Coláiste Mhuire, An Chabrach
Mana | Pro deo Pro Patria | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | scoil eagraíocht neamhbhrabúis | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1931 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú |
| ||||
Suíomh gréasáin | http://www.colaistemhuire.ie | ||||
Is meánscoil lán-Ghaelach de chuid na mBráithre Críostaí é Coláiste Mhuire[1] (tá bunscoil ann freisin, Gaelscoil Choláiste Mhuire[2]). Tá an meánscoil suite ar Bhóthar Ráth Tó sa Chabrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, cé go mbíodh sé lonnaithe ag Cearnóg Pharnell ar feadh na mblianta fada suas go dtí 2003.[3] Tá an bunscoil fós suite i gCearnóg Pharnell.[2]
Is é mana na scoile ná Pro Deo Pro Patria (Ar son Dé, ar son na Tíre).[4]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an scoil ar dtús sa bhliain 1931 in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ar an taobh theas den chathair. Ba é an Br. M.R. Ó Tatháin an chéad phríomhoide ag an scoil nua. Ocht nduine dhéag de bhuachaillí a bhí i láthair ar an gcéad lá.
Bogadh é go 25 Cearnóg Pharnell ar an taobh thuaidh sa bhliain 1933. D'fhán an Coláiste ag an ionad sin ar feadh seachtó bliain.
Imeacht na mBráithre
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág na Bráithre deireanacha an coláiste sa bhliain 1993. Tá siad ina n-iontaobhaithe ag an scoil go fóill ach níl aon duine acu fágtha san fhoireann teagaisc.
Imeacht ó Chearnóg Pharnell
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ghá don choláiste an t-áitreabh ag cearnóg Pharnell a fhágáil sa bhliain 2003, mar gheall ar an droch-chaoi a bhí ar an bhfoirgneamh. Tugadh cóiríocht shealadach dó ar bhóthar Ráth Tó ina dhiaidh sin. Ní léir cén todhchaí atá i ndán don scoil amach anseo.
Príomhoidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Br. M.R. Ó Tatháin (1931-1943)
- An Br. U.G. Ó Coileáin (1943-1949)
- An Br. S.A. Ó Laoi (1949-1955)
- An Br. P.B. Ó Gairbheith (1955-1961)
- An Br. S.A. Ó Dónaill (1961-1967)
- An Br. L.P. Ó Caithnia (1967-1970)
- An Br. A.P. Caomhánach (1970-1973)
- An Br. M.F. Ó Donnchú (1973-1975)
- An Br. An Br. D.P. Ó Fearghail (1975-1979)
- An Br. S.C. Ó hAmaill (1979-1980)
- An Br. P.U. Ó Néill (1980-
2020idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oisin Mac Eoin
Iardhaltaí Cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ailéin de Diúc, Aire Rialtais agus Ceannaire FG ó 1987-1990.
- Brian Farrell, Iriseoir agus Láithreoir Teilifíse ar Chúrsaí Reatha.
- Cathal Mac Coille, iriseoir
- Des Cahill, iriseoir
- P.J. Mara
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Coláiste Mhuire Cabra. "Coláiste Mhuire" (English). Coláiste Mhuire. Dáta rochtana: 2023-12-30.
- ↑ 2.0 2.1 Gaelscoil Choláiste Mhuire. "Gaelscoil Choláiste Mhuire" (English). Gaelscoil Choláiste Mhuire. Dáta rochtana: 2023-12-30.
- ↑ RTÉ news (2002-12-17). "Coláiste Mhuire is to be relocated" (as en).
- ↑ Irisleabhar Choláiste Mhuire; Iubhaile Órga 1931-1981
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh gréasáin na scoile Bóthar Ráth Tó Baile Átha Cliath 7. D07 C97. Teil: 01-8688996. www.colaistemhuire.ie. Ríomhphost: runai@colaistemhuire.ie.
- Seansuíomh Gréasáin na Scoile (sa bhliain 2007)
- Óráid leis an Aire Oideachais, Noel Dempsey, ag oscailt oifigiúil chóiríocht nua an choláiste sa bhliain 2003