfuil daonra daonna san áit i bhfad roimhe sin. Baile agus ceantar móra talmhaíochta atá inti agus ina ceantar máguaird, agus tábhacht ag an talmhaíocht agus ag an turasóireacht chomh maith i ngeilleagar an bhaile. Maraon leis an chuid is mó de chósta Dhún na nGall, tá cuid mhór tithe saoire sa bhaile, go háirithe de chuid daoine as Tuaisceart Éireann.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheann an bus 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Na Dúnaibh, Carraig Airt, agus Leitir Ceanainn, tríd An Ghleann, Creamhghort, Baile na nGallóglach agus Ráth Mealtain.[2]
Aitheantas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh Carraig Airt mar Baile na Gaeltachta is Slachtmhaire in Éirinn in 2025.[3][4]
Tábla daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar cur síos ar athruithe ar an daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos:[5][6]
| Bliain | Daonra | Athrú | Athrú, % |
|---|---|---|---|
| 2006 | 249 | - | - |
| 2011 | 228 | -21 | -8.4% |
| 2016 | 222 | -6 | -2.6% |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ Patrick Gallagher Travel. "Patrick Gallagher Bus Timetables". Patrick Gallagher Travel. Dáta rochtana: 08/05/2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-24). "Cora Droma Rúisc an Baile is Slachtmhaire in Éirinn" (as ga-IE).
- ↑ "Ár dTodhchaí Tuaithe: Fógraíonn an tAire Calleary Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma mar an baile is slachtmhaire in Éirinn do 2025" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-10-25.
- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Census 2011 - Population Classified by Area" (as Béarla).
