Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSráid Thomáis, Baile Átha Cliath

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°20′N 6°17′W / 53.34°N 6.28°W / 53.34; -6.28
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1383625

Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath[1] lonnaithe ar dhroim nádúrtha den Life, agus is ceann de na sráideanna is sine i mBaile Átha Cliath í.[2] Bhíodh sé mar an ceannstáisiún oirthear den Slige Mór.[2] Tá sé lonnaithe sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath, idir an Margadh Arbhar agus grúdlann Guinness ag Geata San Séamus.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mainistir Thomáis an Mairtíreach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athraíodh ainm an tséipéil sa bhliain 1177, nuair a ainmíodh í i ndiaidh Naomh Thomáis an Mairtíreach é.[3] Tá sé ainmnithe i ndiaidh Tomás Beicéid. D'ainmigh an Rí Anraí é ina ndiaidh toisc gur dúnmharaigh ridirí an rí é ina séipéal féin. D'athraíodh go mainistir tamaillín i ndiaidh sin é [3].

Bhunaigh Rí Anraí an Mhainistir, ach ba é a mhac, Rí John tabharthóir is mó a bhí ag an mainistir. Thug sé lascaine ar cíos na háite ina raibh sé suite, chomh maith le cuid den bhrabús ina raibh na tithe tábhairne ag tuilleadh[3].

Bhí an mhainistir i gceannas ar na bealaí uisce chomh maith, agus ba leo dhá trian de uisce na cathrach. De dheasca seo, go minic bhí teannas idir daoine na cathrach agus na tiarnaí talún.[3]

Tagann ainm na sráide ón mainistir seo.

Seipéal Naomh Chaitríona[cuir in eagar | athraigh foinse]

https://commons.wikimedia.org/wiki/File:St_Catherines,_Thomas_Street.JPG
Séipéál Naomh Chaitríona, Sráid Thomáis

Tá Seipéal Naomh Caitríona, a dátaíonn ar ais go 1765 in aice leis, ach bhíodh séipéal ann ón tríú haois déag[2]. Thóg na manaigh a bhí lonnaithe sa mhainistir an séipéal seo ar son Naomh Chaitríona thart ar an mbliain 1180.[4] Is Naomh na turais ráthúil í Naomh Chaitríona[4].

Sa bhliain 1765, scriosadh an séipéal a bhí ann, agus chuaigh an ailtire John Smyth i mbun séipéal nua a thógáil sa láthair céanna.[2] D'éirigh leis agus bhí an séipéál nua den t-ainm céanna críochnaithe faoin mbliain 1769.

Plaic in onóir Robert Emmet

Sa bhliain 1803, maraíodh an Robert Emmet taobh amuigh den séipéal[4]. Bhí sé curtha chun báis de bharr gur thosaigh sé réabhlóid i gcoinne Rí Anraí III. Bhí Emmet i gceannas ar mháirseáil a chuaigh díreach chuig doirse Caisleán Baile Átha Cliath.[4] Ba teip ollmhór a bhí i gceist leis an éirí amach agus cuireadh chun báis lasmuigh den séipéal, ach roimhe sin bhí an deis aige ceann de na hóráidí is cáiliúla i stair na hÉireann a thabhairt go dtí an lucht féachana. Tá plaic ar an tsráid ina onóir.

Grúdlanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Túir Naomh Pádraig, Grúdlann Sráid Thomáis

Grúdlann Sráid Thomáis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sean grúdlann a d'oscail sa bhliain 1757 nuair a cheannaigh Peter Roe grúdlann beag ar an tsráid.[5] Thóg Richard Roe ceannasaíocht ar an suíomh sna mblianta idir 1766 agus 1794. Ag an am sin, ní raibh cead ag grúdlanna méadú a dhéanamh. De dheasca seo, d'oscail gaol le Richard, Nicholas, grúdlann eile i Pimlico sa bhliain 1784. Thóg George Roe ceannasaíocht ar an dá shuíomh sa bhliain 1832, agus mhéadaigh sé an gnó arís, ag ceannach suíomh eile.[5] Ba iad Guinness agus Roe an dá ainm is mó sa cheantair ó thaobh grúdaireacht de ag an am.

D'éirigh an chlann Roe an saibhir tar éis tamaill, agus sa bhliain 1871, chabhraigh siad leis an Ardeaglais Teampaill Chríost a shábháil[6]. Ba chlann mór le rá iad ag an am, agus bhí George sásta an airgead a chaitheamh ar an tséipéal. Deirtear go raibh aischuir dhá oiread an méid a bhí ag Jameson ag an am ag an ngrúdlann Roe.[6]

Tá túir Naomh Pádraig i lár na grúdlainne agus tá sé fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann. Is muileann dín inghluaiste é an túir agus tá dealbh de Naomh Pádraig ar barr an túir, a breathnaíonn anuas ar Sráid Thomáis.[6] Tógadh an túir sa bhliain 1757, an bhliain céanna gur cheannaigh Peter Roe an Grúdlann ar Sráid Thomáis.

Guinness[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geata San Séamus, ar bun Sráid Thomáis

Tá áit chónaithe Arthur Guinness agus a mhac Arthur Hart Guinness, lonnaithe ag 1-6a Sráid Thomáis[7]. D'oscail an grúdlann ag Geata San Séamus i 1759, nuair a shínigh Arthur Guinness léas 9000 mbliain.[8] Sa lá atá inniu ann, tá Guinness díolta i níos mó ná 150 tír.[8]

Bhí Benjamin Lee Guinness lárnach san athchóiriú de Ardeaglais Naomh Pádraig sa bhliain 1860[9]. Thóg sé an dúshlán seo air féin go pearsanta, seachas ailtire a fhostú don tionscadail. Nuair a chríochnaíodh an tionscadail, Bronnadh leabhar buíochais air Guinness, le síniú ó daoine Baile Átha Cliath agus ó ionadaithe an ardeaglais.[9]

Powers[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh James Power Grúdlann Power sa bhliain 1791, ar Lána Sheáin, díreach in aice le Sráid Thomáis.[10] Sa bhliain 1880, scríobh Alfred Barnerd léirmheas den scoth ar an ngrúdlann.[10] Is féidir Powers a fháil sa lá atá inniu ann sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain, ach níor riamh athraigh siad an brandáil atá acu, is é sin an 'P' láidir ar na buidéal.[11]

Roe & Co.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaithe sa bhliain 2019, is grúdlann uisce beatha iad Roe & Co atá lonnaithe ar Sráid Thomáis.[12] Tá an comhlacht ainmnithe i ndiaidh George Roe, an fear a raibh i gceannas ar an ngrúdlann Sráid Thomáis sa naoiú haois déag. Tá Diageo i gceannas ar an gcomhlacht anois.

An Todhchaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Thomas-st-dublin-2010.jpg
Sráid Thomáis, ó pheirspictíocht Sráid na Mí

Tá todhchaí Sráid Thomáis ag breathnú an-gheal ar fad. Tá an Digital Hub i ndiaidh oifig a thógáil amach ag uimhir 10-13 Sráid Thomáis[2]. Tá go leor buntáistí ag baint le seo, ach go háirithe go mbeidh postanna á chruthú. An aidhm atá ag an Digital Hub ná gréasáin agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhlachtaí digiteacha chun go mbeidh siad in ann fás agus forbairt a dhéanamh[13].

Ón mbliain 2014, tá Comhairle Contae Baile Átha Cliath i ndiaidh feabhas a chur ar bonneagar an ceantair[14]. Tá siad i ndiaidh feabhas a chur ar na bóithre, soilse nua a chrochadh, agus crainn a chur ar na gcosáin[14]. Tá seo go léir ag cabhrú le todhchaí na sráide agus an ceantar ina iomlán.

Tá an Bord Pleanála i ndiaidh cead a thabhairt chuig Harry Crosbie óstán 8 urlár a thógáil in aice le Sráid an Bhiocáire.[15]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt seirbhísí bus a théann tríd Sráid Thomáis, ag dul ó thuaidh agus ó theas. Is féidir iad a fheiceáil thíos

Áiteanna Spéisiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionad Sráid an Bhiocáire

Bíonn margadh ar siúl ar Sráid na Mí chuile shatharn óna naoi go dtí a cúig[17]. Tagann trádalaithe ó chuile áit sna Saoirsí chun a earraí a dhíol ar an margadh. Tá go leor eile le déanamh timpeall na sráide. I measc na háiteanna seo tá:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sráid Thomáis/Thomas Street | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Emmeline Henderson (2001). "Thomas Street D8: A Study of the Past. A Vision for the Future." 1 (1). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Dr. Áine Foley (2017). "The Abbey of St Thomas the Martyr, Dublin". Dublin City Council. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Elgy Gilepsie (1973). "The Liberties Of Dublin". E. & T. O'Brien LTD.. 
  5. 5.0 5.1 "The History of George Roe & Co Whiskey Distillery" (en-GB). The Whiskey Trail (2020-05-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-31. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  6. 6.0 6.1 6.2 "The Roe Distillery and Saint Patrick’s Tower." (en). Come Here To Me! (2013-03-29). Dáta rochtana: 2020-12-01.
  7. National Inventory of Architectural Heritage (12/06/2013). "Buildings of Ireland". Dáta rochtana: 22/11/2020.
  8. 8.0 8.1 Guinness (27/11/2020). "Archive Fact Sheet: The History of Guinness". Guinness. 
  9. 9.0 9.1 "The Guinness Restoration" (en). St Patrick's Cathedral (2016-05-26). Dáta rochtana: 2020-12-01.
  10. 10.0 10.1 Eldovic Sasa. "Our Story" (en-ie). POWERS Irish Whiskey. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  11. de Kat René. "A Bold New Look For Powers Irish Whiskey" (en-US). Irish Distillers. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-17. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  12. "George Roe Whiskey Distillery Dublin - Our Story | Roe and Co". www.roeandcowhiskey.com. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  13. Digital Hub (2020). "Digital Hub: Who We Are". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-30. Dáta rochtana: 22/11/2020.
  14. 14.0 14.1 The Liberties Dublin (2014). "Street Improvements". Dáta rochtana: 22/11/2020.
  15. Rachel Darcy (2019-05-23). "Planning permission given to Vicar Street hotel in The Liberties" (en-GB). Dublin Gazette Newspapers - Dublin News, Sport and Lifestyle. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  16. 16.0 16.1 16.2 "RTPI - Dublin Bus". www.dublinbus.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-13. Dáta rochtana: 2020-12-06.
  17. The Liberty Market (2020). "The Liberty Market". Dáta rochtana: 22/11/2020.
  18. "Vicar Street, Dublins Premier Venue" (en-gb). www.vicarstreet.com. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  19. "Artisan brew Academy" (en). artisanbrewacademy.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-20. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  20. "Tom Kennedy's Bar | Dublin | UPDATED November 2020 Top Tips Before You Go (with Photos)" (en-IE). Tripadvisor. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  21. emmet. "St Patrick's Tower, Thomas Street. Dublin City 1757" (en-US). Curious Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-05. Dáta rochtana: 2020-12-01.
  22. "The Thomas House | Listings" (en). The Liberties Dublin. Dáta rochtana: 2020-12-01.
  23. "National College of Art and Design" (en). www.ncad.ie. Dáta rochtana: 2020-12-06.