Roibeard Emmet

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba náisiúnach aguu poblachtánach, óráidí agus ceannaire réabhlóideach Éireannach é Roibeard Emmet (nó Roibeard Eiméad uaireanta - 4 Márta 1778 - 20 Meán Fómhair 1803). Bhí sé mar cheannaire ar éirí amach mírathúil i gcoinne riail na Breataine i 1893. Ghabh na Bhreatainaigh air, triaileadh é agus cuireadh chun bás é as ardtréas in aghaidh Rí na Breataine.

Tháinig Roibeard Emmet ó chlann Protastúnach saibhir Angla-Éireannach a bhí trua acu do Chaitlicigh Éireannach agus a easpa ionadíocht cothrom sa Pharlaimint. Bhí trua ag an teaghlach Emmet do na coilínigh reibiliúnach i Réabhlóid Mheiriceá. Cé gur theip ar iarrachtaí Emmet deireadh a chur le riail na Breataine in Éirinn, spreag a ghníomhartha agus a óráid i ndiadh a chiontú a chomhthírigh.

Luath Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Saolaíodh Roibeard Emmet ag 109 Faiche Stiabhna, i mBaile Átha Cliath ar an 4ú Márta 1778. Bhí sé mar an mac is óige ag Dochtúir Roibeard Emmet (1729-1802), lia cúirte, agus a bhean chéile, Elizabeth Mason (1739-1803). Bhí teaghlach Emmet compordách ó thaobh airgead de. Bhí teach acu i bhFaiche Stiabhana agus teach cónaithe faoin tuath acu gar do Bhaile an Mhuilinn. Ba é an náisiúnach Tomás Addis Emmet ceann de dheartháireacha Roibeard Emmet agus bhí Tomás mar dhlúth-chara le Theobald Wolfe Tone agus thug Wolfe Tone cúirteanna ar an teach go minic nuair nach raibh Roibeard ach páiste.

D'fhreastail Emmet ar scoil Oswald i Lána an Óir i mBaile Átha Cliath. Chuaigh Emmet isteach i gColáiste na Trínóide, Baile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 1793, gan é ach 15. I mí na Nollag 1797 ghlac sé ballraíocht le Cumann Stairiúil an Coláiste, cumann díospóireachta. Agus é sa choláiste, thosaigh a dheartháir Tomás agus cúpla dá chairde a bheith páirteach i ngníomhaíochas polaitiúil. Fuair Roibeard post mar rúnaí ar Cumann na hÉireannach Aontaithe rúnda sa choláiste, agus caithtear amach as an gcoláiste é i mí Aibreán 1798 mar thoradh ar seo. Sa bhliain céanna theith sé go dtí an Fhrainc agus é ag iarraidh gabháil a sheachaint. Ag an am seo bhí na Bhreatainaigh ag gabháil go leor náisiúnaithe. Agus é sa Fhrainc, fuair Emmet tacaíocht ó Napoleon agus gheall sé tacaíocht a thabhairt go Emmet nuair a thosaíodh an éirí amach.

I ndiadh Éirí Amach 1798, bhí Emmet páirteach in atheagrú Cumann na nÉireannach Aontaithe, a bhí cloíte. I mí Aibreán 1799 d'eisíodh barántas gabhála ina choinne. D'éalaigh sé agus beagáinín i ndiadh é seo thaisteal sé go dtí an Mór-Roinn ag súil go bhfaighfeadh sé cúnamh mhíleata ón Fhrainc. Níor éirigh leis mar go raibh Napoleon ag díriú a iarrachtaí ar ionraidh a dhéanamh ar Sasana. Chuaigh Emmet ar ais go Éire i mí Dheireadh Fómhair 1802. I mí Márta an bhlian dár gcionn, thosaigh sé ag pleanáil éirí amach eile.

Roibeard Emmet
A leac uaigh

Éirí Amach 1803[athraigh | athraigh vicithéacs]

I ndiadh gur tháinig sé ar ais go Éire, thosaigh Emmet ag ullmhú i gcomhair éirí amach nua, lena chomh-réabhlóidí Angla-Éireannach Tomás Ruiséil agus Séamas Hope. Thosaigh sé ag monarú airm agus pléascaigh in áitreabh éagsúla i mBaile Átha Cliath agus d'fhorbair sé píce le inse a lig don píce a bheith clúdaithe le clóca. Cheil na réabhlóidí na hullmhúcháin ach mharaigh pléascadh róluath, ag ceann de na harmlann a bhí ag Emmet, fear. B'éigean do Emmet dáta an Éirí Amach a thabhairt chun tosaigh sular mhúscailaíodh amhras na údaráis.

Ní raibh Emmet in ann cabhair a fháil ó reibilúnaigh Chill Mhantáin Michael Dwyer. Chas go leor reibiliúnaigh ó Chill Dara ar ais mar gheall ar ganntanas arm tine, ach chuaigh an Éirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath um thrathnóna ar an 23ú Iúil 1803. Cuireadh thart ar 10,000 cóip de foróigre in ainm an "Rialtas Sealadach" i gcló, rud a chuaigh i bhfeidhm ar Forógra na Poblachta i 1916; scrios na húdaráis formhór na cóipeanna.

Chaith Emmet cóta glas le fásáil báin, brístí báin, buataisí agus hata ar leathstuaic le cleití ar. Theip orthú Caisléán Bhaile Átha Cliath a thógáil, cé nach raibh cosaint láidir air, bhí corraíl ollmhór ann timpeall ar Sráid Thomáis. Chonaic Emmet duine ag tarraingt dragún óna chapall agus é á phíceaíl go dtí gur fuair sé bás. I ndiadh é seo, chur sé stop leis an Éirí Amach chun níos mó doirteadh fola a sheachaint. Ach, ní raibh smacht aige ar a chuid leantóirí. In eachtra faoi leith, tharraingaíodh an Tiarna Príomh-Bhreitheamh, an Tiarna Kilwarden, óna chóiste agus sáightear le pící é. Fuaireadh fós beo é, thógtar go theach é, áit a fuair sé bás beagáin níos déanaí.

Gabháil agus Triail[athraigh | athraigh vicithéacs]

Básdreach.

Chuaigh Emmet i bhfolach i ndiaidh an Éirí Amach ach ghabhadh é ar an 25 Lúnasa, in aice le Crois Araild. Chuir sé féin a shaoil i ndainséir nuair a bhog sé ó Ráth Fearnáin go dtí Crois Araild le bheith ina aice a mhuirnín, Sarah Curran. Thrialú é de réir an dlí ag baint le treas ar an 19 Meán Fómhair; cheannaigh an coróin cabhair ó dlíodóir Emmet, Leonard MacNally, don praghas £200 agus pinsean. Ar an 20 Meán Fómhair cuireadh Emmet chun báis trí chrochadh agus cheann a bhaint. Cuireadh a chorp i bhfolach.

Tar éis an chinne a thabhairt dó, thug Emmet óráid. Tá cáil ar na línte dheireanach, "Let no man write my epitaph...".

Cé gur theip an t-Éirí Amach go hiomláin, tá Emmet mar laoch i stair na hÉireann. Rinne crógacht agus foirtile bean an tí Emmet, Anne Devlin, in aghaidh céasadh, laoch di, i stair na hÉireann freisin.

Scríobh Emmet litir ó bPríosún Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath ar 8 Meán Fómhair, 1803. An seoladh a bhí ann ná "Miss Sarah Curran, the Priory, Rathfarnham" agus a thug sé é don maor príosúnach, George Dunn. Ach sceith Dunn é nuair a thug sé an litir do húdaráis an rialtas, rud a chuir saol Sarah Curran go mór i ndainséir. Rinne an eachtra seo, ar barr a n-iarrachtaí bheith an aice léi (a chríochnaigh lena bás) é mar duine rómánsúil freisin.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]