Dónall Ó Conaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dónall Ó Conaill
Daniel O'Connell.png
Ball den 8ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 5, 1828 - Bealtaine 21, 1829
Dúiche: An Clár
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ball den 8ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 30, 1829 - Iúil 24, 1830
Dúiche: An Clár
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ball den 9ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 29, 1830 - Aibreán 23, 1831
Dúiche: Contae Phort Láirge
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1830
Ball den 10ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Aibreán 28, 1831 - Nollaig 3, 1832
Dúiche: Ciarraí
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1831
ball den 11ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 10, 1832 - Nollaig 29, 1834
Dúiche: Cathair Bhaile Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1832
ball den 12ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 6, 1835 - Bealtaine 16, 1836
Dúiche: Cathair Bhaile Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1835
ball den 12ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 17, 1836 - Iúil 17, 1837
Dúiche: Cathair Chill Chainnigh
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ball den 13ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 24, 1837 - Meitheamh 23, 1841
Dúiche: Cathair Bhaile Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1837
Ball den 14ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 29, 1841 - Bealtaine 15, 1847
Dúiche: Contae Chorcaí
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1841
Ball den 14ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 9, 1841 - Bealtaine 24, 1842
Dúiche: An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1841
Saol
Eolas breithe Cathair Saidhbhín, 6 Lúnasa 1775
Náisiúntacht Éire
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Áit chónaithe Douai
Baile Átha Cliath
Bás Genova, 15 Bealtaine 1847
Áit adhlactha Reilig Ghlas Naíon
Reilig Ghlas Naíon
Muintir
Athair Morgan O'Connell
Máthair Catherine O'Mullane
Céile/Céilí Mary O'Connell (en) Aistrigh  (Meitheamh 23, 1802 -  luach anaithnid)
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Óstaí an Rí
Lincoln's Inn (en) Aistrigh
Teangacha an Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, abhcóide agus scríbhneoir
Áit oibre Londain
Sloinnte the Liberator agus the Emancipator
Cleamhnú
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochta Radicals (en) Aistrigh
Daniel O'Connell signature c1835.jpg

Polaiteoir Éireannach as Ciarraí ab ea Dónall Ó Conaill, nó Daniel O'Connell (6 Lúnasa 177515 Bealtaine 1847). Bhí sé i gcoinne Acht an Aontais, agus d’oibrigh sé go dian chun saoirse na gCaitliceach a bhaint amach, iarracht ar a dtugtar Fuascailt na gCaitliceach. Toghadh é go Westminster sa bhliain 1828. Tugadh saoirse iomlán do na Caitlicigh sa bhliain 1829.[1]

Cailleadh an Conallach sa bhliain 1847, agus cáil air ar fud na hEorpa faoin am sin. Tugadh an 'Rí gan Choróin' mar leasainm air.[2][3][4]

Tús a Shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dónall láimh le Cathair Saidhbhín sa bhliain 1775. Bhí muintir Uí Chonaill go maith as. D’uchtaigh a uncail gan leanbh é agus d’fhas sé aníos i nDoire Fhionáin. Labhair sé trí Ghaeilge gach lá agus bhí a lán suim aige sna hamhráin thraidisiúnta.

D'fhreastail sé ar scoil scairte i gContae Chorcaí ar dtús, agus ansin i Reddington Academy in aice le Queenstown (An Cóbh)[5].

Dónall Ó Conaill, le George Hayter.

Chuaigh sé thar lear go dtí an Bheilg agus an Fhrainc ó 1790 ar aghaidh (cúig bliana déag d'aois aige ag an am) go dtí Nollaig 1793. Bhí i dtús i Liège, ach bhí sé ró-óg chun fanacht ann. Chaith sé seal i Louvain, agus ansin i Saint Omerna Fraince agus ina dhiaidh sin chuig an Coláiste Béarla in Douai.[6]

Bhí Réabhlóid na Fraince faoi lán seoil an tráth úd agus d’fhág ceannairc agus cíocras fola na haimsire sin míghnaoi ag Dónall ar an bpoblachtachas, chomh maith le tuiscint gurbh é an modh síochánta bunreachtúil an tslí ab fhearr le hathrú polaitiúil a thabhairt i gcrích.[6]

Ó 1794 ar aghaidh, rinne sé staidéar ar an dlí i Londain (Lincoln's Inn) agus ansin Kings Inn, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1796. Rinneadh abhcóide de agus glaodh chun Bharra na hÉireann é ar an 12 Aibreán 1798. Bhí sé de cháil air mar abhcóide gurbh fhéidir leis an bua a thabhairt leis fiú amháin sna cásanna ba lú dóchas agus tosaíodh ag tabhairt ‘an Comhairleoir’ air dá réir.

Chuaigh an Conallach leis an bpolaitíocht den chéad uair i 1800, nuair a chuir sé in aghaidh Acht an Aontais idir Éirinn agus an Bhreatain. Ar an 13 Eanáir 1800, thug an Conallach a chéad óráid phoiblí riamh i gcoinne an leasú a bhí beartaithe ar an reachtaíocht, chun Acht an Aontais a thabhairt isteach [7].

Phós an Conallach a chol ochtair Máire Ní Chonaill sa bhliain 1802. Rugadh ochtar clainne beo di.

Comhrac aonair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is beag nár cailleadh an Conallach ar an 2 Feabhra 1815:[8] Troideadh comhrac aonair idir Ó Conaill agus John D’Esterre, comhalta de Bhardas Átha Cliath. Cháin Dónall Ó Conaill an Bardas as a bhfaillí ar Chaitlicigh. Ach ghlac D’Esterre go pearsanta leis an gcáineadh (is cosúil) agus thug sé cuireadh chun comhraic don Chonallach.  Ghlac Ó Conaill leis an gcuireadh ar an toirt, cinneadh a mbeadh aithreachas air faoi ar ball (b'fhéidir).[9]

Tharla an comhrac i gCúirt an Easpaig in aice le Nás na Rí, Co. Chill Dara.  Scaoil John D’Esterre, agus chuaigh a iarracht amú (aisteach go leor... bhí an-urchar aige). Scaoil Ó Conaill agus goineadh D’Esterre go dona; chuir sé a lán fola agus bhásaigh D’Esterre dhá lá níos déanaí.

Cúpla mí níos déanaí, thug Ó Conaill dushlán Sir Robert Peel, an PríomhRúnaí in Éirinn é féin ![10] Ach gabhadh an Conallach i Sasana agus níor throid sé comhrac aonair riamh arís.

Fuascailt na gCaitliceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Fuascailt na gCaitliceach

Ba é fuascailt na gCaitliceach an chéad fheachtas polaitiúil a rith sé. Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh iomlán a chur leis na Péindlíthe. Bhunaigh sé Cumann na gCaitliceach sa bhliain 1823 chun an cuspóir seo a bhaint amach, slua-eagraíocht pholaitiúil a ghríosaigh ar son na cearta céanna polaitiúla a bhaint amach do Chairlicigh is a bhí ag baill na hEaglaise Bunaithe cheana féin.[6]

D'eagraigh sé cruinnithe ollmhóra oscailte ar fud na hÉireann. Bhíodh na mílte duine i láthair le cluais éisteachta a thabhairt dó.

Bhailigh sé pingin amháin in aghaidh na míosa ó gach ball den Chumann. (Iarradh ar gach duine sa tír pingin in aghaidh na seachtaine a íoc leis an gCumann, ach é sin a bheith ar a n-acmhainn acu) Tugadh "an Cíos Caitliceach" ar an airgead seo toisc gur ghnách é a bhailiú Dé Domhnaigh ag doras an tséipéil.

Toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

In olltoghchán na bliana 1826 bhuaigh iarrthóirí a bhí ar son na fuascailte suíocháin i naoi gcontae. Toghadh an Conallach féin ina fheisire parlaiminte i bhfothoghchán i gCo. an Chláir sa bhliain 1828, ach ní raibh cead aige an suíochán a ghlachadh toisc go raibh sé ina Chaitliceach. bhí cosc air a shuíochán a thógáil suas i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an Mionn Ceannais. Ba é sin ba chúis leis an ngéarchéim ar tháinig Fuascailt na gCaitliceach ina diaidh.[11]

Pictiúr de "Daniel O'Connell, the Great Irish Liberator".

Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn.[12]

De thairbhe an fhuinnimh pholaitiúil a bhí lena thoghadh, áfach, brúdh Acht na Fuascailte chun cinn i 1829. Ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh sa bhliain 1829 nuair a bhí Arthur Wellesley (an chéad Diúc Wellington) ina phríomh-aire. Tugadh aontú an rí ar an 13 Aibreán 1829. Thug an t-Acht cead d'fhir Chaitliceacha a bhí ábalta vótáil dul isteach i bParlaimint Shasana agus post a bheith acu i seirbhís an stáit nó sna fórsaí armtha. Bhí a aidhm bainte amach ag an gConallach ansin. Is é ‘An Fuascailteoir’ nó ‘An Saoirseoir’ a thugtar ar an gConallach dá bharr.

Alfred M. Hoffy (1790-1860)

Aisghairm Acht an Aontais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Gluaiseacht na hAisghairme

Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh a chur le hAcht an Aontais. Thaistil sé ar fud na hÉireann agus é ag labhairt leis an gcosmhuintir ag a chuid cruinnithe móra millteanacha. Bhí timpeall is 250,000 duine i láthair ag ollchruinniú de chuid an Chonallaigh i dTeamhair ar an 15 Lúnasa 1843. Gheall sé do mhuintir na tíre go gcuirfí Acht an Aontais ar ceal.

D'eagraigh sé cruinniú ollmhór ar an 8 Deireadh Fómhair 1843 i gCluain Tarbh, agus an chuma ar an scéal go mbeadh na céadta míle de dhaoine i láthair.[13] Bhí eagla ar rialtas na Breataine mar mheas siad go raibh sé ag éirí ró-chumhachtach.

Cuireadh saighdiúirí agus longa breise go Baile Átha Cliath agus chuir príomh-aire na Breataine, Sir Robert Peel, cosc ar an gcruinniú. Níor ghlac an Conallach le foréigean, nó níor theastaigh uaidh cogadh a chothú. Mar sin, bhí sé sásta an cruinniú a chealú. De bharr an chineál seo géilliúlachta, áfach, thosaigh an Conallach ag cailleadh na gnaoi a bhí ag muintir na hÉireann air go dtí sin.

Gabhadh an Conallach, cuireadh tréas ina leith air agus gearradh bliain príosúnachta air. Scaoileadh saor é nuair a bhí trí mhí caite aige sa phríosún, áfach.

Tharla scoilt san fheachtas agus bunaíodh an ghluaiseacht 'Eire Óg'.

An Conallach ag cur in aghaidh Acht an Aontais.

Ó Conaill sa bhéaloideas, agus an Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí scéal béaloidis a bhaineann leis na héachtaí a rinne an "laoch cliste" seo,

Dónall Ó Conaill ó Dhoire Fhíonáin
ós aige a bhí an teanga líofa bhlasta dóibh
do labhair sé go líofa leo
bíodh is gan aon bhladar leo

mar a deir dán Corcaíoch ón 19ú céad.

Cearnóg Mhuirfean, BÁC

Bhí Gaeilge aige ó dhúchas, agus bhí Béarla líofa aige chomh maith. Chabhraigh an dátheangachas seo leis mar abhcóide agus mar pholaiteoir. Nuair a saolaíodh an Conallach, ba í an Ghaeilge teanga fhormhór mhuintir na hÉireann, ach bhí an Sacs-Bhéarla riachtanach i rialtas na nGall.

Tá a lán scéalta béaloidis ann a thugann le fios go raibh an Ghaeilge go paiteanta aige, agus é sásta úsáid a bhaint aisti mar theanga rúnda. San am céanna, bhí sé den tuairim go raibh an Béarla ní b'úsáidí agus ní b'oiriúnaí don tsochaí chomhaimseartha a bhí ag forbairt agus ag dul chun tionsclaíochta, agus é ag tabhairt le fios gur rud maith, nó rud nádúrtha ar a laghad, a bheadh ann dar leis féin dá rachadh an Ghaeilge in éag.

Bhí an dearcadh seo ag teacht leis an aisling a bhí aige i gcúrsaí eile freisin: dúirt sé go hoscailte go raibh sé ag teastáil uaidh "Briotanaigh thiar" nó West Britons a dhéanamh de na Gaeil - is é sin, daoine a mbeadh cearta sibhialta, teanga agus cultúr na Sasanach acu.

Scéal tipiciúil béaloidis faoin gConallach agus an Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneacháin, Luimneach
masc mairbh, 1847

Fuair Dónall Ó Conaill cuireadh dinnéir i Londain agus cuireadh nimh ina chupán. Ach bhí cailín ó Éirinn ann agus bhí Gaeilge aici. Bhí a fhios aici go raibh an nimh curtha ina chupán agus theastaigh uaithi gaoth an fhocail a thabhairt do Dhónall. Bhí Dónall ann agus é ar chlíothán an bhoird, agus tháinig an cailín agus gach aon ní aici á chur ar an mbord i gcóir an dinnéir; agus bhí stíobhard ag socrú an bhia - a phláta féin agus a chupán féin aige á chur ar a aghaidh amach. Ghabh an cailín isteach agus labhair sí:

"A Dhónaill Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaeilge?"

"Tuigim go maith í, a chailín ó Éirinn."

"Tá nimh i do chupán a mharódh na céadta!"

"Maith tú, a chailín, is tabharfaidh mé spré duit."

Thóg sé a chupán féin agus chuir sé anonn é go tiubh agus thóg sé cupán eile. Maraíodh fear eile ansin ina ionad féin.[14][15]

Béarlóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir go ndeachaigh na sluachruinnithe seo go mór mór i gcion ar mhuintir na hÉireann chomh maith le hilmheáin (nuachtáin) na linne, ach lenár linn féin, is minic a fuair lucht athbheochana na Gaeilge locht ar an gConallach, ó nach labhraíodh sé ach Béarla le lucht a éisteachta, fiú in Iarthar na hÉireann, áit nach raibh "léann ná Béarla" ag an gcuid ba mhó den chosmhuintir ag an am.

Is é an míniú is minicí a thugtar ar an mBéarlóireacht seo ná go raibh sé ag díriú ar na nuachtáin[tagairt?]. Is é sin, ní raibh gá leis an nGaeilge, ó bhí na Gaeilgeoirí bochta ag tacú leis cheana féin, ach san am céanna, bhí gá leis an mBéarla, ó chaithfeadh sé lucht léite na nuachtán a chur ar athrú comhairle faoi chúis na gCaitliceach. Ba é oighear an scéil, áfach, ná gur thosaigh cainteoirí dúchasacha na Gaeilge ag ceapadh gurbh é an Béarla teanga na polaitíochta, ó nach raibh ach Béarla á labhairt ag fear a n-ionadaíochta féin.

Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Uí Chonaill, le John Henry Foley

Bás agus Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bás san Iodáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig encephalomalacia nó maolú inchinne air. Bhí Ó Conaill ar a bhealach go dtí an Róimh sa bhliain 1847 nuair a fuair sé bás i Genoa. Bhí sé 71 bliain d'aois. Cuireadh a chorp san uaigh i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athchóiriú chóras na deachúna a ghearrtaí ar dhaoine nach raibh ina mbaill d'Eaglais na hÉireann chun tacú léi, agus Aisghairm an Aontais idir Éire agus an Bhreatain Mhór, an dá chúis mhóra polaitíochta ar thug sé fúthu. D'éirigh leis sa chéad cheann go pointe áirithe ach theip ar an dara feachtas

Burdett, Peel, an Conallach agus Wellington "in aghaidh an Bhunreachta" (an Bunreacht 1688 ar an úrlár)

Bhí tuairimí polaitíochta forásacha ag an Conallach, den chuid is mó, go mór mór maidir le ceisteanna domhanda ar nós chealú na sclábhaíochta, nó le ceisteanna intíre ar nós an leasaithe thoghchánaigh pharlaimintigh. Mar sin féin, baineadh an bonn ón gcáil a bhí air mar cheannaire an náisiúin, dar le daoine áirithe toisc go raibh sé eascairdiúil le gluaiseacht na gceardchumann a bhí ag teacht chun cinn, dar le daoine eile toisc go raibh sé i gcoinne na láimhe láidre (nó foréigean) mar bhealach le saoirse na hÉireann a bhaint amach, agus i gcoinne nasc na hÉireann le Coróin na Breataine a bhriseadh.

Ós rud é gur mheasc sé an daonlathas agus an Caitliceachas, agus go raibh suim aige i gceisteanna polaitíochta ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, ceaptar go forleathan gur réamhtheachtaí de chuid an Daonlathais Chríostaí a bhí ann.[16]

Fuascailteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó chaith an Conallach dúthracht a shaoil ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach do na Caitlicigh, tugtar an Liberator air as Béarla. Is é an gnáth-théarma Gaeilge a úsáidtear inniu leis an Liberator a aistriú ná an Fuascailteoir, ach deir Ríonach Uí Ógáin ina leabhar faoin gConallach i mbéaloideas na hÉireann, Immortal Dan, gurbh é an Saoirseoir an leagan is minicí a bhíonn sa bhéaloideas, mura mbaintear úsáid as an bhfocal Béarla scun scan. Tugtar an 'Great Agitator' freisin air, a bhféadfaí an Gríosóir Mór a thabhairt i nGaeilge air.

Spreag tuairimí agus éachtaí Uí Chonaill daoine ar fud na cruinne, ina measc Mahatma Gandhi (1869–1948) agus Martin Luther King (1929–1968).

Ardeaglais, Melbourne

Dúirt William Makepeace Thackeray (1811–1863) leis: “you have done more for your nation than any man since Washington ever did.”

  • Dar le William Gladstone (1809–1898), ba é an Conallach “the greatest popular leader the world has ever seen.”
  • I litir chuig Madame Hanska scríobh Honoré de Balzac (1799–1850) “Quatre hommes auront eu une vie immense : Napoléon, Cuvier, O’Connell et je veux être le quatrième. Le premier a vécu la vie de l’Europe; il s’est inoculé des armées! Le deuxième a épousé le globe! Le troisième s’est incarné un peuple!”[17]
  • Dar le Jean-Henri Merle D’Aubigne (1794–1872), ba é Dónall Ó Conaill an t-aon fhear amháin a raibh cumhacht mar chumhacht Martin Luther aige.
  • Scríobh William Grenville (1759–1834) “history will speak of him as one of the most remarkable men that ever lived.”

Tugtar Sráid Uí Chonaill ar na príomhshráideanna i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach agus ar shráideanna i roinnt bailte eile in ómós dó.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síniú 1835

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh, 1829 https://en.wikipedia.org/wiki/Roman_Catholic_Relief_Act_1829
  2. Ríonach uí Ógáin. "An Rí gan Choróin (An Clóchomhar / CIC) ISBN 978-19068830-02-7". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-11. Dáta rochtana: 2021-05-15.
  3. Gaye Shortland. "Dónall Ó Conaill Fuascailteoir - leabhar do pháistí (Poolbeg) 9781781998588" (ga). Dáta rochtana: 2021-05-15.
  4. An tAthair Antaine Ó Duibhir (1967). "Dónall Ó Conaill (Oifig an tSoláthair)" (ga). www.inannararebooks.com. Dáta rochtana: 2021-05-15.
  5. theirishstory.com. "Daniel O’Connell’s Childhood. – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-05-15.
  6. 6.0 6.1 6.2 Derrynane House. "Daniel O’Connell" (ga). Dáta rochtana: 2022-02-01.
  7. "Daniel O'Connell - Irish Biography". www.libraryireland.com. Dáta rochtana: 2021-05-15.
  8. Columba Iona. "Ireland in History Day by Day" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-05-04.
  9. "O’Connell vs D’Esterre Duel (1815)" (en). Ardclough Community Council (2013-02-01). Dáta rochtana: 2022-02-01.
  10. Partick Geoghegan. "Daniel's deadly duels" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-02-01.
  11. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  12. Oliver MacDonagh (1991). "O'Connell: The Life of Daniel O'Connell, 1775-1847" (as en). Weidenfeld and Nicolson. 
  13. "Daniel O Connell's Clontarf Meeting by Vincent Ruddy 11th November" (en). Love Clontarf. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  14. Leathanach a 315 sa leabhar: Seanachas ó Chairbre 1. Seán Ó Cróinín a thóg síos, Donncha Ó Cróinín a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1985. Caighdeánaíodh an sliocht seo le haghaidh na Vicipéide.
  15. Leathanach a 268 sa leabhar: O'Donnell, Jim, agus Seán de Fréine: Ciste Cúrsaí Reatha. An Foras Riaracháin, Baile Átha Cliath 1992.
  16. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  17. Lettre à Madame Hanska du 6 février 1844, Correspondance intégrale réunie et annotée par Roger Pierrot, Garnier, Paris, 1960-1969, 5 vol. t.IV (1840-avril 1845), p.205.
  18. Caoimhín Ó Danachair (1974). "Dónall Ó Conaill I mBéalaibh na nDaoine". Studia Hibernica (14): 40–66. ISSN 0081-6477. 
  19. Ríonach Ní Fhlaitheartaigh (1975). "Dónall Ó Conaill in Amhráin na nDaoine". Comhar 34 (8): 10–12. doi:10.2307/20553720. ISSN 0010-2369.