Mahatma Gandhi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMahatma (en) Aistrigh
Mahatma Gandhi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(gu) મોહનદાસ ગાંધી
2 Deireadh Fómhair 1869
Porbandar (Réimeas Briotanach)
Bás30 Eanáir 1948
78 bliana d'aois
Gandhi Smriti (Tiarnas na hIndia)
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaRaj Ghat and associated memorials (en) Aistrigh 28°38′29″N 77°14′54″E / 28.6415°N 77.2483°E / 28.6415; 77.2483 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachAn pobal Gúisearátach
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity College London - dlí (1888–)
Ardscoil Alfred (–1877)
Ósta an Teampaill Istigh
Samaldas Arts College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLondain
an India
an Afraic Theas
Teanga dhúchaisAn Ghúisearáitis
Airde164 cm Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Dath súileDúdhonn
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht agus dlí-eolaíocht
Gairmpolaiteoir, daonnúlach, údar cuimhní cinn, gníomhaí ar son cearta sibhialta, gníomhaí síochána, scríbhneoir, réabhlóidí, saineolaí dlí, eagarthóir nuachtáin, dírbheathaisnéisí, abhcóide, scríbhneoir aistí, scríbhneoir polaitiúil, fealsamh, iriseoir, trodaí ar son na saoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1893 –
Ball de pháirtí polaitíochtaComhdháil Náisiúnta na hIndia Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtNeamhfhoréigean agus an feoilséanadh
Mac/iníon léinn de chuidShrimad Rajchandra
Mac/iníon léinnVinoba Bhave
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghúisearáitis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtMáirseáil an tSalainn (1930)
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileKasturba Gandhi (1883–1944), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHarilal Gandhi, Ramdass Gandhi, Manilal Gandhi, Devdas Gandhi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairKaramchand Uttamchand Gandhi  agus Putlibai Karamchand Gandhi
SiblínRaliatbehn Gandhi, Muliben Gandhi, Pankunvarben Gandhi, Laxmidas Karamchand Gandhi agus Karsandas Gandhi
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Mahatma Gandhi (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0003987 iTunes: 539416748 Last fm: Mahatma+Gandhi Musicbrainz: b0b244dd-b976-4dc4-ba7a-a394da724de0 Discogs: 295064 Allmusic: mn0001926419 Find a Grave: 22952 Cuir in eagar ar Wikidata

SíochánIndiach ab ea Mohandas "Mahatma" Gandhi[1] (2 Deireadh Fómhair 186930 Eanáir 1948), ar a dtugtar Mahatma Gandhi de ghnáth. Cuimhníonn muintir na hIndia air mar athair an náisiúin. Chuaigh Gandhi i mbun feachtais síochánta chun saoirse na hIndia a bhaint amach ó Impireacht na Breataine sa chéad leath den fhichiú haois.[2][3]

Gandhi (ar dheis) i Laxmidas, 1886 lena dheartháir

Mar cheannaire ghluaiseacht an neamh-chomhoibrithe is mó a bhí aithne air, áfach. B’éard a bhí i gceist leis an ngluaiseacht seo ná baghcat a dhéanamh ar an uile ní a bhain le hImpireacht na Breataine san India.

mac léinn i Londain sna 1890idí

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba as teaghlach meánaicmeach dó. Ba dhlíodóir é.

Chuir a mhuintir go dtí Londain é sa bhliain 1888. le gabháil don Bharra. Bhí Gandhi ina mhac léinn sa Teampall Laistigh. Sa bhliain 1891, glaodh chun an Bharra air.[4]

1895

An Afraic Theas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is beag rath a bhí ar a dhlíodóireacht san India agus chuaigh Gandhi ar imirce go dtí an Afraic Theas sa bhliain 1893, tír inar lonnaigh sé ar feadh breis is scór bliain.

Gandhi ag caitheamh "Satyagrahi" san Afraic Theas, 1913-1914
Gandhi agus a bhean sa bhliain 1902

Chuir Gandhi go mór i gcoinne na cinedheighilte. Bhí tionchar ag a chuid oibre mar dhlíodóir i bPretoria ar an bpáirt a ghlac sé agus é ina príomhurlabhraí ar son an phobail Indiach san Afraic Theas agus nuair a sheas sé go daingean in aghaidh an leithcheala orthu. Ach rinne sé é sin gan foréigean a úsáid.

D'eagraigh sé na feirmeoirí is boichte chun seasamh ar son a gcearta féin. Cuireadh i bpríosún é ceithre uair san Afraic Theas.[5]

D'fhorbair na blianta a chaith Gandhi san Afraic Theas a chuid scileanna san eagrúchán, sa phoiblíocht agus san idirbheartaíocht, mar a thaispeáin sé mar cheannaire na troda ar son na saoirse náisiúnta in India.[4] Chuidigh a chuid oibre mar dhlíodóir agus mar ghníomhaí le linn na tréimhse sin lena thuairimí polaitíochta, sóisialta agus fealsúnachta a mhúnlú, dearcadh a stiúir a ról i saol an phobail tar éis dó filleadh ar an India sa bhliain 1915.

India[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Gandhi ar ais chun na hIndia sa bhliain 1915 agus thosaigh sé láithreach ag iarraidh cearta sibhialta agus neamhspleáchas na hIndia a bhaint amach do na hIndiaigh.

‘Neamh-chomhoibriú neamhfhoréigneach’ a mhol Gandhi dá lucht leanta. Cos i dtaca agus cur le chéile gan dul i muinín na láimhe láidre a bhí i gceist leis seo; do leiceann eile a iompú chuig fear do bhuailte seachas é a bhualadh ar ais. An aidhm a bhí ag an ngluaiseacht ná an bonn a bhaint de Rialtas Shasana, diaidh ar ndiaidh, agus rialtas dúchais nó Swaraj[6] a bhunú.

Chreid Gandhi nach mbeadh de thoradh ar an lámh láidir ach go gcuirfí moill ar neamhspleáchas na hIndia agus gurbh fhearr an bua a fháil le ‘fórsa an anama’ nó ‘cumhacht na fírinne’. ‘Beithíoch morálta, intleachtúil an duine; bíodh an mhoráltacht agus an intleacht mar armlón aige’, a dúirt sé.

Máirseáil an tSalainn, 1930

‘Má tá fuil le doirteadh sa tír seo, bíodh ár gcuid fola féin i gceist. Más é toradh an cheangail seo leis an mBreatain nach bhfuil meas againn orainn féin, mar dhaoine ná mar mhuintir, tá dualgas orainn an ceangal sin a bhriseadh’, a dúirt sé.

Thréig na céadta míle na scoileanna, na coláistí agus na hollscoileanna, agus bunaíodh institiúidí oideachais náisiúnta. Rinneadh ábhar éigeantach den Hindustani agus múineadh an fhíodóireacht do dhaltaí agus do mhic léinn

gach lá, i dtreo is go bhféadfaidís a gcuid cadáis féin a tháirgeadh, seachas bheith ag brath ar earraí Shasana.

Físeán, Máirseáil an tSalainn, 1930

D’éirigh le Gandhi na milliúin a thabhairt leis, beag beann ar chreideamh, ar inscne ná ar aicme. Go deimhin, lá de na laethanta, dhiúltaigh sé labhairt le slua a bhí roimhe nó gur tugadh cuireadh do na ‘daoine seachanta’, na Dalits, a bheith i láthair chomh maith. B’ionann an dream sin agus lobhair san anallód agus ní raibh aon mheas orthu i measc an phobail. Ba le linn Máirseáil an tSalainn a tharla an eachtra seo, máirseáil arb é ba chuspóir léi ná athshealbhú a dhéanamh ar shalann na hIndia.

Má tháinig críochdheighilt na hIndia salach ar an aisling a bhí ag Gandhi don tír, d’éirigh leis na Sasanaigh a dhíbirt aisti sa deireadh thiar.[3]

Gandhi agus a cara Rajkumari Amrit Kaur i Simla, 1945

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hiondúch ab ea Gandi a d’fhéach le sócúlacht an tsaoil a sheachaint, agus a staon de bhia cuid mhaith d’fhonn soiléire intinne agus anama a fháil, faoi mar a chreid sé féin.[3]

Chuir Gandhi "brahmacharya"[7] i ngníomh, nó sin a mhaígh sé. Ach dúradh gur chodail sé le mná agus cailíní óga.[8]

Gandhi agus a namhaid, Ali Jinnah, 1944

Saol simplí a bhí ag Gandhi, is cosúil. Dhéanadh sé a éadaí féin, chaitheadh sé an seál traidisiúnta darb ainm 'dhoti' agus d’itheadh sé bia glasránach (rud atá an-coitianta in India). Uaireanta staonadh sé ó bhia ar feadh tréimhsí fada ar chúiseanna creidimh nó chun agóid a dhéanamh.

Gandhi agus Madeleine Slade ar an S.S. Rajputana, 1931

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain India an neamhspleáchas sin amach ón mBreatain sa bhliain 1947. Maraíodh Gandhi an bhliain dár gcionn i nDeilí Nua.

In India, tugtar Athair an Náisiúin ar Gandhi. Gach bliain san India, ar a lá breithe, déantar comóradh ar "Gandhi Jayanti" agus is lá saoire náisiúnta é.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí bealach Gandhi bunaithe ar mheas a bheith á léiriú ag daoine ar a chéile.[9] Is mithid dhá mhantra shainiúla a fhógairt arís go forleathan, is dócha: Mahatma Gandhi: “Earth provides enough to satisfy every man's need, but not every man's greed.”[10]

Gandhi i Londain sa bhliain 1931.

Cé gur dhiúltaigh Gandhi tacú leis na Sasanaigh sa Dara Cogadh Domhanda, scríobh sé alt san iris Colliers i Meitheamh na bliana 1943 (‘I still believe in non-violence’), ag míniú cén fáth ar chreid sé go bhféadfaí Hitler a chloí gan an lámh láidir a fhostú.[3] Dar leis go raibh an Eoraip loite ag an gcaipitleachas agus ag an míleatacht impiriúlach agus gurbh fhearr gníomhartha brúidiúla a fhágáil faoi fhir bhrúidiúla seachas aithris a dhéanamh orthu.

‘Nuair a bhíonn éadóchas orm, cuimhním i gcaitheamh na staire gur bhuaigh bealach na fírinne agus bealach an ghrá i gcónaí. Bhí dúnmharfóirí agus aintiarnaí riamh ann, agus an chuma ar an scéal tamall nach bhféadfaí iad a chloí. Ach titeann siad sa deireadh. Smaoinigh air sin, i gcónaí.’

Tionchar idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mórán samplaí ann de ghluaiseachtaí náisiúnta a raibh tionchar ag Gandhi orthu. Bheartaigh sé feabhas a chur ar shaol na ndaoine gan foréigean a úsáid agus é i gcónaí ar son na fírinne.

D'imir taithí Gandhi tionchar mór ar Martin Luther King agus ar ghluaiseachtaí éagsúla idirnáisiúnta.

Gandhi agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an-suim ag Gandhi i gcúrsaí in Éirinn ar feadh a shaoil.

glóiriú inniu - dealbh i Maidrid - Plaza Joan Miró

B'eiseamláir é Gandhi do V. V, Giri, a tháinig go dtí Baile Átha Cliath, COBÁC agus Óstaí an Rí sa bhliain 1913 chun an dlí a dhéanamh.[4] Sa bhliain 1916 glaodh chun Bharra na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar Giri agus bhí saol oibre fada aige san India mar cheardchumannaí, polaiteoir agus seirbhíseach poiblí, arbh é Uachtaránacht na hIndia (idir 1969 agus 1974) a bhuaicphointe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. मोहनदास करमचन्द गांधी nó Mohandas Karamchand Mahatma Gandhi
  2. Sa chnuasach cumasach dátheangach seo Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse tugann na filí ar thuras draíochta trí shaol Gandhi agus stair na hIndia. (2019). "Gabriel Rosenstock & Masood Hussain: Walk with Gandhi, Bóthar na Saoirse - The Culturium -" (ga/en). The Culturium. Dáta rochtana: 2021-01-30.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Kevin Hickey (2017). "‘Leis an ngrá a bhíonn an lá sa deireadh’ – comhairle thráthúil Gandhi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-30.
  4. 4.0 4.1 4.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Gandhi" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-30.
  5. "GANDHI THE PRISONER | South African History Online". www.sahistory.org.za. Dáta rochtana: 2021-01-30.
  6. "Swaraj" (as en) (2021-01-10). Wikipedia. 
  7. "Brahmacarya" (as en) (2021-01-28). Wikipedia. 
  8. Vinay Lal (2000). "Nakedness, Nonviolence, and Brahmacharya: Gandhi's Experiments in Celibate Sexuality". Journal of the History of Sexuality 9 (1/2): 105–136. ISSN 1043-4070. 
  9. cogg.ie. "Gaeilge na Sraithe Sóisearaí". Dáta rochtana: 2021.
  10. Pól Mac Cana (26 Lún 2008). "Gaelscéal". Dáta rochtana: 2021.