Phil Lynott

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPhil Lynott

(1980) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Phil Lynott
(en) Philip Lynott
Beathaisnéis
Breith(en) Philip Parris Lynott
20 Lúnasa 1949
Bromwich Thiar, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Eanáir 1986
36 bliana d'aois
Salisbury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaReilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdordóir, pianódóir, cumadóir amhrán, ceoltóir, amhránaí, giotáraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1965 –
Ball de
Thin Lizzy (1969–1983) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac-cheol
TeangachaBéarla
UirlisDordghiotár, giotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilWarner Bros. Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
MáthairPhilomena Lynott
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1098354 Spotify: 7yVrX2XZQ8eaRiD1ykz0H7 Musicbrainz: 6af15841-1d62-495a-8b52-74eb6d603c5f Songkick: 738996 Discogs: 281068 Allmusic: mn0000284546 Find a Grave: 2012 Deezer: 66953 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir, amhránaí, agus cumadóir amhráin Éireannach ab ea Philip Parris Lynott, (20 Lúnasa, 19494 Eanáir, 1986). Thin Lizzy an grúpa is mó a bhí aige, agus bhí sé mar bhall bunaidh, cumadóir amhráin, príomhamhránaí agus dordghiotáraí leo. Bhain sé cáil amach mar amhránaí aonarach níos déanaí chomh maith.

Ag fás aníos i mBaile Átha Cliath i rith na 1960idí, bhí Lynott mar príomhamhránaí le roinnt bannaí ceoil, le Skid Row go mór mór, taobh le Gary Moore, sular fhoghlaim sé an dordghiotár. Bhunaigh sé Thin Lizzy sa bhliain 1969. I ndiaidh an rath a tháinig le "Whiskey in the Jar", d'éirigh leis clú is cáil a bhaint amach i rith na 1970idí le "The Boys Are Back In Town", "Jailbreak" agus "Waiting For An Alibi".

Ag deireadh na 1970idí, thug Lynott faoi ghairm aonarach, d'eisigh sé leabhar filíochta. agus i ndiaidh gur bhris Thin Lizzy suas, bhunaigh Lynott an banna Grand Slam, go dtí gur thit siad as a chéile sa bhliain 1985.

Ina dhiaidh sin bhí an tóir sa Ríocht Aontaithe ar an amhrán "Out in The Fields", a rinne sé le Moore, agus an mion-chnagshingil "Nineteen", sular fuair sé bás ar an 4 Eanáir 1986. Sa bhliain 2005, tógadh dealbh de i mBaile Átha Cliath.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Lynott i Ospidéal Hallam i mBromwich Thiar, Sasana, agus baisteadh é i Séipéal St Edward i Selly Park i mBirmingham.

Philomena Lynott an t-ainm a bhí ar a mháthair agus rugadh í i mBaile Átha Cliath ar an 22 Deireadh Fómhair 1930. Bhí a athair, Cecil Parris ó Georgetown, Ghuáin na Breataine. Chas Philomena le Parris i mBirmingham sa bhliain 1948, i ndiaidh gur bhog sí go Sasana ag lorg oibre, agus bhíodar i gcaidreamh ar feadh cúpla mí, go dtí gur d'aistríodh Parris go Londain. Beagáinín tar éis, fuair Philomena amach go raibh sí ag iompar agus. Nuair a rugadh Philip, bhí sí ina cónaí in áras máithreacha agus naíonán i Selly Oak, Birmingham.

Nuair a fuair Parris amach faoi Philip, chuaigh sé ar ais go Birmingham agus d'eagraigh sé lóistín i gcomhair Philomena agus Philip i mmBlackheath, baile gar go Birmingham. Mhair a caidreamh le Parris dhá bhliain eile. Thosaigh Parris ag obair i Londain agus ní raibh siad ina gcónaí lena chéile níos mó. Tar éis tamaill, bhog Philomena go Manchain, ach choimeád sí i dteagmháil le Parris. Cé gur dhiúltaigh Philomena é a phósadh, thug Parris airgead di chun Philip a thógáil.

Gan é ach ceithre bliana d'aois, chuaigh Philip le bheith ina chónaí lena sheanmháthair, Sarah Lynott, i gCromghlinn, Baile Átha Cliath. D'fhan a mháthair i Manchain, agus níos déanaí bhí sí mar bhainisteoir ar an Óstán Clifton Grange i Whalley Range lena páirtnéir, Dennis Keeley. Fuair an óstán an leasainm "The Biz". Luadh Thin Lizzy é ar a chéad albam.

Bhí Lynott sásta le linn a hóige i mBaile Átha Cliath, agus bhí gean air agus é ar scoil.

Blianta Luatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir uncail Lynott, Timothy, é ar an eolas faoi cheol trí a bhailiúchán ceirníní, agus bhí an-tionchar ag Tamala Motown agus 'The Mamas and the Papas' air. Ghlac sé ballraíocht ina chéad banna ceoil, the Black Eagles, i 1965 mar phríomhamhránaí. Sheinneadar amhráin de chuid ceoltóirí eile i gclubanna áitiúla timpeall Baile Átha Cliath. D'fhreastail sé ar Scoil na Mbráithreacha Chríostaí i gCromghlinn, áit a chas sé le Brian Downey, a chuaigh isteach sa banna níos déanaí. Thit an ngrúpa as a chéile de bharr easpa suim ón mbainisteoir Joe Smith, go háirithe tar éis gur fhág a bheirt mhac, giotáraí Danny agus Frankie.

D'fhág Lynott an teach clainne ansin agus bhog sé go árasán i gCluain Tarbh, áit raibh sé sa bhanna ceoil 'Karma Sutra' ar feadh tamaill beag. D'fhoghlaim sé conas a bheith mar phríomhamhránaí maith sa bhanna seo agus d'fhoghlaim sé conas caidreamh a dhéanamh le na lucht féachana.

Go luath i 1968, bhunaigh sé Skid Row le Brendan 'Brush' Shiels. Bhí Shiels ag iarraidh go mbeidh Downey mar dhrumadóir leis an mbanna ach ní raibh suim ag Downey agus fuair Noel Bridgeman an post. Shínigh an banna beart le Ted Carroll, a bhí mar bhainisteoir ar Thin Lizzy níos déanaí, agus sheinn siad roinnt amhráin, ar nós "Eight Miles High" le The Byrds, "Hey Jude" le The Beatles agus roinnt amhráin de chuid Jimi Hendrix. Mar nár sheinn Lynott aon uirlis ag an bpointe seo, bhain sé úsáid as bosca macallach chun a ghuth a ionramháil le linn cuideanna uirlise. Thosaigh sé ag smear snasán bróg faoina shúile, agus lean sé ag déanamh é seo agus é le Thin Lizzy, agus ghlac é féin agus Shiels páirt i dtroid bhréige ar stáitse chun an slua a mhealladh. I lár 1968, d'fhág an giotáraí Bernard Cheevers le dul ag obair i monarchan Guinness i mBaile Átha Cliath, agus thóg Garry Moore, ó Bhéal Feirste a áit.

D'ainneoin chomh maith is a raibh an mbanna ag dul, agus an chéad singil, New Faces, Old Places bhí Shiels buartha go raibh Lynott ga canadh san eochair mícheart. D'oibrigh sé amach go raibh fadhb le céislíní Lynott; thóg Lynott cead neamhláithreachta ón mbanna ansin. Faoin am a tháinig biseach air, agus bhí Shiels ann mar phríomhamhránaí. De bharr gur mhothaigh Shiels ciontach i ndiaidh gur, dáiríre, bhris sé a chara óna phost, mhúin sé do Lynott conas an dordghiotár a sheinnt, mar go raibh sé níos éasca le foghlaim ná giotár sé-sreang. Dhíol sé 'Fender Jazz Bass', a cheannaigh sé ó Robert Ballagh, ar chostas £36 do.

Chuir Lynott agus Downey banna eile le chéile go tapaidh darbh ainm, 'Orphanage', le giotáraí Joe Staunton agus dorghiotaraí Pat Quigley. Sheinn siad roinnt amhráin nua in aonacht le amhráin de chuid Bob Dylan, Free agus Jeff Beck. Bhí Lynott mar phríomhamhránaí, agus sheinn sé an giotár rithime ó am go ham.

Ag deireadh 2006, fuarthas roinnt téipeanna samplach de chuid Skid Row agus Orphanage le Lynott ag canadh. Is iad seo na taifeadadh is luath de Lynott agus cheapadh go raibheadar caillte ar feadh blianta.

Thin Lizzy[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh-airteagal: Thin Lizzy

Ag deireadh 1969, chuir Lynott agus Downey aithne ar an ngiotáraí Eric Bell, trí Eric Wrixon, méarchláraí leis an banna ceoil 'Them'. Bhí Bell níos fearr ag an ngiotár.

Bhunaigh an ceathrar dóibh Thin Lizzy. Tháinig an ainm ón gcarachtar "Tin Lizzie" ins an ngreannán The Dandy, agus bhí ainm an gcarachtar bunaithe ar leasainm an carr, Ford Model T. Cuireadh an "h" leis d'aon ghnó chun aithris a dhéanamh ar an slí ina bhfuaimníonn daoine le canúint Baile Átha Cliath an focal "thin". Fuair Lynott amach níos déanaí gurbh é "Aon dath is míon leat, chomh fada is a bhfuil sé dubh" an mana a bhí ag Henry Ford don Model T agus cheap sé go raibh sé oiriúnach dó. Smaoinigh na daoine eile sa bhanna go raibh Wrixon ag lorg an iomarca agus d'fhág sé i ndiaidh an chéad singil, The Farmer i mí Iúil 1970.

I rith blianta luath an banna, cé go raibh Lynott mar an príomhamhránaí, dorghiotáraí agus an príomhcumadóir amhráin, bhí sé fós réasúnta indírithe agus é ar stáitse agus bhí sé de nós aige seasamh ar taobh amháin den stáitse agus an spotsolas ar Bell. Ceapadh ar dtús gurbh é Bell, stiúrthóir an banna. Beag nár fhág Lynott an banna agus iad ag taifead an dara halbam, Shades of a Blue Orphanage, chun banna nua a bhunú le Ritchie Blackmore agus Ian Paice ó Deep Purple, ach rinne sé an cinneadh chuir le Thin Lizzy in ionad dul isteach le banna le ceoltóirí mór le rá. De bharr go raibheadar i gcruachás airgeadais ag an am, rinne Lizzy albam de amhráin de chuid Deep Purple, faoin ainm Funky Junction. Níor chan Lynott ar an albam mar gur cheap sé nach raibh a ghuth sa stíl céanna le Ian Gillan.

Ag deireadh 1972, fuair Thin Lizzy a chéad fionnachtain sa Ríocht Aontaithe ag tabhairt tacaíocht go Slade, agus iad ag éirí níos rathúil. Spreag an hata ard a bhí á chaitheamh ag Noddy Holder, agus é clúdaithe le scátháin, Lynott agus chur sé scáthán ar a dhordghiotár, agus lean sé leis ar feadh na mblianta. Ar oíche oscailte an camchuairt, bhris troid amach idir Lynott agus bainisteoir Slade, Chas Chandler, bhí Chas á mhilleanú faoi bheith indírithe ar stáitse agus an easpa teacht i láthair ar an stáitse agus caidreamh a bhí aige leis na lucht féachana, bhagair sé Lizzy a chaitheamh as an gcamchuairt mura tháinig feabhas láithreach ar seo. Forbair Lynott a theacht i láthair ar an stáitse ag an am seo, agus d'fhan sé mar seo, trí a shaol ar fad.

D'éirigh le Thin Lizzy singil a fháil isteach sna cairteanna le leagan rac-cheol den amhrán traidisiúnta Éireannach, "Whiskey in the Jar", agus an clúdach déanta ag Jim Fitzpatrick, ealaíontóir Éireannach agus cara le Lynott. Níor éirigh le aon de na hiar-singil faigh isteach sna cairteanna, agus i ndiaidh gur fhág Bell, Moore agus Downey, beag nár thit Thin Lizzy as a chéile i lár 1974. Ní raibh sé go dtí gur earcú giotáraí Scott Gorham agus Brian Robertson agus gur scaoileadh Jailbreak i 1976, gur éirigh le Thin Lizzy bheith mar réalta idirnáisiúnta leis an gcnagshingil is láidre, "The Boys are Back in Town". D'éirigh leis an singil uimhir a haon a bhaint amach in Éirinn, agus bhí sé sna cairteanna sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Mar sin féin, agus é ar camchuairt le Rainbow, tholg Lynott heipitíteas agus bhí ar an mbanna an camchuairt a chur ar cheall.

D'éirigh Lynott cairdiúil le Huey Lewis, nuair a bhí a bhanna, Clover, ag tabhairt tacaíocht go Thin Lizzy ar camchuairt. Chuaigh cumas Lynott mar phríomhamhránaí i bhfeidhm ar Lewis agus bhí sé spreagtha feabhas a chur ar a fheidhmíocht. D'éirigh leis rath a bhaint amach sna 1980idí. Chuaigh an camchuairt sna Stáit Aontaithe i bhfeidhm ar scríbhneoireacht Lynott, go háirithe ar na hamhráin "Cowboy Song" agus "Massacre", agus bhí dámh aige le Los Angeles.

Tar éis dóibh rath príomhshrutha a bhaint amach, chuaigh Thin Lizzy ar roinnt camchuairt Meirceánach i ndiaidh a chéile. Lean siad leis an rath a tháinig le Jailbreak le na halbaim rathúil, Bad Reputation agus Black Rose: A Rock Legend, agus an beoalbam Live and Dangerous, ar a bhfuil Lynott chun tosaigh ar an gclúdach. Mar sin féin, bhí an banna ag i dtrioblóid. Thóg Moore áit Robertson go sealadach i 1976, agus ansin go fadtéarmach an bhliain dár gcionn, de bharr aighneas pearsanta le Lynott, go pointe áirithe.

Go luath sna 1980idí, bhí Lizzy ag streachailt agus iad ag iarraidh níos mó rath, agus bhí comharthaí ann go raibh Lynott ag baint mí-úsáid as drugaí, taomaí asma rialta san áireamh. I ndiaidh gur éirigh Chris O'Donnell, bainisteoir Lizzy, as a phost agus bhí Gorham ag iarraidh fágáil, rinne Lynott an cinneadh an banna a bhriseadh suas i 1983. Bhí sé ag úsáid hearóin faoin am seo agus bhí sé ag cur isteach ar na taispeántais sa tSeapáin. Ar an 4ú Meán Fómhair d'éirigh leo an seó deireanach a rinne siad riamh (le Lynott mar phríomhamhránaí) i Nuremberg.

Na 1980idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1978, thosaigh Lynott ag obair ar tionscnaimh taobh amuigh de Thin Lizzy. Ghlac sé páirt i Jeff Wayne's Musical Version of The War of the Worlds, chan sé agus rinne sé páirt Parson Nathaniel ar "The Spirit of Man". Sheinn sé i seisiúin le go leor ealaíontóir ceoil, chan sé fonnadóireacht chúlra i gcomhair Bob Geldof ar Blast Furncace agus ar an EP "Blue Wave" le The Heatwaves. Rinne sé moltóireacht ar an gcomórtas Miss World i 1978.

Bhí an suim ag Lynott sa phunc-rac. D'éirigh sé cairdiúil le roinnt baill éagsúla de The Sex Pistols, The Damned agus banna ceoil Geldof, The Boomtown Rats. De bharr é seo, bhunaigh sé banna ceoil eile, "The Greedies" (glaotar "The Greedie Bastards" orthu ar dtús ach athraíodh é seo ionas nach chur sé múisiam ar éinne). Thosaigh an banna seo ag ceol i Londain sa bhliain 1978, le measctha amhráin de chuid Lizzy agus na Sex Pistols. I 1979, thaifead na Greedies amhrán Nollag, "A Merry Jingle", le baill Thin Lizzy in éineacht le Steve Jones agus Paul Cook ó na Pistols. Bhí aithne ag Lynott ar Jones agus Cook, ónar sheinn sé leo ar albam Johnny Thunders, So Alone an bhliain roimhe. Bhí Lynott cairdiúil le Midge Ure ó Ultravox i 1979, agus d'aithigh sé don chomhlacht ceirníní Ultravox a shíniú.

I 1980, bhí Thin Lizzy fós sách-rathúil, ach fós féin thosaigh Lynott gairm aonarach leis an albaim, Solo in Soho. Bhí an albam sách-athúil agus d'éirigh leis áit a fháil isteach sna 30 albaim is mó a díoladh an tseachtain sin. Tháinig dhá chnagshingil ón albam, "Dear Miss Lonelyhearts" agus "King's Call". Is amhrán ómósach go Elvis Presley a bhí i "King's Call", agus sheinn Mark Knopfler an giotár ar an amhrán. Ní raibh a dhara albam, The Philip Lynott Album, leath chomh rathúil, cé go raibh "Old Town" mar chnagshingil ón albam. D'úsáid an BBC an amhrán "Yellow Pearl" ón albam mar an gceol aitheantais do Top of the Pops ar feadh tamaill.

I 1983, i ndiaidh gur bhris Thin Lizzy suas, rinne Lynott singil le Roy Wood, Chas Hodges agus John Coghlan dar teideal, "We Are The Boys (Who Make All The Noise)". Chomhoibrigh Lynott le Gary Moore, a bhí i Thin Lizzy, go rialta ar roinnt traiceanna, na singil "Parisienne Walkways" agus "Out in the Fields" san áireamh. I 1984, bhunaigh sé banna nua, Grand Slam, le Doish Nagle, Laurence Archer, Robbie Brennan agus Mark Stanway. Chuaigh an banna ar camhchuairt timpeall na clubanna, ar nós The Marquee i Londain ach d'fhulaing siad de bharr gur cheap daoine gur drochleagan de Thin Lizzy a bhí iontu. Bhris siad suas ag deireadh na mbliana de bharr easpa airgid/ Bgus bhí an-dúil ag Lynott i hearóin ag an am sin.

I rith 1983-85, chomh-scríobh Lynott roinnt amhráin leis an ealaíontóir Briotanach R&B, Junior Giscombe, cé nár scaoileadh aon rud go hoifigiúil. Mar sin féin, máistrigh an léiritheoir Tony Visconti ceann do na hamhráin, "The Lady Loves To Dance" agus béag nár scaoileadh é ach chur an comhlacht ceirníní, Phonogram, stop leis. Nuair nach chuair Geldof agus Ure ceist ar Lynott páirt a ghlacadh i Live Aid, cuir é sin isteach go mór air, mar gur cairde a bhí iontu. Dúirt Geldof gurbh é an fáth a bhí le seo, ní raibh an Iontaobha Band Aid ach in ann am a chur ar fáil i gcomhair grúpaí a bhí an-mhór agus an rathúil, agus ag an am, ní raibh go leor tóir ar Lynott no Thin Lizzy.

Scaoileadh a shingil deireanach, "Nineteen", cúpla seachtain roimh a fuair sé bás, le Paul Hardcastle mar léiritheoir. I rith mí na Nollag 1985, bhí Lynott ag chur an traic chun cinn agus bhí air dul ar an teilifís chun an traic a chanadh. An mí céanna, rinne sé a agallamh deireanach agus labhair sé faoina pleananna i gcomhair an todhchaí, bhí sé beartaithe aige níos mó obair a dhéanamh le Gary Moore agus b'fhéidir Thin Lizzy a athchóiriú, rud a bhí sé ag labhairt faoi go príobháideach le Scott Gorham cheana féin. Thaifead sé roinnt ábhar le Archer, Huey Lewis agus baill de bhanna ceoil Lewis, the News i 1985, ach níor scaoileadh é seo.

Leabhair Filíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Lynott a chéad leabhar filíochta "Songs For While I'm Away" i 1974. Bhí 21 dánta ann, gach cheann acu déanta suas de liricí Thin Lizzy, ach ceann amháin dar teideal "A Holy Encounter". Níor chlóightear ach 1000 cóipeanna den leabhair. I 1977, d'fhoilsigh sé leabhar eile, dar teideal "Philip". I 1997, chuireadh an dá imleabhair le chéile chun leabhar amháin a chruthú agus chuireadh an teideal "Songs For While I'm Away" air. Rinne Tim Booth agus ealaíontóir Thin Lizzy Jim Fitzpatrick na léaráidí don leabhar agus rinne Peter Fallon agus John Peel réamhrá don leabhar.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 14 Feabhra, 1980, phós Lynott Caroline Crowther, iníon leis an bhfuirseoir Sasanach Leslie Crowther. Chas sé léi agus iad ag obair i gcomhair ony Brainsby ins na 1970idí. Bhí beirt pháistí acu, Sarah (a rugadh ar an 19 Nollaig 1978) agus Cathleen (a rugadh ar an 26ú Iúil 1980). Scríobh sé amhráin den bheirt acu. Thit an pósadh as a chéile i 1984 de bharr mí-úsáid drugaí Lynott.

Bhí mac ag Lynott chomh maith, ach tugadh suas é le huchtú. I 2003, fuair Macdaragh Lambe amach gurbh é Lynott a fhíor-athair agus dhearbhaigh Philomena Lynott é seo in agallamh le nuachtán i mí Iúil 2010.

Tógtha in Éirinn, cheap Lynott i gcónaí go raibh sé ina Éireannach. Dúirt a chara, Scott Gorham, ó Thin Lizzy i 2013: "Phil was so proud of being Irish. No matter where he went in the world, if we were talking to a journalist and they got something wrong about Ireland, he'd give the guy a history lesson. It meant a lot to him." Ins na 1980idí cheannaigh sé roinnt tithe i mBinn Éadair agus bhronn sé ceann amháin dóibh, White Horses, ar a mháthair ar a caogú breithlá.

Bhí an-suim ag Lynott sa pheil chomh maith, agus thug sé tacaíocht do Manchester United. Bhí sé an-cairdiúil le George Best, peileadóir le United agus Tuaisceart na hÉireann. Bhuail siad le chéile go rialta san Óstán Clifton Grange. Bhí sé mar scairshealbhóir den chlub níos déanaí chomh maith.

Bhí Lynott mar chaptaen foirne ar an gclár tráth na gceist ar an BBC, Pop Quiz ins na 1980idí, le Mike Read mar óstach. Bhí sé mar chaptaen i gcoinne Alvin Stardust i 1984, ar eipeasód míchlúiteach ina raibh aiféala ar Morrissey faoin bpáirt a ghlac sé sa chlár.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh chuimhneacháin do Phil Lynott i mBÁC

Bhí Lynott óg nuair a thosaigh sé ag glacadh drugaí. Ar an 25 Nollaig 1985 thit sé i laige ina theach i Kew, Londain. Tháinig a mháthair air agus chuaigh sí i dteagmháil le bean chéile Lynott, Caroline. D'aithin sí lom díreach cad a bhí mícheart. Thiomáin Caroline é go clinic drugaí i gClouds House in Oirthear Knoyle, gearr go Warminster agus ainsin go Salisbury Infirmary. Diagnóisíodh go raibh seipticéime air.

Cé gur tháinig a aithne ar ais go leor le labhairt lena mháthair, d'imigh Lynott in olcas roimh an bhliain nua agus chuirtear ar análaitheoir é. Fuair Lynott bás de bharr niúmóine agus teipeadh croí de thoradh an seipticéime ins an aonad dianchúraim den ospidéal ar an 4 Eanáir 1986, gan é ach 36 bliain d'aois.

Bhí sochraid Lynott i St. Elizabeth's Church, Richmond, Londain ar an 9 Eanáir 1986. Bhí cuid mhór de iarbhaill Thin Lizzy ann. Bhí seirbhís eile ann i Séipéal Binn Éadair ar an 11ú Eanáir. Tá Phil Lynott curtha i reilig St. Fintan's, Cill Fhionntáin, Baile Átha Cliath. Ar a leac uaighe, tá na focail “Go dtuga Dia suaimhneas dá anam”.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Thin Lizzy ar ais le chéile i gcomhair léiriúchán beo i 1986. Bhí Bob Geldof, chara le Lynott, mar phríomhamhránaí. I 1996 lean Thin Lizzy ar aghaidh ag déanamh léiriúcháin beo gan Lynott. I 2012, rinne iarbhaill Thin Lizzy an cinneadh ábhar nua a thaifead, ach rinneadar é faoi ainm nua, Black Star Riders. Cheap siad nach mbeidh sé cothrom amhráin Thin Lizzy a thaifead gan Lynott.

Gach bliain ó 1987, eagraíonn chara Lynott, Smiley Bolger, féile i gcomhair Lynott, cothrom an lae a bhásaigh é dar teideal, Vibe for Philo. Seinneann roinnt ceoltóirí ag an bhféile, bannaí ómóis san áireamh agus ó am go ham, iarbhaill Thin Lizzy. Ar an 4 Eanáir 1994, bhunaigh cairde agus clann Lynott iontaobhas in ainm Lynott, chun scoilearachtaí a chur ar fáil i gcomhair ceoltóirí nua.

I 2005, nocht siad dealbh chuimhneacháin cré-umha ar cóimhéid le Lynott ina onóir ar Sráid Harry, as Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath. D'fhreastail máthar Lynott ar an searmanas agus sheinn iar-bhaill Thin Lizzy, Gary Moore, Eric Ball, Brian Robertson, Brian Downey, Scott Gorham agus Darrenn Wharton ceol beo ann. Tugann a chlann. cairde agus lucht leanúna cuairt air a uaigh i St. Fintan's Cemetary i gCill Fhionntain in oirthuaisceart Baile Átha Cliath go minic.

Chomh maith le atheisiúint de ábhar Thin Lizzy, rinneadh an rud céanna le ábhar aonarach Lynott. I mí Aibreán 2007, scaoileadh an scannán The Rocker: A Portrait of Phil Lynott ó 1996, déanta suas de píosaí scannánaíochta ón gcartlann den chuid is mó ar DVD sa Ríocht Aontaithe. I Lúnasa 2010, scaoileadh Yellow Pearl. Is bailiúchán é seo de amhráin ó albaim aonarach Lynott.

I Meán Fómhair 2012, chuir máthar agus baintreach Lynott i gcoinne Mitt Romney ag baint úsáid as an amhrán "The Boys are Back in Town" ina fheachtas toghchánaíochta. In agallamh leis an irisleabhar Éireannach, Hot Press, dúirt Philomena Lynott "As far as I am concerned, Mitt Romney's opposition to gay marriage and to civil unions for gays makes him anti-gay – which is not something that Philip would have supported."

Bhí sé an-deacair ar Philomena glacadh le bás a mac agus tugann sí cuairt ar a uaigh go minic.

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thin Lizzy[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1971 - Thin Lizzy
  • 1972 - Shades of a Blue Orphanage
  • 1973 - Vagabonds of the Western World
  • 1974 - Night Life
  • 1975 - Fighting
  • 1976 - Jailbreak
  • 1976 - Remembering
  • 1976 - Johnny the Fox
  • 1977 - Bad Reputation
  • 1978 - Live and Dangerous
  • 1979 - Black Rose: A Rock Legend
  • 1979 - Continuing Saga of Ageing Orphans
  • 1980 - Chinatown
  • 1981 - The Adventures of Thin Lizzy
  • 1981 - Renegade
  • 1983 - Thunder and Lightning
  • 1983 - Life
  • 1987 - The Collection
  • 1991 - Dedication: The Very Best of Thin Lizzy
  • 1999 - Boys Are Back in Town: Live in Australia
  • 2000 - One Night Only [live]
  • 2004 - Thin Lizzy Greatest Hits

Phil Lynott[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1980 - Solo in Soho
  • 1982 - The Phil Lynott Album

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]