Gluaiseacht na hAisghairme
Sonraí | |
---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta |
Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochta | Aisghairm an Aontais |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Náisiúnachas in Éirinn |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1840 |
Rialachas corparáideach | |
Ardrúnaí | Dónall Ó Conaill |
Eile | |
Dath | |
Ollghluaiseacht pholaitiúil Éireannach ba ea Gluaiseacht na hAisghairme le hollbhallraíocht an phobail, a bhunaigh Dónall Ó Conaill le haghaidh Acht an Aontais 1800 idir an Bhreatain agus Éire a aisghairm.
Ba í aidhm na gluaiseachta ná Éire a thabhairt ar ais chuig an stádas bunreachtúil a bhí bainte amach go gearr-reatha ag Henry Grattan agus a thírghráthóirí sna 1780í. An uair seo áfach, bhí cabhair iomlán na gCaitliceach san áireamh, rud nach raibh ceadaithe ach i ndiaidh Achta na Fuascailte sa bhliain 1829, le tacaíocht ó na toghthóirí a bhí ceadaithe faoin Acht Leasúcháin 1832.
I ndiaidh theip na gluaiseachta ag deireadh na 1840í tháinig an ghluaiseacht Éire Óg chun tosaigh.
Ghlac iarrthóirí de chuid Ghluaiseacht na hAthghairme páirt in olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1832 in Éirinn.
Idir 1835 agus 1841, bhunaigh siad comhaontú leis an Páirtí Liobrálach. Bhí iarrthóirí an Reipéil, nach raibh i gcomhaontú leis na Liobrálaigh san iomaíocht sna holltoghcháin sa bhliain 1841 agus 1847.