Make Poverty History

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMake Poverty History
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmakepovertyhistory.org Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra i Jersey i 2005

Is ea Make Poverty History feachtas idirnáisiúnta chun brú a chur ar cheannairí na dtíortha saibhre, go háirithe an G8 mar a thugtar orthu, chun fiacha na hAfraice a chur ar ceal. Tá beirt Éireannach cáiliúla ó Bhaile Átha Cliath chun cinn san fheachtas, mar atá, Bob Geldof agus Bono. Tá fadhbanna móra eacnamaíochta san Afraic mar aon le fadhbanna timpeallachta, SEIF, agus ráta báis na h-óige an-ard.

Bhí trí príomh-aidhmeanna ag an feachtas:

  • "Ceart-trádáil"
  • Fág an fiach ar lár
  • Níos mó cúnamh agus níos fearr.
Bráisléad an feachtais

Caitheadh an-chuid daoine na bráisléaid bána le MAKEPOVERTYHISTORY scríofa orthu. Siombail chumhachtach ab ea iad go mórmhór ag na ceolchoirmeacha Live 8 a d'eagraigh an feachtas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]