Joni Mitchell
Cuma
Amhránaí agus cumadóir ceoil Ceanadach is ea Roberta Joan "Joni" Mitchell (née Anderson) a rugadh ar 7 Samhain 1943 i Fort Macleod, Alberta. Chaith sí cuid mhaith dá hóige i Saskatoon, Saskatchewan. Thosaigh sí ag gabháil fhonn i gclubanna oíche beaga i Saskatchewan agus in Iarthar Cheanada. Chaith sí tamall ansin i dTorontó ag buscáil agus ag canadh i mbeáir, hallaí pobail agus a leithéid. Sa bhliain 1965, thug sí aghaidh ar na Stáit Aontaithe. Chas roinnt amhránaithe sna Stáit amhráin a chum sí (mar shampla, "Urge for Going", "Chelsea Morning", "Both Sides, Now", "The Circle Game"), rud a thug an deis di conradh a shíniú le Reprise Records agus a céad halbam a thaifeadadh sa bhliain 1968.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eisiúíntí stiúideo
- 1968: Song to a Seagull
- 1969: Clouds
- 1970: Ladies of the Canyon
- 1971: Blue
- 1972: For the Roses
- 1974: Court and Spark
- 1975: The Hissing of Summer Lawns
- 1976: Hejira
- 1977: Don Juan's Reckless Daughter
- 1979: Mingus
- 1982: Wild Things Run Fast
- 1985: Dog Eat Dog
- 1988: Chalk Mark in a Rain Storm
- 1991: Night Ride Home
- 1994: Turbulent Indigo
- 1998: Taming the Tiger
- 2000: Both Sides Now
- 2002: Travelogue
- 2007: Shine
- Eisiúintí beo
- 1974: Miles of Aisles
- 1980: Shadows and Light
- Díolaimí
- 1996: Hits
- 1996: Misses
- 2004: The Beginning of Survival
- 2004: Dreamland
- 2005: Songs of a Prairie Girl
- 2014: Love Has Many Faces: A Quartet, A Ballet, Waiting to Be Danced[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "A Case of Joni: Mitchell Curates New Love-Themed, Career-Spanning Box Set". The Second Disc.