Live 8

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Live 8 i Londain, Sasana.

Ba shraith ceolchoirmeacha é Live8 a tharla ar an 2 Iúil, 2005, fiche bliain tar éis LiveAid. D'eagraigh Bob Geldof an dá eachtra. Le LiveAid, ba iad tabhartais charthanacha a bhí i gceist, mar a dúirt Geldof "Tabhair dúinn do focain airgead", ach i gcás Live8, dúirt sé "Níor mhaith linn d'airgead, ba mhaith linn do ghuth". Ba cheartlár an fheachtais brú a chur ar cheannairí an G8 chun fiacha na tíortha is boichte a scriosadh, níos mó cabhrú a thabhairt do thíortha bochta agus rialacha trádála a cheartú. Bhí deich gceolchoirm ar siúl ar an lá, .i.:

Sheinn 1,000 ealaíontóir sna ceolchoirmeacha agus bhí thart ar 2.2 billiún duine ag féachaint nó ag éisteacht leis na heachtraí. Chuir an tsraith ceolchoirmeacha tús le seachtain agóidí agus léirsithe, go háirithe i nDún Éideann, an áit a raibh cruinniú an G8 ag tarlú an bhliain úd. Bhí ceolchoirm i nDún Éideann ar an 6 Iúil, 2005, lá an chruinnithe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]