Jump to content

U2

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Adam Clayton)
Bosca Sonraí EagraíochtaU2
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Baill
Dik Evans (Barking, 1957 - ). Giotáraí

Adam Clayton (Chinnor, 13 Márta 1960 - ). Dordóir

Bono (Baile Átha Cliath, 10 Bealtaine 1960 - ). Amhránaí is scríbhneoir

The Edge (Londain, 8 Lúnasa 1961 - ). Giotáraí

Larry Mullen (Baile Átha Cliath, 31 Deireadh Fómhair 1961 - ). Drumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1976, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1976 –
Lipéad ceoilIsland Records
Columbia Records
Interscope Records
Mercury Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach, iarphunc, rac bog, rac damhsa, popcheol rac agus punc-rac Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Saothar suntasach
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinhttps://www.u2.com/
IMDB: nm1277752 Allocine: 132571 TV.com: people/u2 IBDB: 489410
Facebook: u2 Twitter: u2 Instagram: u2 Youtube: UC4gPNusMDwx2Xm-YI35AkCA TikTok: u2 Souncloud: u2 Spotify: 51Blml2LZPmy7TTiAg47vQ iTunes: 78500 Last fm: U2 Musicbrainz: a3cb23fc-acd3-4ce0-8f36-1e5aa6a18432 Songkick: 313388 Discogs: 6520 Allmusic: mn0000219203 Deezer: 163 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna rac-cheoil as Éirinn é U2. Is iad Bono (Paul David Hewson) (amhránaí), The Edge (David Howell Evans) (giotár), Adam Clayton (dordghiotár) agus Larry Mullen (drumaí) baill an ghrúpa.

Bunaíodh U2 i 1976, i mBaile Átha Cliath agus tá breis is 120 milliún albam díolta acu ar fud an domhain.

Mount Temple, BÁC
"The Fly" , Cleveland, OH 26 Márta 1992, Zoo TV Tour
Joshua Tree, 1994
U2 ar an stáitse i rith an Vertigo Tour ins an Bheilg - 2005
9-9-2014
U2,Joshua Tree Tour 2017, Brussels 8-1-17

Tús agus briseadh isteach sna cairteacha (1976-1980)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an banna le chéile den chéad uair ar an 25 Meán Fómhair 1976 i gcistin an drumadóra, Larry Mullen. Bhí seachtar ann, na buachaillí ó Mount Temple a d'fhreagair fógra a chuir Mullen ar crochadh sa scoil. Ghlac siad an t-ainm Feedback dóibh féin.

Tar éis bliain go leith de chleachtadh, d'aithraigh siad a ainm go The Hype agus bhuaigh siad £500 i seó tallainne os cionn Jackie Hayden as CBS Records. Rinne siad a chéad "demo" ceart leis an airgead sin.

Is é Steve Rapid, ball den bhanna punc Radiators From Space, a chum an t-ainm U2 dóibh.

I Meán Fómhair 1979, chuaigh a chéad EP U2-3 isteach sna cairteacha ag uimhir a haon in Éirinn. Chuaigh siad ar thuras gearr go Sasana chun cúpla ceolchoirm a dhéanamh.

Boy, October agus War (1980-1984)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shínigh U2 le Island Records i mí Mhárta 1980. Cuireadh Boy ar díol i Meán Fómhair na bliana sin. Meastar gurb é Boy ceann de na debut is fearr i stair an rac-cheoil. Chuaigh úrscéal Lord of the Flies i bhfeidhm go mór ar U2 agus feictear é seo san albam. Tá pictiúr do Peter Rowen, deartháir charad de chuid Bono, Guggi ar chlúdach an albaim. Tá amhráin ar nós I Will Follow agus Out of Control ar an albam Boy, amhráin a sheinneann U2 go fóill ina gcuid ceolchoirmeacha.

Cuireadh October amach i 1981. Tá téama láidir (an Chríostaíocht) le feiceáil san albam seo. Ní haon ionadh é ansin go raibh Bono, Edge agus Larry Mullen ina mbaill de ghrúpa Críostaí darbh ainm "Shalom" ag an am seo. Is é "October" an t-aon albam rac-Chríostaí a d'eisigh U2 agus níor éirigh go rómhaith leis an albam sna cairteacha.

Rinne U2 fístéip cheoil don amhrán Gloria ag an am seo. Meiert Avis a stiúir í.

Eisíodh War amach i Feabhra 1983.

The Unforgettable Fire agus Live Aid (1984–85)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig The Unforgettable Fire amach i Deireadh Fómhair 1984.

The Joshua Tree agus Rattle and Hum (1986–89)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig The Joshua Tree amach i Márta 1987 agus tháinig Rattle and Hum amach i Deireadh Fómhair 1988.

Achtung Baby, Zoo TV, agus Zooropa (1990–93)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Achtung Baby amach i Samhain 1991 agus tháinig Zooropa amach i Iúil 1993.

Passengers, Pop, agus PopMart (1994–99)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Pop amach i Márta 1997.

All That You Can't Leave Behind agus How to Dismantle an Atomic Bomb (2000–06)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig All That You Can't Leave Behind amach i Deireadh Fómhair 2000 agus tháinig How to Dismantle an Atomic Bomb amach i Samhain 2004.

No Line on the Horizon agus U2 360° Tour (2006–2011)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig No Line on the Horizon amach i mí Feabhra 2009, an dara halbam déag ó stiuidió U2. Tá tuairimí polaitiúla de chuid Bono le haithint san albam seo. Ba cheart aird agus aitheantas a thabhairt do na tuairimí seo mar ghné lárnach den saothar. Tá dearcadh Bono ar fhadhbanna na Liobáine soiléir ón teideal Cedars of Lebanon a dhéanann tagairt do bhrat na tíre.[1]

Songs of Innocence agus Innocence + Experience Tour (2011–2015)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Joshua Tree Tour 2017 agus Songs of Experience (2016–)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an clár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta agallamh le U2 sna 1980idí. Rinne siad a ndícheall cé go raibh meirg ar a gcuid Gaeilge. Dúirt Bono go raibh caitheamh ina dhiaidh aige nár fhoghlaim sé tuilleadh Gaeilge agus é ina dhalta scoile.[2]

In 2012, thóg TG Lurgan amach "Beautiful Day" nó "Glac an Saol go Réidh" de chuid U2.[3]

Bliain Albam Buaicphointí ar an gCairt
ÉIRE AST CEAN EIL FRA GEA N-S RA SAM SUA
1980 Boy 13* 35 4 13 52 63 38
1981 October 17* 34 6 11 104 40
1983 War 16* 9 4 4 59 5 1 12 2
1984 The Unforgettable Fire 53* 1 5 24 14 1 1 12 6
1987 The Joshua Tree 1 3 1 1 1 1 1 1 1 1
1988 Rattle and Hum 1 1 1 1 8 1 1 1 1 2
1991 Achtung Baby 1 1 1 3 1 4 1 2 1 3
1993 Zooropa 1 1 1 1 1 1 1 1 1 1
1997 Pop 1 1 1 1 1 1 1 1 1 1
2000 All That You Can't Leave Behind 1 1 1 2 1 1 1 1 3 1
2004 How to Dismantle an Atomic Bomb 1 1 1 1 1 1 1 1 1 1
2009 No Line on the Horizon 1 1 1 1 1 1 1 1 1 2
2014 Songs of Innocence 2 7 5 3 1 2 6 6 9 2
2017 Songs of Experience 1 2 9
2023 Songs of Surrender

Camchuairteanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • U2-3 Tour (1979–1980)
  • 11 O'Clock Tick Tock Tour (1980)
  • Boy Tour (1980–1981)
  • October Tour (1981–1982)
  • War Tour (1982–1983)
  • The Unforgettable Fire Tour (1984–1985)
  • The Joshua Tree Tour (1987)
  • Lovetown Tour (1989–1990)
  • Zoo TV Tour (1992–1993)
  • PopMart Tour (1997–1998)
  • Elevation Tour (2001)
  • Vertigo Tour (2005–2006)
  • U2 360° Tour (2009–2011)
  • Innocence + Experience Tour (2015)
  • The Joshua Tree Tour 2017 (2017)
  • Experience + Innocence Tour (2018)
  1. Mícheál Johnny Ó Meachair (2009-05-02). "U2 - No Line on the Horizon" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-05.
  2. Máirtín Ó Catháin (12 Eanáir 2017). "Léamhthuiscint 04 – U2 i gConamara (Cartlann 2017)" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-05.
  3. TG Lurgan / U2 (2012). ""Beautiful Day" as Gaeilge - Físeán Focail" (as en).