Príosún Chill Mhaighneann
Príosún Chill Mhaighneann | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (ga) Príosún Chill Mhaighneann (en) Kilmainham Gaol | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Defunct prison (en) agus prison museum (en) | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1796 1960í | |||
Dáta an dúnaidh oifigiúil | 1924 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath, Éire, Baile Átha Cliath, Éire agus Cill Mhaighneann, Éire | |||
Suíomh | Cill Mhaighneann | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 675 | |||
ID GeoNames | 6949199 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | kilmainhamgaolmuseum.ie | |||
Foirgneamh i mBaile Átha Cliath, Éire is ea Príosún Chill Mhaighneann. Príosún a bhí ann ó 1796 go dtí 1924, ach is músaem é anois. Áit thábhachtach i stair na hÉireann is ea é. Osclaíodh é ag am Acht an Aontais, agus dúnadh é tar éis bhunú Saorstáit Éireann. Mar sin, ba shuíomh lárnach é sa tréimhse tábhachtach seo i stair na hÉireann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an príosún i gCill Mhaighneann, in aice leis an chathair, sa bhliain 1796. Ar dtús, tugadh an t-ainm "an príosún nua" air, mar bhí seanphríosún eile in aice leis. Ó 1796 go dtí 1924, b'é seo an príosún inar cuireadh (agus a lámhachadh go minic) réabhlóidithe agus polaiteoirí a bhí ag troid ar son saoirse na hÉireann. Mar shampla, Réabhlóid na nÉireannach Aontaithe i 1798, éirí amach Robert Emmet i 1803, An Gorta Mór ó 1845 go dtí 1851, Éirí Amach na nÉireannach Óga i 1848, Éirí Amach na bhFíníní i 1867, Cogadh na Talún sna 1880í, Éirí Amach na Cásca i 1916, Cogadh na Saoirse ó 1919 go dtí 1921, agus Cogadh Cathartha na hÉireann sna 1920idí. Coinníodh agus lámhachadh ceannairí Éirí Amach 1916 ann, agus b'é Eamon de Valera an príosúnach deireanach a bhí faoi choinneáil i gCill Mhaighneann. Dhún rialtas an tSaorstáit é mar phríosún i 1924. I measc na bpríosúnaigh cáiliúla a bhí faoi ghlas ann ná:
- Henry Joy McCracken, 1796
- Robert Emmet, 1803
- Anne Devlin, 1803
- Michael Dwyer, 1803
- William Smith O'Brien, 1848
- Thomas Francis Meagher, 1848
- Diarmaid Ó Donnabháin Rosa, 1867
- Charles Stewart Parnell, 1881
- Michael Davitt
- Pádraig Mac Piarais, 1916
- Séamus Ó Conghaile, 1916
- Constance Gore-Booth Markiewicz, 1916
- Eamon de Valera, 1916
- Seosamh Pluincéad, 1916
Músaem
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is séadchomhartha náisiúnta é an príosún anois. Rinneadh a lán oibre ar an bhfoirgneamh agus athosclaíodh é mar mhúsaem náisiúnachais. Insíonn an músaem an scéal faoin bhóthar trioblóideach go saoirse na hÉireann. Thug 160,000 duine cuairt ar an músaem sa bhliain 1999.
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh roinnt scannáin san fhoirgneamh freisin, mar shampla:
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |