Val Noone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVal Noone

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1940
83/84 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheFitzroy
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Melbourne Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Tá an Dochtúir Val Noone ar dhuine de na scoláirí is mó a rinne taighde ar stair na nÉireannach san Astráil, agus tá suim ar leith aige i stair na Gaeilge sa tír sin. Tá mórán foilsithe aige agus is minic é ina chainteoir ag ócáidí léinn san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.

Tá an Dr Noone ina chomhalta onórach den Roinn Staire in Ollscoil Melbourne in Victoria. Ghnóthaigh sé céim sa léann Bíoblach, san fhealsúnacht agus sa diagacht i gColáiste Corpus Christi in Melbourne, agus rinne sé taighde dochtúireachta ar thuairimí lucht creidimh faoin gcogaíocht. Thug sé tamall maith ina shagart Caitliceach, agus tá suim aige fós i gcúrsaí sóisialta na hEaglaise.

Tá baint aige le Cumann Gaeilge na hAstráile, agus anuas go dtí an bhliain 2007 ba é eagarthóir Táin (iris an Australian Irish Network) é.[1]

Tá mórán taighde déanta aige ar stair na Gaeilge i Stát Victoria go háirithe. Tá roinnt páipéar scríofa aige faoin ábhar seo, in éineacht le halt a chomhscríobh sé don iris Feasta[2] ar an Dochtúir Nioclás Ó Domhnaill, athbheochanóir nótáilte Gaeilge in Melbourne i dtús an 20ú haois. Ar na saothair is tábhachtaí agus is bunúsaí dá chuid tá Hidden Ireland in Victoria, stair na Gaeilge in oirdheisceart na hAstráile.

Bronnadh Ord na hAstráile air sa bhliain 2009.[3]

I 2013 bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Céim Dhoctúir Litríochta honoris causa air de bharr a ndearna sé ar son an léinn Éireannaigh san Astráil.[4]

Rogha foilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Nioclás Ó Domhnaill: Laoch na Gaeilge san Astráil' (le Colin Ryan) in Feasta, Bealtaine 2009
  • 'Ór agus Adhmad: Éireannaigh Bungaree' (le Mary Doyle agus Colin Ryan) in Feasta, Márta 2012.
  • 'An Irish Rebel in Victoria: Charles Gavan Duffy, Selectors, Squatters and Aborigines' in Echoes of Irish Australia - Rebellion to Republic, J. Brownrigg, C. Mongan, R. Reid (eds.), National Library of Australia (Canberra) 2007
  • 'Michael Davitt, Melbourne and the Labour Movement', in Australian Journal of Irish Studies, Vol. 6, lgh 25-42
  • 'Printers and New Technology around 1980: an Age Proof Reader's View' in The Time of Their Lives - The Eight Day and Working Life, J. Kimber, P. Love (eds.), Australian Society for the Study of Labour History (Canberra) 2007
  • Disturbing the War: Melbourne Catholics and Vietnam, Melbourne, Spectrum 1993
  • Hidden Ireland in Victoria, Ballarat Heritage Services 2012

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stadadh den iris seo a chur amach sa bhliain 2007.
  2. http://www.feasta.ie/
  3. It's an Honour: Noone, Valentine Gabriel |http://www.itsanhonour.gov.au/honours/honour_roll/search.cfm?aus_award_id=1141232&search_type=quick&showInd=true Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine Aimsíodh ar 12 Meitheamh 2012
  4. 'Honour conferred on Val Noone,' 24 Meán Fómhair 1913, Tinteán: https://tintean.org.au/2013/09/24/honour-conferred-on-val-noone/