An Chearnóg Dhearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chearnóg Dhearg.

Is í an Chearnóg Dhearg (Rúisis: Красная площадь, Krasnaya ploshchad) an chearnóg is cáiliúla i Moscó na Rúise. Roinneann an chearnóg an Chreimil ón cheantar trádála traidisiúnta Kitay-gorod. Feictear ar an gcearnóg mar lár na cathrach ós rud é go spréann na príomhsráideanna amach uaithi.

Ainm agus Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir stair na cearnóige a fheiceáil trí saothair ealaíne éagsúla, mar shampla i bpictiúir le Vasily Surikov, Konstantin Yuonand agus daoine eile. Bhíodh an áit clúdaithe le foirgnimh adhmaid, ach fuair Ivan III réidh leo sa bhliain 1493 mar bhí bagairt tine ann i gcónaí. Diaidh ar ndiaidh, baineadh úsáid as an gceantar oscailte mar príomh-áit margaíochta sa chathair. Níos déanaí arís, baineadh úsáid as le haghaidh searmanais poiblí agus forograíochta, agus corónú Sár na Rúise.

Tagann an t-ainm ón krasnaya a chiallaíonn "dearg" nó "áilleacht". I dtús báire úsáideadh é le cur síos ar Ard-eadglais Naomh Basil agus i ndiaidh sin don chearnóg in aice leis. Meastar gur bhfuair sé an t-ainm sa 17ú haois.