Jump to content

Rac malartach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Séanra CeoilRac malartach
BunúsStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1978 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball derac-cheol agus ceol malartach Cuir in eagar ar Wikidata

Sampla fuaime

Cuir in eagar ar Wikidata
R.E.M. - ceann de na chéad bhannaí a haicmíodh san earnáil seo.

Gné den rac-cheol atá i gceist leis an rac malartach, nó an ceol malartach. Thosaigh an téarma seo ag éirí níos coitianta le linn na n-ochtóidí agus na nóchaidí, chun cur síos a dhéanamh ar rac-bhannaí a bhí taobh amuigh den phríomhshruth ag an am. Go bunúsach, ba bhannaí iad a bhí tugtha don phunc-rac agus iad á bhfoilsiú faoi lipéid bheaga neamhspleácha, bannaí nach raibh furasta a aicmiú in aon earnáil eile. Deirtear gur tharla pléasc mhór an rac-cheoil mhalartaigh i ndeireadh na n-ochtóidí agus i dtús na nóchaidí, nuair a bhris na bannaí seo isteach sa chuilithe go tobann.

Is téarma an-leathan é rac malartach, agus níl aon sainmhíniú dearfa le fáil. Dá réir sin, cuirtear gach banna sainearnála sa chatagóir seo, cé go mbíonn siad sách difriúil eatarthu féin freisin.