Jump to content

Adhmhaidin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Raidió na Gaeltachta

Clár nuachta is ea Adhmhaidin a chraoltar gach maidin idir 8 r.n. agus 915 r.n. ar Raidió na Gaeltachta.[1] Díríonn an clár ar chúrsaí reatha sa nGaeltacht, go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta, maille le tuairiscí spóirt agus achoimre de scéalta móra na nuachtán.

Tá an clár á chraoladh ó 1986 i leith. Bhí Seán Ó Tuairisg ar an gcéad láithreoir ag an gclár nuachta agus cúrsaí reatha Adhmhaidin i 1986 agus bhí sé de cháil air go gcuireadh sé ceisteanna crua ar pholaiteoirí na linne.

Tá an clár á chur i láthair ag, Máirín Ní Ghadhra (colúnaí de chuid Tuairisc.ie chomh maith), Séamus Ó Scanláin, Gormfhlaith Ní Thuairisg (go dtí 2022), srl.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Adhmhaidin" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-04-20.
  2. "Láithreoirí nua fógartha do chuid de phríomhchláir Raidió na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-20.