Guinness

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Guinness
Logo Guinness
Saghas comhlachta Deochanna
Bunaithe 1759
Suíomh Baile Átha Cliath
Tír (Tíortha) Éire
Daoine lárnacha Clann Guinness
Méid fostaithe 5000
Tionscail Grúdú

Leann dubh (cineál beorach) is ea Guinness atá á ghrúdú ag Geata San Séamais, áit ina bhfuil grúdlann Guinness lonnaithe ón bhliain 1759 i leith.

Tá cáil domhanda ar ghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, agus cé nach i seilbh Éireannach a thuilleadh é agus nó mbruitear i dtíortha eile é, meastar go leathan gur fearr Guinness na hÉireann.

Pórtar Mhic Aonghusa a thugtar ar Guinness scaití.

Diageo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leis an comhlacht Diageo anois é an t-ollbhranda Guinness, tar éis cónascadh sa bhliain 1997 idir Guinness PLC agus Grand Metropolitan PLC. Déanann an chomhlacht chéanna lager Harp, mar aon le beoir eachtrannacha a bhruith agus a dháileadh faoi chonradh. Tá Diageo i gceannas ar an chuid brandaí. Tá siad i gceannas ar brandaí ar nós Baileys agus Smirnoff[1]. Is féidir an liosta iomlán a fheiceáil anseo[1]. Tá Diageo lonnaithe i 180 tír, le 150 suíomh timpeall an domhain go ndéantar táirgí an chomhlachta[2]. Fostaíonn Diageo thart ar 27,775 duine ar fud an domhain[2].

Sa bhliain 2017, rinne Diageo an cinneadh chun dearradh nua a chur ar an ngloine Guinness. Tá an gloine nua níos airde, níos tanaí agus níos éasca lámh a chur timpeall air[3]. Deirtear go bhfuil sé níos fearr ag coinneál an ceann cáilliúil go mbíonn ar pionta Guinness[3] chomh maith.

Stair Ceannairí Guinness[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Arthur Guinness i gCill Droichid, áit ina raibh sé ina chónaí ann ar feadh 25 bliana [4]. Thosaigh Arthur ag grúdáil nuair a d'fhág ardeaspag agus a athair dé 100 punt dó ina thoil. D'oscail sé an chéad grúdlann i Léim an Bhradáin leis an £100 sin. Bhog Arthur an gnó Guinness go Baile Átha Cliath sa bhliain 1759[4]. Bhí 21 páiste aige, ach as an 21 sin, d'fhás 10 gcinn aníos go daoine fásta[5].

Rugadh Arthur Hart Guinness ar Sráid Thomáis i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1768[6]. Thosaigh sé ag obair ag Geata San Séamus lena athair sna 1780dí. Dúirt Arthur i litir gur cuidigh a mhac go mór le fás agus forbairt an grúdlann ag an am seo [7].

Dealbh Benjamin Lee Guinness os comhair Ardeaglais Naomh Phádraig

Rugadh Benjamin Lee Guinness, mac le Arthur II, sa bhliain 1798[8]. Bhí sé mar an chéad ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1855 thóg sé ceannasaíocht ar an ngrúdlann a thosaigh a seanathair[8]. Rinne sé níos mó fás agus forbairt ar an ngnó, agus mhéadaigh sé margadh Guinness go Méiriceá agus lár na hEorpa. Deirtear gurb é an fear is saibhre sa tír ag an am[8]. Sa bhliain 1860, chuir sé a airgead féin isteach go Ardeaglais Naomh Phádraig nuair a bhí sé ar tí a bheith scriosta. Thóg sé teach ollmhór i bpáirc Naomh Áine sa bhliain 1837[9].

Fuair Benjamin Lee Guinness bás sa bhliain 1868, agus d'fhág sé an ghnó ar fad leis a mhac Edward Lee Guinness. Chas Edward an gnó Guinness go dtí an grúdlann is mó ar domhain[10]. Chuaigh an ghnó ar an stocmhalartán thall i Londain. Sa bhliain 1886, Cheapadh Edward mar Chathaoirleach ar an ngnó Guinness, ról a bhí mar chuid den chlann Guinness go dtí an bliain 1986[10]. Thosaigh Edward an Iontaobhais Uíbh Earcach sa bhliain 1890[11]. An aidhm atá ag an Iontaobhas ná chun tithíocht ar fud na cathrach a chur ar fáil do lucht oibre na cathrach[11]. Ar barr an post a bhí aige ag an ngrúdlann, bhí sé mar ardmhéara Baile Átha Cliath ar feadh tréimhse[12]. Lean Edward agus a dheartháir Arthur ar aghaidh le obair a athair ar son na cathrach, ag tógáil Páirc Naomh Phádraig taobh thiar den Ardeaglais, rud a thóg buntáistí ar leith leis le haghaidh na daoine ina chónaí ar Sráid Chaoimhín agus Lána Bhál [12]. Cheapadh é mar Seansailéir Átha Cliath sa bhliain 1908, tar éis dó an chuid airgead a thabhairt ar son Coláiste na Trionóide[12].

Rugadh Rupert Guinness sa bhliain 1874. Tá sé cáílliúl as a bheith mar rabhaí den scoth agus mar cathaoirleach den bord Guinness i ndiaidh bás a athair[13]. Idir 1893 agus 1911, Bhuaigh sé an chuid comórtais rábhaíochta. Bhí sé mar uachtarán ar an club rabhaíochta Tamais i Sasana go dtí 1911, nuair a fuair a athair Edward bás. Bhí sé i gceannas ar Guinness nuair a rinneadh an cinneadh chun Guinness a grúda thar lear. D'oscail grúdlann Guinness i Londain sa bhliain 1936[13]. Bhí an grúdlann ar leith sin ar oscailt go dtí 2005, nuair a dúnadh é chun grúdlainne eile a oscailt ar fud an domhain[14].

Bhí Benjamin Guinness, Gar-mhac le Rupert, an duine deirneach ón clann chun a bheith i gceannas ar an gcomhlacht. Fuair sé an ról de cathaoirleach sa bhliain 1962, agus thug sé suas an ról sa bhliain 1986[15]. Tháinig Guinness agus Metropolitan PLC le chéile chun Diageo a dhéanamh sa bhliain 1997

Comhábhair agus Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógra Guinness san Aifric ón mbliain 1968

Tá Guinness déanta suas de 4 príomh comhábhair. Is iad sin uisce, gráin, spíosraí agus giosta[16]. an gráin go n-úsáideann Guinness ná eorna. déantar an eorna a braiche agus ansin a róst chun an dath cáilliúil dubh a thabhairt[16]. Úsáidtear hopa mar an spíosra agus ansin an giosta Guinness, atá déanta ag Guinness ar feadh na blianta. Ó na1950dí ar aghaidh, chuir Guinness nítrigin sna beoir chun an cúr ar barr an deoch a thabhairt dó[16]. Tá seo mar a dhéantar Guinness an lae inniu.

Tá níos lú calaire i pionta Guinness ná mar atá i ngnáth pionta beorach[17]. Tá 0.3 graim d'iarainn i ngach pionta chomh maith, atá thart ar 3% den méid gur chóir do ghnáth duine fásta a bheith ag tógáil isteach gach lá[18]. Tá leibhéal ard de snáithín agus vitimíní B, atá an-mhaith do do sláinte ina iomlán[19]. Ón mbliain 2015, rinneadh Guinness go hiomlán veigeán[20]. Rinneadar athrú ar na comhábhar ionas gur féidir veigeán a ghlaoch ar an deoch cáilliúil go hoifigiúil[20].

Tá sé ráite ag Guinness go bhfuil dath dearg ar an leann seachas dubh[21]. Sna sean laethanta, bhí Guinness déanta ag baint úsáid as uisce ón Chánail Mhór[22].

Féiniúlacht na hÉireannaigh agus Guinness[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pionta Guinness

Sa bhliain 2003, Rinne Ollscoil Mhálta staidéar ar an gcaoi go bhfuil baint ag an Guinness leis an bhféiniúlacht d'Éireannaigh[23]. Déantar cur síos ar an gcaoi go n-ordaíonn daoine pionta Guinness nuair atá siad faoi bhrú chairde faoin tuaithe nó nuair atá siad i dtíortha eile, chun an blas Éireannach a fháil[23]. Déantar tagairt chomh maith chuig an 'Pionta Foirfe' agus na scéalta draíochtúil atá taobh thiar den leann dubh[23].

Tá pointe sa pháipéar a dheireann go bhfuil cumhacht ag Guinness a bheith ceangailte i gcuimhneacháin daoine mar áit, seachas mar deoch[23]. Deir roinnt de na daoine curtha faoi agallamh go smaoiníonn siad ar Tír Chonaill nó Baile Átha Cliath[23]. Tá béim ar seo sa chonclúid, a deirtear go bhfuil Guinness ceangailte go mór le heisimircigh atá ag iarraidh blaisín Éireannach[23]. Bíodh sé Baile Átha Cliath nó Corcaigh, Is cuimhneacháin den áit dúchais é[23]

I 1959, Thosaigh Guinness le scéim fógraíochta, ag díriú ar aois an chomhlachta[24]. Dhírigh an scéim ar an gcaoi go raibh Guinness thart ar feadh 200 bhliain, agus go mbeidh sé thart ar feadh tamaill eile. Bhí seo déanta chun dul in iomaíocht dhíreach le comhlachtaí agus grúdlainne eile sa tír ag an am[24]. Tá sé dírithe ar an lucht oibre Éireannach, na comhábhair Éireannach, agus an bród atá ag Guinness a bheith Éireannach[24]. "Brewed by the Irish for the Irish" ceann de na línte den fhógra. Chríochnaigh an fhógra leis an ráiteas go bhfuil Guinness sláintiúil duit (frása nach raibh ceadaithe níos déanaí[25], féach anseo). I bhfógra eile ón scéim céanna, deirtear go bhfuil daoine Éireannach a chabhraigh le Arthur Guinness a gnó a bhunú fós ag baint sult as Guinness 200 bliain níos déanaí[24].

Sa bhliain 1966, rinne Guinness scéim fógraíochta eile, ina chuireadar béim ar na feirmeoirí agus an eorna[24]. Luaitear sa fógra go n-úsáideann Guinness 75% (80% níos déanaí[24]) den eorna atá á fás ag feirmeoirí na tíre. Bhí siad ag tabhairt tacaíocht chuig Seó Samhradh Corcaigh agus Seó Talmhaíochta Chill an Dísirt sa bhliain chéanna, ag léiriú nach raibh siad chun a dhroim a chasadh leis an roinn sin den Geilleagar[24].

Geata San Séamus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geata San Séamus

Lonnaithe ar Sráid Thomáis, Tá Geata San Séamus mar cheann de na grúdlainne is mó ar domhain. Thosaigh an scéal seo nuair a shínigh Arthur Guinness léas ar an ngrúdlann ar feadh 9000 mbliain[26]. Bhí an ngrúdlann chomh mór le ceithre acra, agus bhí dó dhéag chapaill ag an ngrúdlann ag an am.

Mhéadaigh an ngrúdlann ó shin, le méadú ag teacht ar na tithe grúda, atá fós ina seasamh sa lá atá inniu ann[26]. Sa bhliain 1886, bhí Guinness mar an grúdlann is mó ar domhain go hoifigiúil, ag cur amach 1.2 milliúin barrille in aghaidh na bliana[26]. I rith an fichiú aois, tháinig níos mó feabhais ar an ngrúdlann, nuair a rinneadh é go hiomlán uathoibríoch[10]. I ndiaidh sin, sa bhliain 1996, thuill an grúdlann an teastas ISO 14001. Is teastas a thuilltear as a bheith ag feidhmiú go maith i leith an timpeallacht[26].

D'oscail teach grúda 4 sa bhliain 2014. Is ceann de na tithe grúda is fearr ó thaobh na teicneolaíochta ar domhain é[10]. Tá Guinness go fóill ag ceannach eorna Éireannach agus ag cuidiú leis an nGeilleagar Éirennach sa lá atá inniu ann[10]

Sa bhliain 2000, d'osclaíodh an Guinness Storehouse mar imeacht do turasóirí[26]. Tá cliú agus cáil ar an turas ar fud an domhain, agus de réir Tripadvisor, caithfear an turas a dhéanamh má tá tú ag déanamh cuairt ar Cathair Átha Cliath[27].

Grúdlainne Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhartha os comhair Geata San Séamus, Baile Átha Cliath

Tá Guinness díolta sa lá atá inniu an ar fud an domhain. De réir an Grúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, tá Guinness déanta i 49 tír ar domhain agus díolta i 150 tír ar domhain[21]. Deirtear go n-óltar 10 milliún gloine de Guinness ar fud an domhain gach lá[21].

Tá 5 príomh grúdlann lonnaithe timpeall an domhain. Tá siad lonnaithe i mBaile Átha Cliath, an Mhalaeisia, an Nigéir, Camarún agus na Stáit Aontaithe Méiriceá[21]. Deirtear go n-óltar thart ar 40% de Guinness ar fad ar domhain san Aifric[22].

Lá Arthur[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2009, bhí céiliúradh 250 bliain ag Geata San Séamus. D'eagraigh Guinness an céiliúradh de 'Arthurs Day' a chur ar siúl. Lá lán de ceolchoirmeacha a bhí i gceist leis an lá, ach fuair Guinness réidh leis i ndiaidh cúig bliana[28].

Guinness Sofheicthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, Chuir Guinness fógra amach le Brian O'Driscoll agus Lawrence Dallaglio, ag fógairt Guinness so-fheicthe. Is féidir an fógra a fheiceáil anseo[29]. Ba scéim fógraíochta é chun fógraíocht a dhéanamh ar uisce agus na buntáistí atá ag baint leis nuair atá daoine amach ag baint taitneamh as an rugbaí[30]. Ba é an mana a bhí ag an fógra ná chun é a ól chun cuimhniú ar an gcluiche.

Táirgí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá raon leathan ag Guinness sa lá atá inniu ann[31]. I measc na táirgí seo tá:

  • Guinness Bhairille
  • Guinness Eachtrach Leann Dubh
  • Guinness Buidéalaithe
  • Pórtar Átha Cliath
  • Pórtar na nIndiacha Thiar

Is féidir an raon iomlán a fheiceáil anseo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Brand introduction" (en-gb). Diageo. Dáta rochtana: 2021-02-14.
  2. 2.0 2.1 "Global" (en-gb). Diageo. Dáta rochtana: 2021-02-14.
  3. 3.0 3.1 morningadvertiser.co.uk. "New Guinness glass revealed" (en-GB). morningadvertiser.co.uk. Dáta rochtana: 2021-02-14.
  4. 4.0 4.1 Discover Celbridge (2021). "The Arthur Guinness Story". Dáta rochtana: 26/01/2021.
  5. "5 things you didn’t know about Arthur Guinness" (en). IrishCentral.com (2018-03-27). Dáta rochtana: 2021-01-27.
  6. "Arthur Hart Guinness b. 12 Mar 1768 Dublin, Ireland d. 9 Jun 1855 Beaumont, County Dublin, Ireland: Famous Jam?sons". www.famousjamesons.com. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  7. peoplepill.com. "About Arthur Guinness: Irish brewer, banker, politician and flour miller (born: 1768 - died: 1855) | Biography, Facts, Career, Wiki, Life" (en). peoplepill.com. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  8. 8.0 8.1 8.2 "Sir Benjamin Lee Guinness, 1st Baronet | Irish brewer" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  9. "High above". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 The Guinness Storehouse (02/02/2021). "Archive Fact Sheet: The History of Guinness" (1). 
  11. 11.0 11.1 "About The Trust – The Iveagh Trust" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-02.
  12. 12.0 12.1 12.2 "Edward Cecil Guinness – The Iveagh Trust" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-02.
  13. 13.0 13.1 "DIB entry of the day: Rupert Guinness" (ga). Royal Irish Academy (2019-05-15). Dáta rochtana: 2021-02-07.
  14. "UK: Diageo to close Guinness brewery in London". www.just-drinks.com (2004-04-15). Dáta rochtana: 2021-02-07.
  15. "Irish Archives Resource - Archive Details". www.iar.ie. Dáta rochtana: 2021-02-08.
  16. 16.0 16.1 16.2 "Guinness: ABV, Types, and Nutrition Facts" (en). Healthline (2020-02-17). Dáta rochtana: 2021-01-27.
  17. "Is Guinness Actually Healthy? Here's What a Beer Expert Says" (en). EatingWell. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  18. "5 Health Benefits Of Guinness On St. Patrick’s Day" (en-US). Virginia Spine Institute (2017-03-14). Dáta rochtana: 2021-02-04.
  19. Lisa Drayer CNN. "Is Guinness really 'good for you'?". CNN. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  20. 20.0 20.1 Vegan Food and Living. "It's official - all Guinness is now suitable for vegans in draft, bottle and can form" (en-GB). www.veganfoodandliving.com. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  21. 21.0 21.1 21.2 21.3 The Guinness Storehouse (07/02/2021). "Guinness Facts". Fact Sheet (1). 
  22. 22.0 22.1 "Facts about Guinness you probably didn't know" (en-US). Wild Rover Tours (2018-01-11). Dáta rochtana: 2021-02-08.
  23. 23.0 23.1 23.2 23.3 23.4 23.5 23.6 Brenda Murphy (01/01/2003). "Pure Genius: Guinness Consumption and Irish Identity". New Hibernia Review (7). 
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 24.4 24.5 24.6 Patricia Medcalf (01/11/2016). "[https://arrow.tudublin.ie/cgi/viewcontent.cgi?article=1143&context=icr In Search of Identity: an Exploration of the Relationship Between Guinness' Guinness's Advertising and Ir tising and Ireland's Social and E s Social and Economic conomic Evolution Between 1959 and 1969]". Irish Communication Review 15 (1). 
  25. "Now ads can't say it but you always knew it: Guinness IS good for you" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  26. 26.0 26.1 26.2 26.3 26.4 "St James's Gate: a brief history" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-02-08.
  27. "Guinness Storehouse | Dublin | UPDATED February 2021 Top Tips Before You Go (with Photos)" (en-IE). Tripadvisor. Dáta rochtana: 2021-02-08.
  28. "Guinness scraps Arthur's Day after five years, in favour of Amplify" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  29. Brian O’Driscoll and Lawrence Dallaglio try Guinness Clear for the first time #GuinnessClear - YouTube
  30. "Guinness Clear" (en-ie). www.guinness.com. Dáta rochtana: 2021-02-14.
  31. "Our Beers" (en). www.guinness.com. Dáta rochtana: 2021-01-28.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]