Circus Maximus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is páirc é an Circus Maximus inniu. Sé an foirgneamh sa chúlra ná pálás na himpireachta ar an Palatine.
Mapa de lár na Róimhe i rith Impireacht na Róimhe, leis an Circus Maximus sa cúinne bun ó dheas

Is é An Circus Maximus (Laidin: an sorcas is mó, Iodáilis: Circo Massimo) áit siamsaíochta ollmhór sa Róimh, a d'úsáid na sean-Rómhánaigh.

Tá sé suite sa ghleann idir an Aventine agus Cnoc Palatine. Na chéad daoine a d'úsáid an áit mar áit siamsaíochta ná Ríthe Éatrúscacha na Róimhe. Go cinnte, chuir Tarquinius Priscus (céad Rí Éatrúscach na Róimhe) na céad cluichí an Ludi Romani (cluichí Rómhánach) ar siúl san áit. Tamaill ina dhiaidh sin, bhí an Circus mar shuíomh do na cluichí poiblí agus féilte sa 2ú aois RC. Le hiarracht soláthair do éileamh muintir na Róimhe (a bhí ag iarraidh siamsaíocht poiblí ollmhór) rinne Julius Caesar an Circus níos mó timpeall 50 RC. Tar éis seo bhí sé timpeall 600m (1,968 cs) ar leithead agus, 80 m (387 cs) ar fhad, bhí sé in ann 250,000 daoine a chuir i suíocháin (bhí níos mó in ann seasamh nó féachaint ó na chnoic máguaird). Sa bhliain 81, thóg an Seanad áirse in onóir do Titus ar an taobh dúnta ó thoir den staid.

Cheangail an impire Domitian a phálás nua ar an Palatine go dtí an Circus ionas go bhféadfadh sé na rásaí a fheiceáil níos éascaí. Chuir an impire Trajan 5000 suíocháin eile leis seo agus rinne sé áit shuíocháin an impire níos mó ionas go mbeadh muintir na Róimhe in ann é féin a fheiceáil níos fearr.

Dob é rásaíocht carbad an comórtas is tábhachtaí a bhíodh ar siúil. Bhí raon an rás in ann 12 carbad a thógáil agus bhí dhá thaobh an raoin scoilte le rud ardaithe darbh ainm an spina. Bhí an spina ag claonadh beagán. Cuireadh dealbh difriúla suas ar an spina, agus thóg [Ágastas]] oibilisc Éigipteach air freisin. Bhí ionaid le casadh timpeall ag deireadh dhá taobh naspina, an meta, rinne na carbaid castaí dainséaracha timpeall orthu ag luas an-ard. Ag barr na spina, bhí deilfeanna á n-iompú thart ag comhaireamh na gcuairteanna timpeall an raoin. Bhí rásaíocht carbad an-dainséarach, agus go minic bhí tuairteanna iontacha agus gach seans go marófar duine nó beirt. Bhí críoch amháin níos faide ar ais ná an ceann eile, le seans a thabhairt do na carbaid scuaine a dhéanamh chun an rás a thosnú. Anseo bhí na geataí tosaigh nó carceres, a chinntigh go ndeachaigh na carbaid an fad céanna, go dtí an céad chasadh. Chuaigh an rás ar aghaidh ar feadh fad 6.5 ciliméadar (4 míle).

Dob é an chéad Circus é agus an ceann is mó sa Róimh, ach ní hé an t-aon sampla. I measc ceann eile tá an Circus Flaminius (áit a chuireadh Ludi Plebeii ar siúl), An Circus de Maxentius agus Circus Nero.

Tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann; toisc gur páirc mhór, lárnach é, úsáidtear í i gcomhair cruinnithe agus ceolchoirmeacha, mar shampla ceolchoirm Live 8 sa Róimh (2 Iúil 2005), nó nuair a tháinig 700,000 daoine le ceiliúradh bhua Chorn an Domhain 2006.

Cluichí agus úsáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an sorcas an láthair is mó Róimh le haghaidh ludi, cluichí poiblí atá nasctha le Féilte Rómhánaigh Reiligiúnaigh. Bhí ludi urraithe mar príomh-Rómhánaigh nó mar an stáit Rómhánach ar mhaithe leis na Rómhánaigh agus déithe. Bhí an chuid is mó coinnithe go bliantúil nó ag eatraimh bliantúil ar an Fhéilire Rómhánaigh. Tá seans go raibh Ludi eile tugtha chun móid reiligiúnach a shásaigh, mar shampla na cluichí ag ceiliúradh bua.