Suíceach

An Nishan Sahib, bratach oifigiúil na Suíceach

Suíceach os comhair Har Mandir Sahiban nó an Teampall Órga
Is éard is Suíceach ann (Puinseáibis: ਸਿੱਖ, sikkh) ná duine de lucht leanúna an Shuíceachais (Sikhi i Puinseáibis). Tháinig an Suíceachas chun cinn sa 16ú haois sa Phuinseáib. Anois is ceann amháin de na mór-reiligiúin é, le lucht leanúna ar fud an domhain.
D'eascraíodh an téarma "Suíceach" ón bhfocal Sanscraiteach "śiṣya", a chiallaíonn "deisceabal, foghlaimeoir", nó b'fhéidir ón bhfocal "śikṣa", a chiallaíonn "teagasc".