Jump to content

William Smith O’Brien

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó William Smith O'Brien)
Infotaula de personaThe Honourable (en) Aistrigh
William Smith O’Brien

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Deireadh Fómhair 1803
Caisleán Dhrom Ólainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Meitheamh 1864
60 bliana d'aois
Bangor, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 15ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
29 Iúil 1847 – 18 Bealtaine 1849 (díbirt ó Theach na dTeachtaí)

Toghcheantar: Contae Luimnigh

Ball den 14ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
29 Meitheamh 1841 – 23 Iúil 1847 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Contae Luimnigh

Ball den 13ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
24 Iúil 1837 – 23 Meitheamh 1841 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Contae Luimnigh

Ball den 12ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Eanáir 1835 – 17 Iúil 1837 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Contae Luimnigh

Ball den 9ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
29 Iúil 1830 – 23 Aibreán 1831 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Inis

Ball den 8ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Aibreán 1828 – 24 Iúil 1830 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Inis

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge (1821–)
Scoil Harrow Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileLucy Caroline Gabbett (1832–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEdward William O'Brien, Charlotte Grace O'Brien, Lucius O'Brien, Lucy Josephine O'Brien, Charles Murrough O'Brien Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEdward O'Brien  agus Charlotte Smith
SiblínEdward O'Brien
Duine muintearthaLucy Cane (gariníon)
Neilí Ní Bhriain (gariníon) Cuir in eagar ar Wikidata

Náisiúnach Éireannach agus Feisire ba ea William Smith O’Brien (17 Deireadh Fómhair 1803 – 18 Meitheamh 1864).[1] Bhí sé ina cheannaire ar na nÉireannaigh Óga agus é i gceannas orthu in éirí amach na bliana 1848. Ciontaíodh é as tréas agus cuireadh an loch amach chun Van Diemen's Land é. D’fhill sé ar Éirinn tar éis dó pardún a fháil sa bhliain 1854. Bhí suim mhór aige sa Ghaeilge.

Rugadh é in nDrom Ólainn i gContae an Chláir. Ba é an dara mac ag an Ridire Edward O’Brien, an 4ú Bairnéad, é.[2] Tharraing sé an sloinne “Smith” air féin nuair a fuair sé oidhreacht óna mháthair, ó ba é an sloinne sin a bhí uirthi roimh di pósadh. Fuair sé oideachas Sasanach de chuid na n-uaisle ag Harrow agus ag Coláiste na Tríonóide i gCambridge.

Cúrsaí polaitíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1828 go dtí an bhliain bhí O’Brien ina Fheisire d’Inis, agus toghadh é mar Fheisire do Chontae Luimnigh sa bhliain 1835, suíochán a choinnigh sé go dtí an bhliain 1848.

Thaobhaigh sé leis an Aontas ach mhol sé Fuascailt na gCaitliceach. Sa bhliain 1843 chuaigh sé le Gluaiseacht na hAisghairme mar agóid i gcoinne Dónall Ó Conaill a chur i bpríosún.

Trí bliana ina dhiaidh sin scar sé na hÉireannaigh Óga ón nGluaiseacht agus díomá air faoi bheartas Uí Chonaill. Bhunaigh sé féin agus Thomas Francis Meagher an Chónaidhm Éireannach[3] i Mí Eanáir 1847. I Mí Mhárta 1848 d’fhógair sé go raibh gá le Garda Náisiúnta agus thug faoi éirí amach a chur ar bun. Cuireadh cúirt as tréas air ar 15 Bealtaine 1848 ach níor daoradh é.[4]

Scríobh O’Brien chun a mhic Edward ó Van Diemen’s Land (an Tasmáin), á rá leis tús áite a thabhairt don Ghaeilge. Rinne sé féin staidéar ar an teanga le cabhair ó Easy Lessons in Irish, leabhar le hUileog de Búrca, agus bhain sé feidhm as an mBíobla Naomhtha.

Bhailigh sé roinnt lámhscríbhinní Gaeilge agus thug d’Acadamh Ríoga na hÉireann iad. Bhí ardmheas ag filí an Chláir air, agus sa bhliain 1863 tosaíodh ag múineadh Gaeilge i gcuid de scoileanna an chúige ar a chomhairle.[5]

Smith O'Brien á thabhairt ón gcúirt faoi bhreith báis

Ar 29 Iúil 1848 d’éirigh O’Brien agus Éireannaigh Óga eile amach le roinnt tiarnaí talún agus tionóntaí i dtrí chontae. Bhí cath ag Baile an Gharraí i gContae Thiobraid Árann nár gortaíodh mórán ann.[6] Ciontaíodh O'Brien as ardtréas agus daoradh é chun a chrochta, a tharraignte agus a shracadh ó chéile. Chuir 70,000 duine ó Éirinn agus 10,000 duine ó Shasana a lámh le hachainí trócaire[7]

Ar 5 Meitheamh 1849 athraíodh an bhreith a rinneadh ar O'Brien agus baill eile den Chomhcheangal chun go gcuirfí an loch amach go dtí Van Diemen's Land iad gan filleadh go deo.

Theip ar O’Brien éalú ó Oileán Maria láimh le Van Diemen's Land agus cuireadh é chun Port Arthur, áit ar bhuail sé le Seán Mistéal, náisiúnach a cuireadh an loch amach roimh an éirí amach.[8]

Sa bhliain 1854 scaoileadh O’Brien saor ar choinníoll nach bhfillfeadh sé ar Éirinn. Chuir sé faoi sa Bhruiséil.[9] I Mí na Bealtaine 1856 tugadh pardún gan choinníoll dó. D’fhill sé ar Éirinn i Mí Iúil agus ní raibh baint ná páirt aige le cúrsaí polaitíochta as sin amach.[10]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “O’BRIEN, William Smith (1803–1864) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Davis, Marianne (ed.). The Rebel in His Family: Selected Papers of William Smith O'Brien. Cork University Press 1998. ISBN 1-85918-181-3. http://books.google.com/books?id=1qHor7SbaH4C | Irish Narratives
  3. ""an Chónaidhm Éireannach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-07-01.
  4. Gwynn, Denis (1949). Young Ireland and 1848, lgh 165–187. Cork University Press.
  5. Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria. Ballarat Heritage Services. ISBN 978-1-876478-83-4
  6. Davis
  7. Lawler, Ruth (2001). CD ROM: The 1848 Petitions – The William Smith O'Brien Petition, Irish Records Index Vol. 2 . Eneclann Ltd, Dublin. ISBN 0-9537557-2-X
  8. Touhill, Blanche (1981). William Smith O'Brien and His Irish Revolutionary Companions in Penal Exile, lch 124. University of Missouri Press. Columbia & London. ISBN 0-8262-0339-6}}
  9. "Alt le John Cussen". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-20. Dáta rochtana: 2013-07-31.
  10. Cussen

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil