Seán Ó Tuairisg
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1 Samhain 1945 An Lochán Beag, Éire |
| Bás | 20 Aibreán 2023 77 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | craoltóir, iriseoir |
| Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Gradam a fuarthas
| |
Iriseoir agus craoltóir in RTÉ agus Raidió na Gaeltachta ba ea Seán Ó Tuairisg (1944 - 19 Aibreán 2023), ar dhuine de na chéad chraoltóirí a raibh a nglórtha le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta i 1972, agus ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge raidió agus teilifíse ba cháiliúla lena linn.[1] [2] [3][4]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'as an Lochán Beag, Indreabhán, i gCois Fharraige Seán Ó Tuairisg. Bhí sé ar dhuine de sheisear mac agus beirt iníonacha a bhí ag Máirtín Mór Ó Tuairisg agus a bhean Moya.
Rinne sé BA agus teastas i dteagasc na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus thug sé tréimhse ag múineadh in Ollscoil Ruhr in Bochum na Gearmáine agus tréimhse eile ag teagasc i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.
Bhí sé páirteach san fheachtas ar son raidió Gaeltachta sna 1960idí agus 1970idí agus i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Ghlac sé páirt ghníomhach san fheachtas toghchánaíochta ar son Pheadair Mhic an Iomaire, iarrthóir na gluaiseachta, i 1969[5].
Ba le Saor-Raidió Chonamara a thosaigh sé ag craoladh den chéad uair. Bhí sé ina chathaoirleach ar dhíospóireacht a craoladh ar an stáisiún bradach mí na Samhna 1970 faoi éileamh ar údarás neamhspleách Gaeltachta.[4]
RnaG agus RTÉ 1
[cuir in eagar | athraigh foinse]25 bliain d’aois a bhí sé ar nuair a bhí sé ar dhuine den seachtar fear is mó a luaitear le bunú Raidió na Gaeltachta um Cháisc 1972. Chaith sé tamall ina cheannaire ar chúrsaí nuachta sa stáisiún agus i 1977 ceapadh ina Leascheannaire é.
Bhí Seán Ó Tuairisg ar an gcéad láithreoir ag an gclár nuachta agus cúrsaí reatha Adhmhaidin ar RnaG i 1986. Is iomaí polaiteoir, náisiúnta agus áitiúil, a chuir sé faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Bhíodh sé géarchúiseach ina chur chuige agus bhí sé de cháil air go gcuireadh sé ceisteanna crua ar pholaiteoirí na linne.[4]
Chuaigh sé ag obair ina dhiaidh sin don chlár teilifíse Cúrsaí, a bhí faoi stiúir Chathail Goan agus a chraoltaí ar RTE 1 ceithre oíche sa tseachtain. Bhíodh tóir ar Cúrsaí, agus leis an gclár sin is mó a shamhlaítear tréimhse Sheáin Uí Thuairisg mar láithreoir teilifíse. Chuaigh sé timpeall na tíre agus an domhain mhóir leis an gclár, obair a thuill Gradam Jacobs dó i 1992 .[6] [3] Riamh roimhe ní bhfuair aon chraoltóir nuachta agus cúrsaí reatha a bhí ag déanamh a chuid oibre go hiomlán trí Ghaeilge a leithéid d’aitheantas.[2]
Bhí drochshláinte ag Seán Ó Tuairisg le roinnt blianta anuas agus cúram á dhéanamh dó in Áras Chois Fharraige. D'éag 20 Aibreán 2023 in aois 78 bliain dó.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Seán Ó Tuairisg (Inverin, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ 2.0 2.1 "Ó TUAIRISG, Seán (1945–2023)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-04-20). "An t-iarchraoltóir aitheanta Seán Ó Tuairisg tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Seán Ó Tuairisg, duine de bhunaitheorí RnaG, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-20.
- ↑ "ElectionsIreland.org: Peadar Mac an Iomaire". electionsireland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-21. Dáta rochtana: 2023-04-21.
- ↑ "Scéalta beatha ochtar Gael eile curtha le ainm.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-15). Dáta rochtana: 2025-10-15.