Críochdheighilt na hIndia
Cineál | cogadh cathartha críochdheighilt |
---|---|
Dáta na bliana | 15 Lúnasa 1947 |
Suíomh | an Réimeas Briotanach, Impireacht na Breataine |
Tír | an Réimeas Briotanach, an India agus an Phacastáin |
Cúis | two-nation theory (en) Indian Independence Act 1947 (en) |
Líon básanna | 1,000,000 |
Codanna | |
Tharla Críochdheighilt na hIndia ar an 14/15 Lúnasa 1947, nuair a deighleadh fo-chríoch na hIndia[1] ina dhá thír nua, 'Tiarnas Phacastáin'[2] agus 'Tiarnas India'.[3] Bhí an tír faoi riar na Breataine go dtí sin, ach tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach go gasta sa bhliain 1947, agus an tír ag titim as a chéile. Tugadh Stádas Tiarnais do na tíortha nua.[4]
Níor éirigh go maith leis an chríochdheighilt; tharla sléacht as éadan. Maraíodh b'fhéidir 1-2 milliún faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh, agus 'glanadh eitneach' ar an dá thaobh.[5]
Tharla trasimirce ollmhór, imirce éigeantais; bhí 15 milliún easáitithe as a gcuid tithe, b'fhéidir, an imirce is mó riamh i stair an domhain.[6][7]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir a chéile, le linn na 1920idí - 1940idí, mheall coincheap na Pacastáine — stát ar leith le haghaidh na Moslamach san Áise Theas — an Conradh Moslamach, páirtí pobalach a bhí ann. Chuaigh an t-intleachtóir, Sir Muhammad Iqbal agus a chuid smaointí i bhfeidhm go mór air.
Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chonradh na Moslamach. Ghríosaigh óráidí Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil go raibh tromlach millteanach na Moslamach i bhfabhar na Críochdheighilte i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.
Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne aon phlean a dheighlfeadh an India ina dhá thír ar leith. Ach tá staraithe den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic.
Bhí an chuma air gur léirigh torthaí na dtoghchán don Tionól Bunreachta sa bhliain 1946 go raibh an ceart ag Jinnah ina sheasamh, ós rud é gur bhuaigh Conradh na Moslamach gach suíochán a coinníodh do thoghthóirí Moslamacha. Ghéaraigh Jinnah ar an éileamh a bhí á dhéanamh aige, ionas gur éiligh sé stát lán-neamhspleách lán-cheannasach, scoite ón India.
Nuair a shocraigh rialtas na Breataine go dtarraingeodh sé siar go tapa ón India i 1947, bhí Jinnah agus an Conradh in ann a gcuid éileamh a dhaingniú, i mí Lúnasa na bliana sin. Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, in éineacht le Hiondúigh agus le Suícigh. Ach bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí ag an am céanna. Bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947. Tharla sléacht as éadan; maraíodh b'fhéidir milliún faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an nimh san fheoil ag an India agus an Phacastáin dá chéile ó 1947. Tharla armrás ar feadh na mblianta agus iomadú na ndiúracán balaistíoch.
Tháinig críochdheighilt na hIndia salach ar an aisling a bhí ag Mahatma Gandhi don tír.[8]
Ceiliúrtar Lá na "Saoirse" sa Phacastáin inniu ar an 14 Lúnasa gach bliain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Midnight's Children (scannán) le Deepa Mehta (2012)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Indian subcontinent" (as en) (2021-08-12). Wikipedia.
- ↑ An Phacastáin, Oirthear agus Iarthar, ach deighleadh An Phacastáin ina dhá thír níos déanaí ... tháinig an Bhanglaidéis ar an bhfód sa bhliain 1971
- ↑ Trócaire / developmenteducation.ie (2013). "Fócas ar an Inida". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Dominion" (as en) (2021-08-03). Wikipedia.
- ↑ Condé Nast (2015-06-21). "The Mutual Genocide of Indian Partition" (en-US). The New Yorker. Dáta rochtana: 2021-08-14.
- ↑ Jeffrey Hays. "PARTITION OF INDIA AND PAKISTAN | Facts and Details" (en). factsanddetails.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-15. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ NY Times, URVASHI BUTALIA. "The Other Side of Silence / Voices From the Partition of India REVIEW". archive.nytimes.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ Kevin Hickey (2017). "‘Leis an ngrá a bhíonn an lá sa deireadh’ – comhairle thráthúil Gandhi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-14.