Máirseáil an tSalainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMáirseáil an tSalainn
Íomhá
Cineálgníomhaíocht dhíreach
tax resistance (en) Aistrigh
agóid neamhfhoréigneach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1930 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Meán cumarsáide

Tharla Máirseáil an tSalainn, nó Dandi Satyagraha, san India le linn 12 Márta - 5 Aibreán 1930, Sheol an gníomhaí síochána, Mahatma Gandhi "satyagraha" i gcoinne na gcánacha ar shalann a bhí i bhfeidhm. D'fhág an mháirseáil Ahmedabad ar 12 Márta, agus shiúil Gandhi agus a lucht leanúna 400 ciliméadar go dtí Dandi sa Ghúisearáit, áit a shroich siad ar 5 Aibreán 1930.

Máirseáil an tSalainn, 1930

Shiúil na mílte Indiach in éineacht le Gandhi chun na farraige, mar ghníomh dúshlánach in aghaidh Rialtas na Breataine. Ba é ba chuspóir leis an Mháirseáil ná athshealbhú a dhéanamh ar shalann na hIndia do mhuintir na hIndia.[1]

Bhí Gandhi ag iarraidh cearta sibhialta agus neamhspleáchas na hIndia a bhaint amach do na hIndiaigh. Chuir an Bhreatain breis agus 60,000 duine i bpríosún mar thoradh air.[2] Ach bhí an feachtas 'Satyagraha' i measc na bhfeachtas ba rathúla maidir le smacht na Breataine ar an India a laghdú

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Kevin Hickey (2017). "‘Leis an ngrá a bhíonn an lá sa deireadh’ – comhairle thráthúil Gandhi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-30.
  2. "Salt March: Definition, Date & Gandhi - HISTORY" (en). History.com. Dáta rochtana: 2023-04-05.