G8

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grúpa 8
Group of Eight
G7 countries with Russia.png
 
Ballraíocht: Flag of Canada.svg Ceanada
Flag of France.svg An Fhrainc
Flag of Germany.svg An Ghearmáin
Flag of Italy.svg An Iodáil
Flag of Japan.svg An tSeapáin
Flag of Russia.svg An Rúis
Flag of the United Kingdom.svg An RA
Flag of the United States.svg SAM

Is éard atá sa G8 (Gaeilge: ‘Grúpa Ocht’), nó an G7 (Gaeilge: ‘Grúpa Seacht’) mar atá aithne air faoi láthair, ná grúpa plé agus comhpháirtíocht eacnamaíochta idir ocht dtír a atá ar na cumhachtaí eacnamaíochta is mó ar domhan: Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe, an Rúis, an tSeapáin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Faoi láthair, áfach, níl ach seacht gcinn de na tíortha sin páirteach sa ghrúpa, toisc gur cuireadh an Rúis ar fionraí uaidh.

Tagann ceannairí na dtíortha atá ina mball den G7 le chéile gach bliain ag cruinniú mullaigh ar a bhfreastalaíonn ceannasaithe na dtíortha nó na rialtas, chomh maith le huachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh. (Ina theannta sin, tugtar cuireadh d’ionadaithe tíortha eile nó d’ionadaithe de chuid ghrúpaí idirnáisiúnta eile bheith páirteach i gcodanna den chruinniú.)

Gach bliain, bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl sa tír ag a mbeidh an cruinniú á eagrú. Tugann na himeachtaí sin deis do na hairí agus na stiúrthóirí atá freagrach as na réimsí lena bpléann an G7 (cúrsaí eacnamaíochta agus airgeadais, cúrsaí cosanta agus slándála idirnáisiúnta, cúrsaí oideachais, cúrsaí forbartha, srl.) bualadh le chéile. Sa tslí sin, cabhraíonn na himeachtaí sin, ar an gcéad dul síos, chun clár oibre an chruinniú mullaigh a ullmhú agus, níos déanaí, chun socraithe an chruinniú mullaigh a chur i gcrích.

Ar dtús, ní raibh ach cúig thír páirteach sa ghrúpa agus rudaí neamhfhoirmiúla a bhí ina gcruinnithe. Tugadh G6 ar an ngrúpa sa bhliain 1975, bliain inar bunaíodh é agus inar tharla an chéad chruinniú oifigiúil dá chuid i Rambouillet na Fraince. Ansin, ag an gcruinniú a bhí i bPórtó Rícó sa bhliain 1976, glacadh le Ceanada mar an seachtú ball den ghrúpa. Ba sa bhliain 1997 a glacadh leis an Rúis mar an ochtú ball den ghrúpa. Sa 21ú haois, táthar ag iarraidh go n-osclófaí an grúpa do chúig thír atá ag teacht chun cinn: An Afraic Theas, An Bhrasaíl, An India, Meicsiceo agus an tSín – nó an G5, mar a thugtar orthu. Is de bharr na n-iarrachtaí sin gur cuireadh grúpa nua ar bun, grúpa ar a dtugtar an “G8+5”.

Tar éis don Rúis an Chrimé a ghabháil isteach inti, rud a tharla i mí Mhárta 2014, shocraigh baill den G7 (.i. Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach) an Rúis a chur ar fionraí ón ngrúpa eacnamaíochta ar bhonn sealadach. De bharr an tsocraithe sin, socrú a deineadh ag cruinniú mullaigh urghnách sa Háigh i Márta 2014, is G7 a thugtar ar an ngrúpa arís. Níos déanaí, dúirt oibrithe éagsúla de chuid thíortha an G7 gurbh fhéidir leis an Rúis teacht thar n-ais chuig an ngrúpa.

De ghnáth, bíonn agóidí i gcoinne an G7 ar siúl le linn cruinnithe dá chuid. Is iad daoine atá páirteach sa ghluaiseacht altermondialiste, nó an ghluaiseacht chun athrú a dhéanamh ar an domhandú, a eagraíonn na hagóidí sin. Dar leo, tá baill an G7 ag iarraidh an domhan ina iomlán a chur faoina smacht féin agus polaitíocht de réir mhúnla an Nualibrioláchais a bhrú ar thíortha an domhain go léir.