Bono

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bono
Bono portrait by John Hewson.png
Saol
Ainm iomlánPaul David Hewson
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 10 Bealtaine 1960 (62 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Áit chónaitheFionnghlas
Bré
Deilginis
Èze
The San Remo
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairBob Hewson
Céile/CéilíAli Hewson  (Lúnasa 21, 1982 -
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materMount Temple Comprehensive School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
an Fhraincis
Gairm
Gairmamhránaí is scríbhneoir, fiontraí, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir, monaróir, giotáraí, gníomhaí agus international forum participant (en) Aistrigh
Airde5.5 ft
Duaiseanna
BallraíochtU2
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
SloinnteBono
Gluaiseacht ealaínerac malartach
iarphunc
Cineál guthateanóir
Uirlis cheoilgiotár
ceol gutha
armónach
Lipéad ceoilIsland Records
Cleamhnú
ReiligiúinAn Chríostaíocht
IMDbnm0095104
u2.com
Discogs ID39677 agus 501437
BonoSignature.svg
Bono sa bhliain 2009.

Is é Paul David Hewson príomhamhránaí an bhanna ceoil raic, U2. Rugadh ar an 10 Bealtaine, 1960 i mBaile Átha Cliath, Éirinn é. An leasainm atá air ná Bono Vox, agus an t-ainm stáitse ná Bono. Bhí sé ina bhall uair amháin den bhanna ceoil The Virgin Prunes.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2000

Rugadh i mBaile Átha Cliath é. Caitliceach ab ea a athair agus ba Phrotastúnach í a mháthair. Tógadh é le creideamh láidir mar bhall d’Eaglais na hÉireann ach nuair a ceistíodh é faoina chreideamh, dúirt sé go raibh sé idir dhá chomhairle faoin gceist.

Bhásaigh a mháthair nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Chuaigh sé ar scoil i Scoil Chuimsitheach Shliabh an Teampaill. B’ansin a tugadh an leasainm ‘Bono Vox of O’Connell Street’ air. Ciallaíonn ‘Bono Vox’ de ghnáth 'an guth maith'. Is é Vox an t-ainmní agus Bono an cuspóir indíreach.

U2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1976, d’fhreagair sé fógra a chuir a chomhscoláire Larry Mullen amach chun banna a chur le chéile.

Rinne David Evans (The Edge), a dheartháir Dick Evans (a d’fhág an banna go gairid ina dhiaidh sin) agus Adam Clayton amhlaidh. Do mhúnlaigh an ceathrar a bhí fágtha an grúpa Feedback sular athraigh siad an t-ainm go The Hype agus, ar deireadh thiar thall, shocraigh siad ar an ainm U2. Ar dtús, sheinn Bono an giotár agus chum sé amhráin ach, de réir mar a tháinig feabhas ar The Edge mar ghiotáraí, ní dhearna Bono ach amhráin a chanadh ansin.

Cearta Sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bono, 2017, München

Sa bhliain 1985 ghlac Bono páirt sa cheolchoirm Band Aid. Le blianta beaga anuas, tá sé ag caitheamh a lán ama ag iarraidh fiacha an Tríú Domhan a chur ar ceal. Bhunaigh sé an t-eagras DATA chun aird an domhain a dhíriú ar chruachás na hAfraice agus chun é sin a chur í gcrích bhuail sé le Paul Martin, Príomh-Aire Cheanada agus an tUactarán George W. Bush. Bhuail sé le Bush nuair a bhí sé ag tabhairt $5 bhilliún le haghaidh tíortha a raibh meas acu ar chearta daonna.

I Mí Iúil 2005, rinne Bono an iarracht aird a dhíriú ar Live 8, ceolchoirmeacha a bhí le bheith ar siúl timpeall an domhain, a ghríosódh ceannairí na stát tionsclaíochta ar fud na cruinne chun fiacha ollmhóra a chur ar ceal, polasaí trádála a fheabhsú agus i bhfad níos mó airgid a chur ar fáil le haghaidh géarchéimeanna, ina measc an SEIF.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Bono pósta lena leannán ón mheánscoil, Alison 'Ali' Stewart, agus tá ceathrar clainne acu: Jordan (a rugadh i 1989), Memphis Eve (Eve a rugadh i 1991), Elijah Bob Patricius Guggi Q (a rugadh i 1999) agus John Abraham (a rugadh i 2001).

Sa bhliain 1992, cheannaigh Bono féin agus giotáraí U2, The Edge, an t-ostán dhá réalt, seachtó seomra codlata, An Clarence agus rinneadh óstán cúig réalt le daichead a naoi seomra codlata as. Gan mhoill bhí sé ar an óstán ab fhaiseanta agus daoire sa chathair.

Sa bhliain 2002, scríobh Bono réamhrá do Leabhar na Salm, ceann de naoi leabhar an Bhíobla a d’fhoilsigh Cannongate Books ceann i ndiaidh a chéile sa tsraith “Pocket Cannons”.

Tá an-mheas ag Bono ar shaothar John Lennon agus a dhlúthcharad Billy Corgan atá mar bhall den ghrúpa Smashing Pumpkins. Ba é tuairim Bono gurbh é an t-albam Mellon Collie and the Infinite Sadness an t-albam ab fhearr a chuir Smashing Pumpkins amach. Is iontach an banna iad, dar le Bono.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]