An Háig
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Mana | «Vrede en Recht (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na hÍsiltíre | ||||
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) ![]() | an Ísiltír | ||||
Province of the Netherlands (en) ![]() | Ollainn Theas ![]() | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 548,320 (2021) ![]() | ||||
• Dlús | 5,588.26 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 253,420 (2015) ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 98.12 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Thuaidh, Haagse Trekvliet (en) ![]() ![]() ![]() | ||||
Airde | 1 m ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 13 haois | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | college van burgemeester en wethouders of The Hague (en) ![]() ![]() | ||||
• Méara na Háige ![]() | Jan van Zanen (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 2491–2599 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 070 agus 015 ![]() | ||||
BAG residence ID (en) ![]() | 1245 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | denhaag.nl ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is í an Háig an phríomhchathair ar an Ollainn Theas san Ísiltír. Tá 500 000 duine (ó 1 Meán Fómhair 2011) ina gcónaí ann agus is í an tríú chathair is mó san Ísiltír, i ndiaidh Amstardam agus Rotterdam. Tá an Háig lonnaithe in iarthar na hÍsiltíre, i lár chomhchathair Haaglanden agus i gcúinne thiar theas de chuid na comhchathrach níos mó ar a dtugtar "Randstad".
Tá an Háig mar shuíomh do rialtas, parlaimint agus Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre, mar aon le Comhairle an Stáit, ach ní príomhchathair na hÍlstíre í os rud é gurb é Amstardam príomhchathair na tíre ó thaobh an bhunreachta de. Tá Rí Willem-Alexander na hÍsiltíre ina cónaí in Huis ten Bosch agus oibríonn sí i bPálás Noordeinde sa Háig. Tá na hambasáidí eachtracha uile agus 150 eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe sa chathair, lena n-áirítear an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is ceann de na príomhchathracha a óstálann na Náisiúin Aontaithe (in éineacht le Nua-Eabhrac agus leis an nGinéiv) í an Háig.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bunaíodh an Háig timpeall na bliana 1230 nuair a cheannaigh Floris IV, Cunta na hOllainne, talamh feadh linne (ar a dtugtar "Hofvijver" faoi láthair) d'fhonn cónaí seilge a thógáil. Sa bhliain 1248, shocraigh William II, Cunta na hOllainne agus Rex Romanorum, an cónaí a shíneadh go pálás. Fuair sé bás sa bhliain 1256 roimh an pálás a chur i gcrích, ach chríochnaigh a mhac Floris V codanna den phálás agus is é an Ridderzaal (Halla na Ridirí), atá fós ann faoi láthair, an chuid is suntasaí. Baintear úsáid as fós le haghaidh ócáidí polaitiúla, ar nós óráid bhliantúil an mhonarc ón ríchathaoir. Ón 13ú haois ar aghaidh, bhain cuntaí na hOllainne úsáid as an Háig mar a n-ionad riaracháin agus a gcónaí agus iad san Ollainn.
Ainm agus stádas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Luadh an Háig don chéad uair mar 'Die Hage' i ndoiciméad ó 1242. Sa chúigiú haois, úsáideadh an teideal níos foirmiúla 'des Graven hage', sin 'coill an chunta' go litriúil. Mar sin, bhí fochialla ar nós 'fál an chunta, clós príobháideach nó tailte seilge' ag baint leis. Úsáideadh 's Gravenshage go hoifigiúil don chathair ón 17ú haois ar aghaidh. Faoi láthair, ní úsáidtear an teideal seo ach i ndoiciméid oifigiúla. Baineann an chathair féin úsáid as "Den Haag" i ngach cumarsáid eile.
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá ocht gceantar (stadsdelen) oifigiúla sa Háig. Tá siad roinnte i gcodanna níos lú (wijken).
- Escamp
- Haagse Hout
- Laak
- Leidschenveen-Ypenburg
- Loosduinen
- The Hague Center
- Scheveningen
- Segbroek
Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |