Pórtó Ríce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pórtó Rícó)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPórtó Ríce
(es) Estado Libre Asociado de Puerto Rico
(en) Commonwealth of Puerto Rico
(tnq) Borinquen
CineálCríoch neamhchorpraithe, críoch oileánach, political territorial entity (en) Aistrigh, province of Spanish America (en) Aistrigh, réigiún cultúrtha, críoch de chuid na Stát Aontaithe thar lear agus comhlathas
EapainmPórtó Ríce agus San Juan
Cuid deMeiriceá Easpáinneach, Muir Chairib SAM, Oileáin Mhuir Chairib, Na hAintillí Móra, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib
Suíomh geografachMuir Chairib agus Pórtó Ríce
Suíomh
IlchríochMeiriceá Thuaidh
Map
 18°15′N 66°30′W / 18.25°N 66.5°W / 18.25; -66.5Comhordanáidí: 18°15′N 66°30′W / 18.25°N 66.5°W / 18.25; -66.5
FarraigeAn tAigéan Atlantach agus Muir Chairib
Tréithe
Íos-airdeMuir Chairib
Airde uastaCerro de Punta (en) Aistrigh  (1,338 m)
Stair
Croineolaíocht
Grito de Lares (en) Aistrigh
Cogadh Spáinn-Mheiriceánach
Spéirling Maria
2020 Puerto Rico earthquake (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Dáta oscailte1898

Suíomh oifigiúil

Oileán sa Chairib is ea Pórtó Ríce (Puerto Rico). Is Comhlathas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é, ó ghlac an tír sin seilbh air ag deireadh an 19ú haois. Reáchtáladh reifrinn éagsúla ar stádas an oileáin, an ceann deireanach timpeall 1995, agus ba é an toradh ná gur fhan an t-oileán sa chomhlathas le SAM

Tá tuairim is 4 mhilliún duine ina gcónaí san oileán. Tá siad i dteideal dul ag obair agus socrú síos sna Stáit Aontaithe agus tairbhe a bhaint as cearta eile saoránachta. Is í San Juan príomhchathair an oileáin.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díomaite den phríomhoileán, Oileán Phórtó Ríce, tá dornán oileán eile ann ar cuid den chomhlathas iad, is é sin, Vieques, Culebra, Mona, Desecheo, agus Caja de Muertos, chomh maith lena lán oileán níos lú ná na cinn seo. Is iad Vieques agus Culebra an t-aon dá oileán acu siúd a bhfuil cónaí ar dhaoine iontu fud fad na bliana. Tír shléibhtiúil atá ann, agus an sliabhraon is mó, La Cordillera Central nó an Raon Láir, ar an sliabhraon is mó. Tá Cerro de Punta, an sliabh is airde in Oileán Phórtó Ríce, suite sa raon seo. Tá San Juan, an phríomhchathair, ar an gcósta thuaidh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh na Spáinnigh an chéad choilíneacht in Oileán Phórtó Ríce go luath i ndiaidh fhionnachtain an Oileáin Úir. Tháinig Colambas anseo an chéad uair sa bhliain 1493, ar an dara cuairt a thug sé ar Mheiriceá. San am sin, bhí bundúchasaigh ar an oileán a raibh teanga den fhine úd Arawak á labhairt acu, agus is é an t-ainm a bhí acu féin ar an oileán ná Boriken nó - mar a dúirt lucht labhartha na Spáinnise - Borinquén. Inniu féin, tugann na Pórtó Rícigh Borinquén ar a n-oileán i gcomhthéacs an tírghrá, agus is é La Borinqueña, nó Amhrán Borinquén, an t-amhrán náisiúnta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]