Arthur Guinness
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1725 Cill Droichid |
| Bás | 23 Eanáir 1803 77/78 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
| Áit adhlactha | Uachtar Aird |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Grúdaireacht |
| Gairm | fiontraí, daonchara |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Céile | Olivia Whitmore (1761–1803) |
| Páiste | Arthur Hart Guinness, Benjamin Guinness, William Guinness, Louisa Guinness, John Grattan Guinness, Olivia Guinness, Hosea Guinness, Edward Guinness, Elizabeth Guinness, Mary Anne Guinness |
| Athair | Richard Guinness agus Elizabeth Read |
| Siblín | Samuel Guinness |
Fiontraí, grúdaire agus daonchara Éireannach ab ea Arthur Guinness (timpeall 28 Meán Fómhar 1725 – 23 Eanáir 1803) (Gaeilge: Art Mac Aonasa nó Mac Aonghusa scaití). Bhunaigh sé an comhlacht grúdaireachta Guinness sna 1700idí.
I 1752, agus é 27, thiomnaigh athair baistí Guinness, Arthur Price (agus Ardeaspag Eaglais na hÉireann), £100 do Arthur Guinness ina uacht bháis.

Bhunaigh Arthur grúdlann sa bhliain 1755 i Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara, díreach 17km ó Bhaile Átha Cliath. Ansin cheannaigh sé léas eile ar shuíomh in aice láimhe, ó George Bryan (ó Philadelphia).
In 1759, chuaigh Guinness chuig Baile Átha Cliath. Thóg Arthur léas 9,000 bliain ar an ngrúdlann 4 acra a bí ann ó na 1600idí ag Geata Naomh Séamus ó shliocht Sir Mark Rainsford ar chíos bliantúil £45.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl mórán ar eolas againn faoi áit agus dáta breithe Guinness. Aa bhliain 1991 roghnaigh an comhlacht Guinness, an dáta, 28 Meán Fómhair 1725 mar lá breithe Arthur.[2]
I 1761, phós sé Olivia Whitmore i Séipéal Naomh Máire, Baile Átha Cliath
Tá sé scríofa ar a leac uaighe in Uachtar Aird, Contae Chill Dara, gur éag sé ar an 23 Eanáir 1803, agus in aois a 78 mbliana dó.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Guiness, Patrick (2007). Arthur's Round: The Life and Times of Brewing Legend Arthur Guinness. Peter Owens Publishers, Londain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mark Rainsford" (as en) (2020-12-14). Wikipedia.
- ↑ Eoghan Ó Néill (3 Deireadh Fómhair, 2012). "Nach Sinne na hAmadáin! - Gaelscéal". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-29. Dáta rochtana: 2021.