Thin Lizzy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaThin Lizzy
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1969, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1969 –  1984
Lipéad ceoilDecca Records
Warner Bros. Records
Deram Records
Sony BMG Music Entertainment
Vertigo Records
Mercury Records
EMI Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac-cheol crua, gormrac agus ceol miotal trom traidisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Le cuid
Phil Lynott (1969–1983)
Brian Downey (1969–2013)
Scott Gorham (1974–)
Darren Wharton (1980–)
Marco Mendoza (1996–2013)
Ricky Warwick (2010–)
Damon Johnson (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinthinlizzy.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2277482 Facebook: ThinLizzyOfficial Twitter: thinlizzy_ Instagram: thinlizzy Youtube: UCvBfm-GXTovLlApGVPfsP4g Souncloud: thinlizzyofficial Spotify: 6biWAmrHyiMkX49LkycGqQ iTunes: 79217 Last fm: Thin+Lizzy Musicbrainz: 6a726ac6-019e-455c-8bbb-571a77bed52e Songkick: 531361 Discogs: 136188 Allmusic: mn0000590479 Deezer: 2139 Cuir in eagar ar Wikidata

Banna rac-cheoil as Baile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann ab ea Thin Lizzy. Bhí siad ar cheann de na bannaí ba mhó in Éirinn ar feadh na 1970idí agus na 1980idí nuair a bhí an dordghiotáraí Phil Lynott ina phríomhamhránaí orthu. Bhí cúpla amhrán an-cháiliúil acu, mar shampla The Boys Are Back in Town, Jailbreak agus an leagan rac-cheoil a rinne siad den amhrán traidisiúnta Éireannach Whiskey in the Jar.

Agus na blianta ag dul thart, bhí roinnt giotáraithe éagsúla ag Thin Lizzy, ach choimeád siad guth sainiúil dá gcuid féin i gcónaí. Mar a scríobhann an léirmheastóir Seán Ó Dubhagáin;

'mar fhoras cruthaitheach sa bhanna, ba scríbhneoir ní ba chliste is ní ba chríonna é Lynott ná flúirse de na scríbhneoirí óna stíl; is fearr leis drámaí 'slis den saol' ón lucht oibre agus iad ag déileáil le grá is fuath, le tionchair ó amhránaithe cosúil le Bob Dylan, Van Morrison agus Bruce Springsteen, agus iad go leor as traidisiún liteartha na hÉireann'.

Bhí tionchar mór ag Van Morrison ar Philo, agus tá an giota eolais sin le fáil san agallamh le Philo sa scannán Thin Lizzy, The Rocker; A Portrait of Phillip Lynott.

Bhí tionchar mór ag na grúpaí ceoil Meiriceánacha ar nós Bob Seger agus Little Feat ar Lizzy chomh maith. Bhain siad úsáid as ceol de gach stíl cosúil le ceol tíre agus ceol tuaithe, ach tá aithne orthu mar rac-bhanna nó banna rac-crua.

Tá aithne forleathan ar Lizzy mar cheann amháin de na bannaí as an stíl rac-crua; iadsan a chuir an comhcheol de dhá giotáir (cath na dá ghiotár) ar bhun - stíl a bunaíodh ag Wishbone Ash sa Ríocht Aontaithe, agus go neamhspleách ag Lynyrd Skynyrd agus The Allman Brothers Band i SAM.

Cuireadh deireadh leis an mbanna sa bhliain 1983, agus fuair Phil Lynott bás ag tús 1986. Cuireadh an banna ar ais le chéile sa bhliain 1996 chun turas a dhéanamh.

Is é Lynott fear gorm amháin, de líon an-bheag díobh, a bhain clú agus cáil amach sa rac crua. Bhí baill den chine geal agus gorm, de gach taobh den teorainn Éireannach agus idir Caitlicigh agus Protastúnaigh páirteach sa bhanna.

Bunús ainm an bhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí scéal, is fiú, faoi bhunús an ainm 'Thin Lizzy'. Ós rud é go bhfuil easpa agallamh taifeadta le na baill againn faoi bhunús an ainm, ní féidir ach amhantraíocht a dhéanamh mar gheall air.

Sa scéal is coitianta, cheannaigh an príomhsheinnteoir giotáir, Eric Bell, é féin tacaí ar John Mayall's Bluesbreakers, cóip de leabhar grinn 'An Dandy', tar éis dó Eric Clapton a fheiceáil ag léamh cóip amháin den leabhar grinn 'An Beano', ar an albam 'Bluesbreakers le hEric Clapton'. Bhí carachtar amháin sa chóip darbh ainm 'Tin Lizzie' agus fuair sé 'Thin Lizzy' ón ainm seo (Tá cuma ar 'Tin Lizzie' le blas Bhéarla Bhaile Átha Cliath mar 'Thin Lizzy').[1][2][3]

Stair (le Phil Lynott)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an grúpa go déanach sa bhliain 1969 i mBÁC, Éire, le Lynott, seinnteoir giotáir Eric Bell, seinnteoir orgáin leictreachais Eric Wrixon agus an drumadóir Brian Downey. D'imigh Wrixon go luath sa bhliain 1970, agus iad ag éirí tuirseach traochta de na failleanna teoranta i mBÁC, chuaigh an grúpa go léir chuig Londain sa bhliain 1971.

Tar éis dóibh conradh a shocrú le Decca Records, tháinig an chéad chnag i rith na bliana 1973, le 'Fuisce sa Crúiscín' (nó Whiskey in the Jar as Béarla) - cuma rac ar an seanamhrán traidisiúnta. Bhí fadhbanna ag an mbanna, áfach, leis an gconách a fuair siad lena mhacasamhail d'amhrán Whiskey in the Jar, agus tar éis gig tubaisteach Oíche Chinn Bliana 1973 nuair a d'fhág Eric Bell an stáitse agus é ar meisce. Fágadh an banna le ceoltóir in easnamh. Tháinig Gary Moore isteach díreach ina dhiaidh sin agus d'fhan sé chomh fada chun cúpla rianta a thaifeadadh, le hamhráin mar Little Darlin agus I'm Still in Love with You ag teacht amach as sin, chomh maith le conradh úr le Phonogram Records. Bhí fadhbanna ólacháin agus andúil i ndrugaí ag an mbanna, go dtí gur thit siad as a chéile. Bhí fadhb mhór le Lynott le hearóin sna hóchtóidí a chuaigh in olcas go dtí gur bhásaigh sé ar 4ú Eanáir 1986 le seipticéime. Cuireadh é i reilig Naomh Fhionntain ar leithinis Bheann Éadair. Tá dealbh de ar Shráid Harry, taobh le Sráid Grafton, i mBaile Átha Cliath, a nochtadh sa bliain 2005 os comhair a mháthar Philomena agus go leor iarbhall den grúpa Thin Lizzy.

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gayle Ritchie (6 Iúil 2020). "50 years of Thin Lizzy: Remembering the night frontman Phil Lynott took a tumble and fell into a Kirkcaldy crowd". Nostalgia. The Courier (Dundee).
  2. Alan Byrne (1 Feabhra 2006). "Thin Lizzy". SAF Publishing Ltd. 
  3. Harry Doherty (20 Samhain 2012). "Thin Lizzy: The Boys Are Back in Town". Music Sales Group.